Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-09-23

Duinnín daonnachtaí ag réiteach cruacheisteanna

Bhí sé d'ádh orm go raibh faill agam freastal ar sheoladh 'Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg' a bhí ar bun oíche Luain i gClub an Chonartha. Slua measartha beag a bhí ann agus Liam Mac Con Iomaire ag déanamh an chúram go paiteanta mar is dual dó. Dá iníon Nuala atá an imleabhar seo tiomnaithe ag Biddy Jenkinson - is í Nuala a bhí mar bean glúine don smaoineamh Duinnín a chuir ag bleachtaireacht, nuair a d'iarr sí scéal ar Bhiddy don iris Blaiseadh. Cuid dá saothar cheannródaíoch don mBéal Binn ab ea an iris.
Thug Liam spléachadh ar an saothar dúinn, agus tharraing as a stór eolais agus grinn in óráid bhreá. D'fhoghlaim mé go raibh Dinneen tugtha don imeartas focal agus don ghreann. Samhlaím é ina leaba i measc naomh na nGael ag baint ana sult as an saothar seo, á chreathadh ag rachtanna sona gáire. Tá an leabhar slogtha ina iomláine agam faoi seo. Tá sé ar maos le ghreann, focalbhá, béaloideas agus nathaíocht.  Castar pearsan mór le rá, fíor agus bréagach sna leathanaigh seo: Arsène Lupin, Biddy Mulligan agus gan amhras Searbhlach de Hoilm. Cé gur ag bleachtaireacht atá Dinneen sna scéalta, ní bhíonn coir - de réir dlí pé scéal é - i gceist i gcónaí, agus ní bhíonn gabhadh mar thoradh. Ag réiteach fadhbanna daonna is mó a chíonn muid é, agus é thar a bheith tuisceanach don lag. Go deimhin sílim gur mó cleamhnas ná triail atá mar thoradh ar a ghníomhaíochtaí - uaireanta dá ainneoin féin.
Tá clúdach álainn (féach thuas) deartha ag Cliona Cussen don leabhar, agus é léirithe le grianghraif chliste,  mar dhea gurbh de Ua Duinnín agus na carachtar iad. Luaitear na grianghraif ar an fordhuilleog ag gabháil buíochas don duine - anaithnid faraor - a d'fhéach chuige go raibh siad ar fáil don leabhar. Tríd síos tá tagairtí oiriúnacha dá fhoclóir - go hiondúil mar réamhrá do scéal, mar a bhí sa chéad leabhar.

Éacht eile. Fúm imleabhar a haon a athléamh anois, agus nára fad uainn imleabhar a trí!

Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg
Biddy Jenkinson
Coiscéim 2011
286 lth.