16 September 2011

Íosa Nazórach, Imleabhar II

Tá an dara imleabhar de sraith Josef Ratzinger ar Íosa Críost léite anois agam. As Gearmáinis an babhta seo - tá níos mó muiníne agam as leagan Gearmáinise, gan dul sa bhfiontar ar saothar aistritheora! Cé gur chuir an foilsitheoir Pápa Benedict XVI mar údar ar chlúdach an leabhair, déanann sé féin soiléir ina réamhrá don gcead eagrán nach saothar le údarás na hEaglaise atá ann, ach tuairimí phearsanta:
"Es steht jedermann frei, mir zu widersprechen. Ich bitte nur um jenen Vorschuss an Sympathie, ohne den es kein Verstehen gibt."

Níl bac ar aon duine mé a bhréagnú. Ní iarraim ach an réamhíocaíocht sin de chomhbhá atá riachtanach chun go mbeadh comhthuiscint ann.
Ach ó tharla gur toradh ar saol fhada de staidéir, machnamh agus urnaí na tuairimí,is mór is fiú é a léamh. Gan amhras, leabhar dóibh siúd a chreideann cheana atá ann - cothú do chreideamh seachas díonchruthú. Pléann an imleabhar seo leis an Seachtain Mhór - ó Dhomhnach na Pailme go dtí an Aiséirí. An rud is mó a chuirimse spéis ann ná an léargas a thugann sé ar na sleachta san sean Tiomna ar féidir iad a léamh mar fháistine ar an Pháis agus ar ról Íosa - mar a léiríonn a bheatha an caoi cheart leis an fáistine faoi Ghiolla an Tiarna agus faoin Meisias a léamh - mar a thagann na snáithe ar fad le chéile in Íosa. Mar Rí, ach le ríocht nach den saol seo í. (Eoi 18:36)
Is mór an chabair a leithéid de leabahir domsa - bím i gcónaí ag streachailt nuair a dhéanaim iarracht an sean Tiomna a léamh. 

8 comments:

ormondo said...

Is Gearmánach an Pápa, mar is eol.

Agus is dual do mhóramh na nGearmánach baint dhaingean a bheith acu leis an saol fírinneach réalach.

Mar sin, fíofraím díom féin an bhfuil léargas ar leith ag an bPápa seo ar an nasc idir an reiligiún agus an saol réadúlach?

aonghus said...

Bheadh seisean agus mise ar aon fhocal faoi nach bhfuil rud níos réadúla ann ná Briathair Dé; tharlódh sé áfach nach sin atá i gceist agat!

ormondo said...

Ar leibhéal éigin tá an ceart agat.

Ach cad mar gheall ar ghnóthaí suaracha na seachtaine taobh amuigh den Domhnach?

Tá teoiric agam (i ndáiríre, níl ann ach tuairim leathchruthaithe, b'fhéidir) nár oir an úrChríostaíocht don saol a tháiníg ann sna bailte móra agus sna cathracha sa Mheánaois agus gur chruthaigh daoine amhail Liútar na creidimh nua don lucht meánaicmeach chun córás smaoinimh agus creidimh a shóláthar dóibh siúd a raibh deis acu caighdeán maireachtála maith a bhaint amach ach an t-airgead a ghnóthú chuige.

D'oir an úrChríostaíocht do na daoine bochta (mar shólás agus mar dhóchas) agus do na daoine saibhre mar dhearbhú (mar bhíodar "ar Neamh" cheana féin) ach níor oir sé don dream a bhí idir dhá cheann na meá maidir leis an saibhreas agus a raibh ómós acu don airgead.

aonghus said...

Is mithid bheith Críostaí Domhnach agus Dálach. Maidir le Liútair, beidh an Pápa in Erfurt i gceann seachtaine nó mar sin - is cinnte go mbeidh rud éigin le dealramh le rá aige faoi!

ormondo said...

Na Caitlicigh i lár an néil, na Protastúnaigh i lár an tsaoil?

aonghus said...

Sin claondhearcadh a shíl mé bheith thart!

B'fhiú duit súil a chaitheamh ar seo http://www.vatican.va/holy_father/benedict_xvi/encyclicals/documents/hf_ben-xvi_enc_20090629_caritas-in-veritate_ge.html

ormondo said...
This comment has been removed by the author.
ormondo said...

Chaith mé súil air.

Thaitin an chéad alt dom thar na hailt a leanann.

Creid nó ná creid, ach is breá liom a bheith ag léamh sa Bhíobla Naofa (an leagan gaelach).

Samhlaím dom féin ar uairibh a bheith istigh i seaneaglais Ghotach agus duine ar an altóir ag léamh sleachta as an mBíobla (sa tseanteanga). Bheadh ceol oiriúnach de chuid Bach nó Palestrina le chloisteáil ag an am céanna agus é ag ardú na meanman.

Cén fáth nach gcuireann na heaglaisí a leithéid ar fáil don phobal? Táim cinnte de go mbeadh ráchairt mhór air seachas ar an gcaint leamh.