Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-09-08

Iriseoireacht Cló na Gaeilge, R.I.P?

Machnamh spreagtha ag alt Breandán Delap Blagadóireacht na Gaeilge, R.I.P.

Tá deacracht bunúsach ag iriseoireacht i ngach teanga agus i ngach áit. Is deacair airgead a dhéanamh as. Ceird is ea iriseoireacht; bíonn printíseacht i gceist, oiliúint, agus faobhar le cur ar uirlisí - meon aigne, réamheolas, agus thar rud ar bith eile teagmháil le foinsí - daoine a bhfuil an nod don eolach acu. Agus bíonn costas i gceist le sonraí a bhailiú, fiú in aois seo an idirlín mar a bhfuil cuid mór eolais ar fáil saor in aisce, ach an t-am agus an fuinneamh a bheith ag duine é a scagadh. Gan trácht ar an gcostas agus dua a bhaineann le iarratais faoi Achtanna um Saoráil Faisnéise.

Tá scil breise de dhíth ar iriseoirí na linne seo - ní mór dóibh bheith ina línseoirí oilte chomh maith.  Mura dtuigeann siad an idirlíon agus conas an fhírinne a scagadh as na sonraí, tá baol ann go dtitfidh siad i ngaiste - mar ar tharla, abair i gcás an peileadóra Masal Bugduv, nach raibh ann ach píosa spraoi, nó an cás níos dáiríre - ó tharla go ndeachaigh daoine i bpriacail toisc gur shíl siad "í" a bheith gafa ag na péas - "Cailín Aerach Damascaigh".

Mar sin, tá scil, oiliúint agus acmhainní de dhíth. Ní gnó d'amaitéarach atá ann.

Ins na mórtheangacha, bíonn dhá fhoinse maonaithe i gceist - ioncam ó fhógraíocht, agus ioncam ó díolaíocht. De réir mo thuiscint is ioncam fógraíochta is tábhachtaí go hiondúil. Agus ní mór an dá máistir seo a shásamh. Imní  lucht fógraíochta a chuir deireadh le News of the World. Is fíor gurbh fearg an phobail - adhainte ag na meáin in iomaíocht le News Corp - a ghin an imní sin. Ach is puint lucht fógraíochta a rinne an chinneadh.

Tá iriseoireacht sna mórtheangacha faoi bhrú ar an iliomad dóigh faoi láthair de bharr an idirlíon. Tá luach níos fearr le fáil, is cosúil, ag lucht fógraíochta ar líne, mar sin tá an foinse ioncaim sin ag dul i ndísc. Tá amhábhar na nuachta le fáil gan stró ar líne, i ciorcail ama atá de shíor ag éirí níos lú. Tá iriseoireacht an tsaoránaigh ag teacht chun cinn - tig le daoine a gcuid scéalta a fhoilsiú gan dul leis chuig doirseoirí na meáin, mar a bhíodh.

Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil feidhm le hiriseoireacht níos mó. Tá - níos mó ná riamh. Tá gá le scagadh, anailís, comparáid. Tá gá le foinsí nuachta ar féidir iontaoibh a chuir iontu - atá údarásach. Beidh chlaochlú i gceist, agus beidh údarás agus iontaofacht de shíor á cheistiú. (Agus is amhlaidh is fearr: cuimhnigh go bhfuil fhios againn anois gurbh duine sinsearach laistigh den FBI, a raibh cloch ina mhuinchille aige don Uachtarán Nixon, Deep Throat. Dlíonn údarás amhras, agus is mithid i gcónaí an cheist "Cui Bono?" a chuir.) Sampla amháin den gclaochlú seo ná Storyful, comhlucht atá ag iarraidh an nuacht a ghintear ar líne a scagadh agus a chíoradh.

Maidir le hiriseoireacht cló na Gaeilge, luíonn an bhróg air in áit eile. Ní raibh an pobal léitheoireacht mór - agus aonchineálach - go leor chun go mbeadh ioncam fónta ón bhfógraíocht le fada an lá; agus ní raibh an díolaíocht thar moladh beirte chomh fada céanna. Bhíodh thart ar 20,000 cóip á dhíol ag Inniu, más fíor. Níor chuaigh díolaíocht Foinse ná Lá thar an 5000 cóip, go bhfios dom. Níl figiúirí do Gaelscéal feicthe agam, ach bheadh ionadh orm mura bhfuil an creimeadh tar éis leanacht.

Mar sin, tá foinse eile airgid de dhíth - an deontas. Rud a chiallaíonn go bhfuil lámh ag maorlathaigh san scéal. Agus, anois agus an cúram leagtha ar Foras na Gaeilge, polaiteoirí. Drong máistrí sa bhreis ar gá fónamh dóibh. Dream nach bhfuil tugtha don forás, don iniúchadh, don gceistiú. Ní haon ionadh é mar sin go mbíonn planda lag an iriseoireacht imscrúdaithí plúchta ag driseacha an maorlathais!

Táimse im mo cheannaitheoir dílis nuachtán Gaeilge. Cheannaíonn Foinse & Lá lena ré. Ceannaím Gaelscéal. 

Bhíos ag ceannach Foinse Nua, agus an Indo saor in aisce leis - ach mothaím nach orm atá sé dírithe. Is maith ann é, agus an misean atá aige - an Ghaeilge a chuir ós comhair pobal leathan ar bhealach mealltacht, tarraingteach - á chomhlíonadh aige. Tá an moladh ag dul do Phádraig Ó Céidigh agus a chuid as an fiontar samhlaíoch seo. Is treise an moladh, ó tharla gur fiontar gnó, neamhspleách ó deontais agus maorlathas atá i gceist. Ach níl an cineál iriseoireachta dáiríre a shantaím le fáil ann.

Rinne Eoghan Ó Néill agus na ceannródaithe eile athiarracht leis an leagan cló de Nuacht24 - bhíos á cheannach sin ar feadh seal freisin.  Ach ní raibh rath a dhóthain ar an bhfiontar, agus tháinig deireadh leis. Tá obair mhaith fós ar bun ar an suíomh - is uaidh a fhaighim mór chuid eolais nuachta i nGaeilge. Ach ní bheinn ag bráth air chun mo riachtanais a shásamh.

Bíonn colúin den scoth san Irish Times. Ach is annamh go mbíonn siad tráthúil - seachas píosaí Alan Titley. Is aoir agus tráchtaireacht seachas anailís a bhíonn ar bun aige. Faighim lón machnaimh astú cinnte. Ach níl sásamh iomlán iontu.

Roinnt blianta ó shin, scríobh Breandán Delap ar Beo:
Ceann de na dúshláin is mó atá romhainn amach sna meáin Ghaeilge ná cultúr na hiriseoireachta imscrúdaithí a bhunú. Níl sé seo déanta go sásúil againn go fóill. Ar ndóigh is sórt paradacsa é an téarma seo sa mhéid is gur cheart go mbeadh sé de dhualgas ar gach iriseoir a bheith fiosrach.
Feictear dom nach bhfuil sin ag tarlú. Nó, má tá, is i ngan fhios domsa é. Ceannaím Gaelscéal ar mhaithe le colún nó dhó maith a bhíonn ann. Cuid mór den "nuacht" ann, bíonn an preasráiteas ar a bhfuil sé bunaithe faighte agam tríd an r-phost i bhfad roimhe, má tá spéis ar bith agam sa cheist.

Ach is fíor annamh píosa maith anailíse - nach ionann agus tuairimíocht - le léamh ann.

Níl fhios agam cén leigheas atá ar an gceist. Ach ní dóigh liom go mbeidh nuachtán atá spléach ar maorlathas agus deontas riamh réabhlóideach. Agus níl ciall ar bith le bheith ag súil le hamaitéaraigh a bheith ag líonadh an bearna. Ní féidir an cúram a chomhlíonadh mar caitheamh aimsire!

Agus sin mo racht go n-uige seo.