Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-09-26

Scíth mo throithe...

Radharc ar Ghleann Dá Loch ó thús na siúlóide
Chaith mé an deireadh seachtaine ag siúl Slí Chualann leis na Cnocadóirí. Bhí bus eagraithe chun muid a thabhairt chuig tús na siúlóide i nGleann Dá Loch, go moch maidin Satharn.  Ochtar déag againn a thosaigh amach ón gcarrchlós ann, ag tabhairt aghaidh ar an gcosán ó thuaidh. Dhreap muid suas tríd coill agus anuas arís chuig Abhann Gleann Log an Easa (táim cinnte go bhfuil ainm níos gonta ná sin air - ach níl sé agam). Tá droichead gleoite coise trasna na habhann. Suas in aghaidh na fána arís linn ag dreapadh "Paddock Hill" - a ghobann amach ón Scor, agus nach bhfuil ainm Gaeilge agam air. 
Fág an bealach, coinnigh isteach, tá SUV mór ag teacht!
 Bhí sos gairid againn ag an mboth a thóg an Meitheal Sléibhe ag Bearnas Brusher. Ar aghaidh linn ansin agus amach ar an mbóthar go Loch Deán. Rud suntasach go maith ar chonair a bhfuil foinsí uisce gann - bhí buacaire ar fáil & fógra chuige ar an mbóithrín sular tháinig muid amach ar an mbóthar mór. Bhí píosa le siúl againn ar an mbóthar - thart ar 4 km, trasna an droichead thar an Abhann Mór ag an Seandroichead. Tá ionad ag na gasóga gar don áit seo, agus bhí a lán tráchta ann toisc go rabhthas ag thabhairt gasóga óga ann! Níor bhain mé mórán taitneamh as an gcuid sin. D'fhág muid an bhóthar ansin ag trasnú coillte ag Baile na Fuinseoige
Ag glacadh scíth

Loch Té
Bhí lón againn ansiúd; bhí radharc bhreá againn ar taiscumar Fheartraí - bhí sé suntasach cé chomh híseal is a bhí an t-uisce ann. Bhí píosa eile le siúl ar an mbóthar againn, thar na "Pier Gates" agus ansin chuig leac cuimhneacháin J.B. Malone. Uaidh sin tá siúlóid ar chláracha go dtí gualainn Dioghas. Nílim ceanúil ar an gcuid seo den slí, atá siúlta cheana agam. Dreapadh mall seasta atá i gceist, agus ní thagann athrú ar an radharc - bíonn an cuma ar an scéal nach bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh ag duine! Is minic gaoth fuar feanntach ann, ach bhí an Satharn go deas agus is leoithne fionnuar a bhí ann (buíochas le Dia!). Timpeall ar an cnoc a théann an cosán ansin, agus síos go dtí an Deargail ós cionn Eas Cúirt an Phaoraigh. Tá dreapadh sách géar ón abhann suas go dtí an áit a chasann an cosán i dtreo siúlóid na hAille, agus radharc iontach uaidh ar an eas. Síos ansin tríd coill Crón, trasna Abhann Ghleann Crí i Leacan Darach go dtí gur shroich muid - ar deireadh! - an Brú ag Cnoc Crí. Ós rud é go raibh 30 km siúlta agus 950 m dreaptha againn, bhí muid tugtha go maith, agus fáilte dá réir roimh tae agus cith fholca! Bhí sé thart ar a sé nuair a bhain muid an brú amach, agus muid tosaithe ag siúl ag 9:30. Chuir foireann an bhrú féasta ós ár gcomhair ansin - mias de feoil agus cáise mar cúrsa tosaigh; ansin lasagne bhreá agus flúirse sailéid measctha. Mar sméar mullaigh bhí ciste saibhir agus uachtar reoite. Ansin thit muid tugtha tuirseach traochta i mo leaba! Maidin Domhnaigh i ndiaidh bricfeasta friochta a chuir muintir an bhrú romhainn, thug muid aghaidh go luath ar an siúl. Thosaigh muid amach ag dreapadh an cnoc taobh thiar den bhrú - muid ag siúl anois ar saothar eile de chuid an Meitheal Sléibhe - a rinneadh le cabhair ó roinnt de bhaill na gCnocadóirí a bhí i láthair!  Céimeanna eibhir agus  adhmaid. Go deimhin, ó tosaigh mise ag siúl sna cnoic seo (beagnach tríocha bliain ó shin!) tá ardú thar cuimse tagtha ar an líon daoine a bhíonn ag siúl. Agus de bharr gur dromchla portaigh is mó atá ar na cnoic, bheadh an creimeadh talún i bhfad níos measa murach an cothabháil a déantar ar na cosáin - cuid mhór de ag saorálaithe an Meitheal Sléibhe. Bhí píosa ar an mbóthar le siúl ansin ag Baile Mhic Thorcail sular thug muid aghaidh ar na cnoic arís ag dreapadh go Carraig na bhFiach agus Suí Liam.Síos isteach i nGleann Cuileann agus píosa fán mbóthar go dtí gur thrasnaigh muid an rinn deiridh idir muid agus Baile Átha Cliath ag Sliabh Thigh Bródáin. Bhí an cosán ana mhaith anseo. Is cuimhin liomsa (fiche bliain ó shin!) a bheith ag lapadaíl tríd puiteach anseo. Ach bhí cosán bhreá gainimh agus eibhir an bealach ar fad ann anois. Faoin am seo bhí mo chosa leonta, agus é ag stealladh báistí. Síos linn ansin go dtí Páirc Marley agus cupán caife a raibh ana fháilte agam roimhe! 20 km a bhí siúlta againn ó mhaidin agus dreapadh 650m sa mhullach ar sin. Thart ar a dó a bhaineamar Marlay amach.
Táim ana bhuíoch de Tom a bhí mar threoraí agus do Mharie a thug faoin eagrúchán. Cé go rabhas scriosta, bhí cuid mór den lucht orm féin as bheith ag iompar barraíocht! Sa mhullach ar sin, buataisí nua a bhí orm ó tharla gur thit an péire a bhí agam roimhe as a chéile ar Chnoc Bréanainn san samhradh.  Mar sin féin, tá an sásamh le baint as an siúlóid a bheith déanta!