Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-09-29

Scorach Siúlach scéalach

Chuir alt le Éilis Ní Anluain mé ar thóir saothar le Diarmuid Ó Gráinne. Tá  Brionglóidí Briste agam ar mo leabhragán áit éigin; is cuimhin liom é a léamh, ach ní cuimhin liom mórán faoi seachas nár thaitin sé liom!Níl mé baileach cinnte an ormsa an locht faoi sin, tá sé chomh fada ó léigh mé é. Ach spreag alt Éilise mé le dul sa tóir ar a shaothar arís, agus ó tharla gurbh leabharlann Bhré an foinse a bhímse ag tarraingt, agus atá luaite ag Éilis, bhí fhios agam go mbeadh rath ar an tóir. Chroch mé liom "An Traimp" agus cnuasach gearrscéalta "Céard a dhéanfas tú anois?" mar sin.

Thaitin An Traimp liom. Leagan níos dorcha de Dialann Deoraí, a mheabhraigh leabhar Orwell dom faoina chuid ama thíos leis an gcosmhuintir. Ina náibhí i Sasana, ag piocadh torthaí sa Fhrainc, ina ghiolla monarchan i Hamburg a bhíonn an laoch. An cuir síos ar fad i gcaint bheo créúil Gaeltachta. Spleodar agus fuinneamh na hóige agus na amhantraíochta ag lonrú fiú tríd an sclábhaíocht agus an chruatan.

Scéal eile ar fad na gearrscéalta; cé go raibh an chaint agus an cheardaíocht ar chomhchaighdeán leis an úrscéal bhí na scéalta féin duairc, lán de líon dubh. Collaíocht iontu ach é brúidiúil, aimrid, garbh, sa chaoi is gurbh éigniú a shamhlófá a bheith i gceist fiú nuair atá toiliú ann. Chaith mé i dtraipisí an leabhar.

Is ana scríbhneoir Ó Gráinne cinnte, agus is deacair caint bheo na Gaeltachta a shárú; earra atá aige agus máistreacht aige uirthi.  Ach nílim cinnte an féidir liom é a mholadh mar ábhar léitheoireachta! Fágaim fúibh féin an cheist! Tá sé i gceist agam súil a chaitheamh ar shaothar nó dhó eile dá chuid.