03 October 2011

3ú Deireadh Fómhair, 1990

Fiche haon bliain ó shin bhíos áit éigin i measc an slua seo ós comhair an Reichstag. Bhí scata againn díreach i ndiaidh post a thosú le AEG i mBeirlín. Chuaigh muid chuig an Reichstag, áit a raibh slua lúcháireach ag ceiliúradh  teacht i bhfeidhm an Conradh Ceathair móide Dó  ar rinne Beitrittsgebiet den Sowjetische Zone. "Fearann aontachais" de bhrí agus go raibh an Oirthear ag glacadh le bunreacht an Iarthar - bhí foráil chuige sin ann ó 1949.
Meas tú an mó duine a bhfuil póit air ó shin de bharr an cheiliúradh? Cé go bhfuil sé tamall ó bhíos i mo chónaí thall, tá amhras orm go bhfuil na teorainn sna cloigne sáraithe. Bhí forálacha sna socruithe nár chuidigh. Rückgabe vor Entschädigung, abair: an prionsabal go rabhthas chun réadmhaoin a thabhairt ar ais dóibh siúd ar choigistigh an Rialtas Cumannach uathu é. Chothaigh sin achrann agus éagóir - agus táillí dlí gan amhras. Bhí cúpla dream ag éileamh seilbh ar an teach ina raibh cónaí orainne i Prenzlauer Berg roinnt blianta in dhiaidh sin - an Jewish Claims Conference ina measc. Ach bhí a lán gnáth saoránaigh san Oirthear a raibh píosa beag talún faighte acu ón Rialtas go hionraic - ní raibh cead an talamh a cheannach - , agus a raibh allas, fuile agus grá curtha isteach ann acu le daichead bliain a fuair iad féin díbeartha de dheasca an dlí úd. Is cuimhin liom scéal amháin faoi polaiteoir áitiúil de chuid na Glasaigh a chuir lámh ina bhás fhéin de bharr an strus a bhain leis. Scéal eile anseo.
Bhí an Solidaritätszuschlag ann fosta: tobhach dlúthpháirtíochta atá íoc thoir agus thiar ó 1991 chun costas an athaontaithe a ghlanadh, mar dhea. Is minic Wessis dall ar an bhfíric go raibh daoine thoir á íoc freisin. Agus gurbh siar a chuaigh cuid mhór den airgead pé scéal é - maraon le taiscí muintir an Oirthear. Murach an athaontú, bhí geilleagar an Iarthar i bponc!
Níl fhios agam an bhfuil sé fós amhlaidh, ach le linn domsa a bheith ann bhí idirdhealú de bharr bunadh ar pá san seirbhís poiblí - ainneoin go raibh cuid mór Státseirbhíseach ag obair lámh ar lámh le daoine ón Oirthear - a bhí ar 60-80% den bpá don post ceanna.
B'iadsan áfach an dream a raibh ádh orthu - bhí post acu. Bánaíodh fearann mhóra san Oirthear - dífhostaíocht suas le 60%. Rud a ghin frustrachas. Bhrúcht an faisisteachas agus an ciníochas aníos as an frustrachas seo agus bhí na fir i cultacha ón Iarthar réidh le teacht i dtír air.

Mar sin féin, sílim gur dul chun chinn a bhí, agus atá, i gceist do mór chuid pobal an Oirthear, agus go bhfuil siad sásta go maith bheith ina saoránaigh den bPoblacht Chónaidhme.  

Ar nóta pearsanta, murach imeachtaí 1989 agus 1990, ní bheidh mo bhean casta orm. Gach seans nach mbeinn théis dul chun cónaithe i mBeirlín - bhí cuairteanna tugtha agam air roimhe agus níor thaitin an smaoineamh bheith dúnta isteach liom. Go deimhin, bhí mé ann i Meán Fómhair 1989. Thug mé cuairt lae ar an Oirthear. B'iad an iliomad fear faoi éide i mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Ní fhaca mé aon chomhartha go raibh an réimeas ar tí teip! (D'fhoghlaim mé ina dhiaidh sin go raibh mór chuid den dream faoi éide ar saoire - ach go raibh dualgas orthu an éide a chaitheamh!)

5 comments:

Mise Áine said...

@ níor thaitin an smaoineamh bheith dúnta isteach liom

Chreidfinn é sin, a Aonghuis, agus nach mór an trua na daoine a d'fhulaing mar gheall go raibh siadsan, nó daoine muinteartha
leo, 'dúnta isteach' ann ar feadh na mblianta... gan trácht ar na créatúir a dibríodh ina dhiaidh sin, gan locht orthu féin, mar a déarfá.

aonghus said...

Beirlín Thiar a bhí i gceist agamsa - ní rabhadar iomlán dúnta isteach, ach mar sin féin.

John said...

Bhabha, ba áit iontach suimiúil í Beirlín an uair sin gan amhras. Ar ndóigh tá stair na háite le léamh chomh soiléir ann fós i gcruth na cathrach. Is dócha an rud is suntasaí faoi, i gcodarsnacht leis an Róimh, abair, ná gur stair ár linne féin atá i gceist, eachtraí atá fós go mór in aigní na ndaoine, cosúil leat féin, a bhí ina gcónaí ann ag an am agus a chónaítear fós ann. Tá 'beocht' na staire le brath ann. Cuireann sé Havana i gcuimhne dom mar sin, agus coilm na réabhlóide le feiscint sna foirgnimh agus le cloisteáil ó mhuintir na cathrach sin fós.

ormondo said...

Bhíos i mBeirlín inniu, dála an scéil, agus bhíos ag caint le duine ón oirthear faoi chúrsaí. Is mór an drochmheas atá ag daoine ón oirthear fós ar an Treuhand.

aonghus said...

Agus cúis acu sílim.