09 October 2011

Cos ar bolg gan cluichí ná arán

Seoladh an leabhar 'An bhFuil Stacey ag Iompar?' le Tomás Mac Síomóin Déardaoin, agus bhí mé i láthair chun tairbhe a bhaint as an ngaois (agus an fíon, gan amhras). Tharla go raibh na gasúir amuigh mall aréir bhí faill agam an leabhar a chríochnú.
Aorscéal a thug Tomás féin ar an leabhar seo. Baineann sé feidhm éifeachtach as an coinbhinsiúin go bhfuil cáipéis aimsithe ag scoláirí faoi scéal éigin fadó. Sa chás seo tá na scoláirí ag féachaint siar ón mbliain 2517. Cuireann siad scéal tranglam aisteach tráchta ós ár gcomhair, bunaithe ar cháipéis a scríobh duine a bhí páirteach ann. Saol na linne seo in Éirinn atá i gceist. Fágann an coinbhinsiúin go dtig leis an údar an suíomh a chruthú tríd réamhráite léannta; go féidir léamha éagsúla, agus go deimhin dréachtaí éagsúla den scéal a bheith ann. Agus go dtig leis cuir leis an reacaireacht tríd Iarfhocail léannta chomh maith.
Baintear feidhm as an scéal chun aor ghéar a dhéanamh ar Éireann na linne seo, agus saol an Iarthar i gcoitinne. An ró bhéim ar phearsa siamsaíochta i gcláir teilifíse, cláir raidió ina nochtann daoine rúin agus ainmhianta, smailcbhia, agus cúl le cine agus cultúir.
Tarlaíonn eachtra diamhair éigin a fhágann reacaire an scéil sáinnithe i bplódú tráchta. Tugann an reacaire an Citreon ar féin; agus tá na pearsan eile ainmnithe freisin as a gcineál gluaisteáin.   Níl in ndán don bplódú tráchta ach bogadh siar agus aniar ar an bpaiste céanna bóthair  áit éigin i lár tíre na hÉireann. De réir a chéile bíonn treibheanna, paróistí gona dtaoisigh á mhúnlú faoi bhrú an éigean. Leánn an screamh tanaí sibhialtachta agus titeann na daoine in umar na barbarthachta. 
Fágann sin scóip iontach ag an údar cineálacha  éagsúla daoine a léiriú lena pheann grinn gléineach. Dúirt Tucholsky tráth faoin aorthóir 'Idéalaí maslaithe is ea an aorthóir. Is mian leis an Saol a bheith Maith; tá sé Olc, agus anois tugann sé fogha faoin Olc.'  Cáineadh géar ar saol tomhaltach éadomhain na linne is dual do Thomás, agus 'sæva Indignatio' aige ach go háirithe dóibh siúd a thréig nó a bhacann an Ghaeilge.
Thug sé rabhadh ag an seoladh go raibh caint gharbh san scéal, agus nach raibh sé feiliúnach dóibh siúd a bhfuil goile íogair acu. Is fíor dó. Tá mionnaí móra ann. Tá miangas agus collaíocht. Tá foréigean. Tá cac, pian agus bás. Ach is cuid orgánach den scéal iad. Níl siad ann ar mhaithe le bheith ann.
Bhí cúpla mionrud a chuir as don sa leabhar, ach sílim gur botúin eagarthóireachta thar rud ar bith eile a bhí gceist. Tugtar le fios gurbh iad Gearmánaigh an scothaicme nua, agus bíonn sleachta Gearmáinise thall is abhus san scéal - ach bhí focail ar lár nó mí litrithe coitianta sna sleachta sin.  

Thaitin an scéal liom. Ceannaígí agus léigí!

An bhFuil Stacey ag Iompar
Tomás Mac Síomóin
Coiscéim 2011.54

No comments: