Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-10-04

Fuil, cumasc agus bás i Meicsiceo

Chuir Tomás Mac Síomóin Gaeilge ar an úrscéal cháiliúil Pedro Páramo le Juan Rulfo roinnt blianta ó shin. Cé gur clasaic de chuid na Spáinnise an leabhar seo, caolseans go mbeadh sé léite agam murach Gaeilge a bheith curtha air! Tá smearadh Spáinnise agam ceart go leor, ach níl mó dhóthain chun saothar mar seo a léamh. Táim i bhfiacha ag Mac Síomóin mar sin as an lón intinne seo a chuir ar fáil dom.

Osclaíonn an scéal leis na reacaire ag triall ar bhaile dúchais a mháthair, ag comhlíonadh geallúinte a thug sé di agus í ag saothrú an bháis. Go rachadh sé ag lorg Pedro Páramo, a athair, más fíor. Tagann sé chomh fada leis an mbaile, Comala agus faigheann sé lóistín ó bhean. Ach diaidh ar ndiaidh tuigtear dó agus dúinn go bhfuil gach duine sa bhaile básaithe. Fearacht Cré na Cille, tagann reacairí eile chun cinn ag cur leis an scéal. Agus cloisimid scéal Phedro, agus a mhac Miguel, agus a gcuid bligeardachta. Feirmeoir mór is ea Páramo, atá brúidiúil ina ghnó le fir agus amplach sa tóir ar mhná. Ainneoin a chraos ban, tá grá éagmaiseach ag Pedro Páramo do bhean a bhfuil a meabhair caillte aici faoin am go n-éiríonn leis sealbh a ghlacadh ar a colainn.

Is beag nach féidir an fuil, an formad, ar fhoréigean, an miangas, an teas a bhlaiseadh san insint chumhachtach, reacaireacht na pearsan ag cruthú íomhá an frith laoich dúinn diaidh ar ndiaidh, agus a shaol ó tháinig sé i seilbh a oidhreachta, go dtí a bhás ag deireadh agus é tréigthe ag cách. Fite fuaite lena scéal, scéal muintir an bhaile agus an cléireach éadóchasach a mhothaíonn go bhfuil teipthe air mar shagart, é tar éis loic ar a phobal, díolta agus ceannaithe ag lucht rachmais. Pearsan eile freisin ann, iad lúbtha nó briste ag Páramo.

Léiriú cumhachtach ar chorbadh dhuine cumhachtaí ag leathnú amach agus ag scriosadh comhluadar.


Pedro Páramo
Juan Rulfo
Tomás Mac Síomóin d’aistrigh
Coiscéim 2008
160 lth.