06 October 2011

Gropiusstadt, 1987

Bloc ard árasáin. Sheas an t-aosánach ar an mbalcóin. Bloic eile thart air. Bóthar mór thíos faoi, deich n-urlár síos. Trácht trom. Bóthar caol díreach ar feadh achair. Ansin, balla. Deireadh. Lastall den mballa, cruithneacht go híor na spéire. Ach doshroichte. Doshamhlaithe dó; ach fíor.

5 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

bhí mo dheartháir ina chónaí sa Ghearmáin nuair a leag siad an balla. Thaisteal sé féin agus a bhean agus na páistí óga go Beirlín chun an domhan nua a fheiceáil. Creidim thú.

Dennis King said...

Dán próis, dea-scríofa. Feicim go bhfuil an áit níos glaise (anois, ar aon nós) ná mar a shamhlaigh mé ó na focail:

http://www.youtube.com/watch?v=oCWFtG1ZoXY

aonghus said...

Tá na crainn tar éis fás ó shin!

Tá sé glas go maith, cinnte ach do dhuine ó bhruachbhaile Átha Cliath is an stroighin a fecitear seachas na plásóga.

ormondo said...

Lán de lochanna agus de chrainn,nach ea?

aonghus said...

Ní sin an cuimhne atá agamsa air!