Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-10-02

Is deise boladh breá ná clingeadh boinn airgid

Thug Tadhg an seanfhocal thuas agus an leagan Briotáinise 'Gwelloc'h eo c'hwez vat evit trouz arc'hant' ar twitter ar ball. Mheabhraigh sin scéal dom, agus ó tharla go raibh mé cinnte gurbh as Gearmáinis a léigh mé, chuireas cúpla focal isteach i nGoogle.  Tháinig mé ar an leagan seo, de bhunadh na hIaráine.

Bhí deirbhís an ar mbasár. Mean lae a bhí ann, agus tháinig ocras air. Bhí fonn air béile maith a chaitheamh. Thóg sé amach builín aráin a bhí aige. Bhain greim as. Ach ní raibh sé ag fáil aon bhlas air. Ansin líon boladh feoil rósta a phollairí. Chuaigh i dtreo fhoinse an dea bholadh.
Fuair sé é féin ós comhair siopa ina raibh ceibeab ar díol. Bhí scata istigh ag baint taitneamh as feoil rósta agus arán. Bhí deatach an tine ar a raibh an fheoil á rósta ag teacht i dtreo an fhir ocraigh. Go tobann, bhuail smaoineamh é. Thóg sé céim nó dhó chun tosaigh agus chroch a chuid aráin isteach i ndeatach na tine, is dtreo is go mbeadh imir éigin de bhlas an cheibeab air.
Ansin d'alp sé an t-arán agus mhothaigh sé de bheagán go raibh ceibeab agus arán á ithe aige. B'fhearrde an deatach blas a chuid aráin anois. Ansin mhothaigh sé lámh trom ar a ghualainn. 'Hé. Cad tá ar bun agatsa ansin?'
'Nach bhfeiceann tú', arsa an deirbhís, 'táim ag ithe aráin le deatach ceibeab'.
'Agus cé a thug cead duit?'
D'fhreagair an deirbhís: 'An bhfuil cead de dhíth orm? Tá an deatach ag dul le gaoth agus nílimse ach ag feabhsú blas mo chuid aráin leis'
Dúirt úinéir an siopa ceibeab 'Ní ceadmhach duit sin. Táimse ag cuir stró orm fhéin anseo agus is mian leatsa aráin agus ceibeab saor in aisce a ithe?'
'Cén bladar é sin uait? Liomsa an t-arán, agus is san aer, ní i do siopa atá an deatach'.
'Bhuel a mhic ó, mura íocann tú an deatach tabharfaidh mé ós comhair an bhreitheamh tú!'
'Ar aghaidh leat' arsa an deirbhís, 'an mian leat scean a chuir orm? Dá mbeadh airgead agam, is ag ithe ceibeab a bheidh mé seachas arán agus deatach'
Thug an ceannaí ceibeab an deirbhís ós comhair an bhreitheamh. D'inis siad araon a leagan de scéal. Rinne an breitheamh a mharana ar feadh scaitheamh.
Ansin d'fhiafraigh sé den cheannaí 'Nár mhaith leat seasamh siar ó do cheart?'
'Tuige go ndéanfainn sinn?  Nár ith an fear sin ceibeab? Caithfidh sé íoc as?'
Chas an breitheamh chuig an deirbhís ansin: 'Agus tusa? An bhfuil tú sásta íoc as an fheoil d'ith tú?'
'Cén fheoil?' a d'fhreagair an deirbhís?
'Muise, an feoil a d'ith tú le arán', arsa an breitheamh, 'An bhfuil airgead ar bith agat?'
'Tá trí bhonn agam, agus sin a bhfuil agam san saol', arsa an deirbhís, imní ag teacht air.
'Maith sin, Tabhair dom iad' arsa an breitheamh.
Go drogallach agus imníoch thug an deirbhís na boinn ar lámh.
Chaith an breitheamh ar an dtalamh iad, agus dúirt leis an gceannaí 'Glac anois le íocaíocht don deatach ceibeab'.
Bhí an ceannaí ar tí cromadh chun na boinn a thógáil nuair a labhair an breitheamh go gasta: 'Ní boinn ach cling na mbonn an íocaíocht ar deatach ceibeab!' Agus thóg sé na boinn ón dtalamh, agus bhronn arís ar an deirbhís iad.
Ansin dúirt sé; 'Tá an chás seo réitithe: tá íoctha ag an bhfear seo as deatach an cheibeab'.
Pul-e dud-e Kabab, Sedaje Seke ast.
Le clingeadh boinn a íoctar as deatach ceibeab
Baintear feidhm as an seanfhocal seo nuair a bhíonn duine ag éileamh íocaíocht ar saothar nár dhearnadh, nó earra nár chuireadh ar fáil.