Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-11-13

Lóchrann geal na Samhna

Leagan Elisabeth Steineke
de scéal Máirtin agus an Bhacach.
Eaglais S. Martin, Bremen.
Grianghraif le Jürgen Howaldt
B'é de hAoine Féile San Máirtín. Tá ionad thábhachtach aige i mbéaloideas agus naomhsheanchas na Mór Rinne, agus na Gearmáine ach go háirithe. Déantar é a chomóradh ar an iliomad slite, ach is minic go mbíonn an naomhscéal atá léirithe thall lárnach.
Ba saighdiúir i Léigiún na Róimhe é Máirtín in óige, fearacht a athair. Deirtear go raibh sé tráth ag filleadh ar an dún oíche fhuar feanntach nuair a chonaic sé bacach sa sneachta, gan aige ach giobail mar éadach. Ní raibh faic ag Máirtín le bronnadh air, ach rinne sé dhá leath dá bhrat lena chlaíomh. Istoíche tháinig ár dTiarna chuige in aisling, agus an leathbhrat uime.
Bhí muid san Eaglais Liútarach in Éirinn inné i bhfochair scata mór leanaí arbh de bhunadh na Gearmáine iad, nó gaol acu léi. Chuir an ministir agus roinnt gasúir níos sine an scéal i láthair le pictiúr, caint agus amhráin.
Ansin leanadh le gnás eile de chuid na Gearmáine ar lá mar seo - lóchrainn a iompar i mórshiúil thart ar an mbloc - síos bóthar Adelaide, agus ar ais fán gcanáil.  Tá cnuasach bhreá amhráin a cantar ar ócáid mar é.
Ina measc an ceann thuas: Ócáid thaitneamhach atá ann, agus fán bealach fuair muid Bretzel; agus ar ais san Lutherhaus bhí Glühwein ar fáil (agus rudaí níos séimhe do na páistí!). Cinéal réamhbhlaiseadh den Aidbhint atá ann - sa Ghearmáin cuirtear tús leis an tréimhse Carnabhal ar an lá seo. (Bhíodh an Aidbhint ina thréimhse troscadh agus tréanas fadó)