20 November 2011

Racht Teangain

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Rialtas ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.Is maith an rud é sin - agus is trua nach déantar a mhacasamhail le reachtaíocht eile. Go háirithe ós rud é go bhfuiltear chun deis a thabhairt don bpobal a dtuairimí a nochtadh. (Ceist eile an gcuirfear na tuairimí san san áireamh).
Ní sprioc ann féin párlathas Gaeilge. Ná ní sprioc ann féin "stádas na teanga". An sprioc ná síothlú na Gaeltachta a chosc, agus - go tánaisteach - cur le líon na cainteoirí Gaeilge lasmuigh den nGaeltacht. Tánaisteach, toisc nach leor líonraí de chainteoirí athbheochana, fiú más cainteoir athdhúchais iad, chun teanga beo bríomhar a bheith ann. 
Ach ní féidir an Ghaeltacht a láidriú gan cur leis na réimsí inár féidir Gaeilge a labhairt. Is maith ann an iriseoireacht agus an siamsaíocht trí Ghaeilge, ach ní leor é. Ní féidir linn ar fad a bheith ag déanamh siamsaíocht dá chéile agus bheith beo ar sin.
Iarracht a bhí in Acht na dTeangacha réimse na Státseirbhíse a athghabháil don Ghaeilge - réimse a bhí imithe le sruth ón uair gur cinneadh fáil réidh le riachtanas na Gaeilge do Státseirbhísigh. Mar a dúirt an Cadhnach, páipéir ar fad is ea an Státseirbhís - mar sin is léir go gcaithfeadh aon Acht gné páipéarachais a bheith ag baint leis.Tá an Acht cosanta go minic agam, ina measc an foráil go raibh cáipéis áirithe le foilsiú as Gaeilge go comhuaineach leis an leagan Béarla. Ní toisc go gcreidimse tábhacht a bheith ag na cáipéis sin - ach cionn is go gcreideann na maorlathaigh tábhacht a bheith leis na cáipéis sin, agus gurbh olc an fasach - le cloí lena mbéarlagair siúd - a bheadh ann ligeann dóibh neamhaird a dhéanamh i ndualgais reachtúil cionn is gur bhain sé le Gaeilge. Ach i bhfírinne is beag tairbhe atá ann, dar liom, má thiontaítear giotaí fhada de mheamraiméis tur - go háirithe más  aistriúcháinis a dhéantar as. Is fíor gur chuidigh seala an Fhorais rud beag anseo ó thaobh caighdeán de; ach fós ní bhíonn an saoirse (ná an t-am) ag aistritheoir, dá fheabhas é, athscríobh stuama i nGaeilge nádúrtha a dhéanamh ar na téacsanna seo. Sa mhullach ar sin - de bhrí gur gnáth saoránaigh seachas oifigí (a bhíonn ag caitheamh airgead daoine eile) a bheadh leagan Gaeilge uathu, ní rabhthas ag ceannach na leagan Gaeilge de na cáipéis seo, de bhrí go raibh an mórchuid acu ar fáil saor ar líne. Anois, tuigim go maith nach mbeidh cianóg rua breise ar fáil don Ghaeilge as an foráil seo a leasú - is as buiséid riaracháin na Comhlachtaí Stáit a tháinig an airgead seo, agus is ar ais sa tiachóg sin a  rachaidh sé. Mar sin féin, tá an oiread ceannlíne áiféiseacha tarraingthe ag an foráil seo, agus a laghad maitheas déanta aige gur mithid géilleadh straitéiseach a dhéanamh.
Maidir leis na scéimeanna - smaoineamh fónta a bhí iontu, sa mhéid is gur chuir an cur chuige sin an fhreagracht ar bhainistíocht na gcomhlachtaí stáit machnamh agus beartú cé na seirbhísí a bhí siad chun soláthar as Gaeilge. Ach níor lean an cuir i gcrích an smaoineamh; is iomaí scéim atá curtha ar an méar fhada, agus fiú na scéimeanna a daingníodh, rinneadh faillí iontu. Tá moltaí fónta déanta ag an gCoimisnéir Teangacha maidir le seo - go leagfaí síos leibhéal ar leith seirbhísí a mbeadh ar gach comhlacht stáit cloí leo; cóirithe de réir an teagmháil atá ag an gcomhlacht Stáit airithe sin leis an bpobal. Sin an bealach chun cinn, dar liom - mar atá léirithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall a bhfuil curtha go seasta acu leis an méid gnó trí Ghaeilge a déantar san oifig sna Clochán Liath.
Ag deireadh an lae, sin an teist a bheidh ar Acht fiúntach: go mbeidh pobal na Gaeltachta agus cainteoirí sa Ghalltacht in ann gnó a dhéanamh go nádúrtha trí Ghaeilge leis an Stáit.  Tá tábhacht leis sin san talmhaíocht agus san iascach - arbh iad fós bunchloch na tionsclaíochta sa Ghaeltacht, toisc gurbh leis an stáit is mó is gá cumarsáid a dhéanamh.
Is é an laige is mó a bhaineann leis an Acht, dar liom, ná go bhfuil cur i gcrích an Achta ag brath ar dhaoine aonaracha scaipthe tríd an státseirbhís - agus is minic iad ag gníomhú gan tacaíocht ná meas a gcuid bainistíochta.  Tá corr ghearáin seolta agam féin i dtreo an Choimisinéara nuair a theip orm píosa gnó a chuir i gcrích leis an Stát. Go hiondúil is iad na Coimisinéirí ioncaim a bhí i gceist - dream a bhíodh ag déanamh freastal ana mhaith orm nuair a bhí Aonad Lárnach amháin freagrach as plé le cúrsaí cánach as Gaeilge. Ach le blianta beaga tá cinneadh déanta acu gur de réir seoladh poist an cháiníocóra a phléifí le daoine. Rud a fhágann duine nó beirt san Oirdheisceart ag plé le líon i bhfad níos lú daoine; agus easpa taithí acu ar théarmaíocht; agus iad gan na gnáis ná modhanna chun an obair a dhéanamh i gceart. Seafóid atá ansin nach mbeidh toradh fónta air.
Sílim go mba cheart don Státseirbhís caitheamh le seirbhísí i nGaeilge mar seirbhís ar cheart a lárú - chun go mbeadh dream oilte daoine ag obair i bhfochair a chéile, leis na huirlis cuí agus ar a gcumas Gaeilge nádúrtha, a thuigfidh an pobal, a scríobh agus a labhairt. Is as grúpaí dá leithéid is fearr a thiocfadh forbairt ar theanga nádúrtha chun gnóthaí stáit a phlé, seachas ó aistritheoirí i gcúl seomraí ag plé le cáipéisí marbha.  Ba den chiall é a leithéid d'aonad nó aonaid a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht - chun go mbeadh na buntáistí tánaisteacha ag pobal na Gaeltachta; gurbh ann a chaithfí airgead atá á chaitheamh ar an nGaeilge, idir thuarastail, soláthair oifige agus araile. Tá glao aonaid curtha i bhfearas ag Údarás an Gaeltachta in áiteanna éagsúla sna Gaeltachtaí, agus cuid mór acu folamh toisc nár oibrigh an múnla gnó sin - mar sin tá na hionad agus an trealamh ann cheana.
Creidim dá bhrí sin gur botún a bheadh ann Oifig an Choimisinéara - atá ag cur seirbhísí maithe ar fáil cheana féin don bpobal agus do na comhlachtaí Stáit - a bhogadh as an Spidéal. Mura raibh ann ach aird a tharraingt ar easpa cumas an Roinn Oideachais gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, nó an bealach córasach a rinneadh faillí sna marcanna breise in agallamh a bhí iarrthóirí le Gaeilge a fháil. Ach is iomaí gníomh eile atá bainte amach aige, mar a léiríonn a thuarascála.
Agus in mo racht go n-uige seo.
Níl le déanamh anois ach slacht a chuir ar na smaointe seo agus iad a chuir i bhfoirm aighneachta. (Tá an Suirbhé líonta agam cheana)

2 comments:

Eoghan Ó M said...

tugtar an oiread sin basctha don aistriúchán ceánna thuas, ach déantar dearmad gur beag rud ar an idirlíon a bhíonn as Gaeilge agus cabhraíonn a leithéid seo le haclú foclóra agus cinntiú téarmaíochta, is é rud murar ar seoa chaitear an t-airgead (cé gur beag an fiúntas athbheochana leis) is fearr é sin ná an t-easnamh dá n-uireasa. Má tá sé le baint, bheinn ag iarraidh go mbeadh suíomh na roinne, facebook roinne, twitter na roinne ar fáil as Gaeilge, is láithreach, ach beagnach cinte nach dtarlóidh sin. Níl aon fáth nach féidir rannóg Ghaeilge a bhunú i ngach roinn

aonghus said...

Pointí maithe. An príomh chúis na easpa daoine le Gaeilge sna Ranna.

Maidir le Gaeilge ar líne - n'fheadar. Tá barraíocht meamraiméis as Gaeilge ar líne agus tá amhras orm faoina fiúntas atá leis do foghlaimeoirí Gaeilge.

Pé scéal é, le leithéidí an togra seo, tá Gaeilge mhaith le léamh ar líne anois:
http://research.dho.ie/fng/