18 November 2011

Srath na Beitheanna

An t-aosánach ag amharc as túr ar gheata. Líne iarnróid. Deireadh tobann. Fothraigh stroighin. Agus ar dheis agus ar chlé, chomh fada le radharc na súil, rudaí ag gobadh suas ina bpéirí. Simléir bríce. Crainn scaipthe ar fíor na spéire. Tost marbhánta. Áit ar theagmhaigh ifreann leis an saol seo.

3 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

thcím móitífeanna ar na mallaibh...

Néidí said...

Tá sé aisteach ainm deas a chur leis an áit, ach is dócha sin an t-ainm atá air -

an t-ainm céanna leis mo sráid féin i láthair na huaire

aonghus said...

Sin é.
Agus léiríonn an ainm deas an rud a thug Hannah Arendt "Banalität des Bösen"

Gnáth áit, gnáth daoine, olc uafásach.