Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-11-12

Turas taibhseach

Chuaigh scata againn ón oifig ar an dturas bus seo le gairid. Is éard atá i gceist ná turas treoraithe neamhghnách ar lár Chathair Bhaile Átha Cliath, le béim ar an alltar agus a leithéidí. Bíonn aisteoir i gceannas agus an bus feisithe le gnáth fearais an uafáis tráchtála - líonta bréagach damháin alla, creatlacha saorga agus mar sin de. Dubh agus craorag in uachtar sna dathanna,  clapsholas laistigh ar feadh an turais agus mar sin de. Phioc an bus suas muid ón oifig agus bhailigh an aisteoir a bhí i gceannas ar an slí go lár na cathrach. Baineadh siar rud beag as siúd cionn is nach raibh muid - seachas roinnt de na cuntasóirí - tar éis bheith sa tábhairne roimh ré. Bhí sé níos cleachta le slua ar bhog meisce a stiúradh, agus bhí breis saothair ar dá réir muid a spreagadh. Bhí stór maith scéalta uafáis aige maidir le bás agus corpán sa chathair, agus an cineál ruda a bhíodh ar siúl ag máinlianna san 18ú aois sa Choláiste ar sráid Chill Dara, mar shampla. Bhí sruth láidir grinn tríd an rud ar fad áfach. Stop muid ag Páirc Naomh Caoimhín - arbh reilig é tráth. Bhí baint ag an áit seo leis an Easpag Diarmaid Ó hUrthuile a cuireadh chun báis go barbartha le linn ré Eilís I. Ba foinse uafáis an scéal sin sa dorchadas. Bhí droch-cháil ar an reilig céanna de bharr gníomhartha na robálaithe coirp, agus bhí aisteoir eile ar lámh chun a modh oibre siúd a léiriú. Lean an chamchuairt ar aghaidh ansin go dtí sean bhallaí na Cathrach agus na céimeanna ag Eaglais San Audeon. Thug an reacaire dornán scéalta uafáis eile dúinn ansin, ina measc scéal Buck Whaley agus an Hellfire Club.
Ba reacaire bhreá é, agus stór shaibhir scéalta agus geáitsí aige, agus b'fhiú an turas a dhéanamh chun léiriú eile a fháil ar an gcathair.