Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-12-28

Rún ar an sean nós

Le caoinchead.
Is fada leabhar Phroinsias ar mo liosta agam, ach is um Nollag i mbliana a fuair mé ar deireadh é. B'fhiú an fanacht! Scéinséir cruthanta anseo againn; Dís ón saol acadúil réabtha as an sócúlacht is dual dóibh ag eachtraí uafáis; iad ar a dteitheadh ó bhuíon dúnmharfóirí agus in amhras faoi chách, an péas san áireamh. Tugann saol agus ainghníomhartha Cathal Bhuí - Bonnán an teidil - cúis na heachtraí dúinn. Diaidh ar ndiaidh, le míreanna san am i láthair agus san am i bhfad siar, nochtar blúiríní eolais dúinn de réir mar a bhogann eachtraí na díse chun cinn agus go nochtar dúinn go bhfuil breis uafáis le teacht, ach gur féidir leo teacht roimhe - b'fhéidir. Éiríonn le Proinsias an teannas a choinneáil ag dul, cúlscéalta fite isteach go healaíonta san reacaireacht ar an eachtra reatha chun cur lenár dtuiscint. Ní cérinneachán atá i gceist - nochtar dúinn luath go leor cé hé an té atá ina thrúig báis dóibh siúd atá marbh, agus tugtar nod dúinn cad chuige. Sa bharr ar sin, tugtar eolas tríd síos don léitheoir a bheidh ceilte ar na príomhcharachtar.
D'am ruathar amháin, geal leis, a léigh mé an úrscéal taitneamhach seo, úrscéal ar léir air an taighde cúramach a rinneadh chun cuma na fírinne a chuir ar phlota agus carachtar.
Gluaiseann an scéal ar aghaidh go gasta chuig buaicphointe, leis na corr agus castaí is dual do scéinséir. Tá an chaint oiliúnach, agus curtha in áirithint do na pearsain agus don suíomh.
Sár leabhar, agus mé sásta anois go raibh faill agam ar deireadh é a léamh. Ritheann sé liom go bhfuil ábhar scannáin den scoth le baint as. 
Deacair níos mó a rá faoi gan cuid de rúin an scéil a sceitheadh. Mar sin, i'm thost anois mé!


Rún an Bhonnáin
Proinsias Mac a' Bhaird
Comhar 2010