08 March 2011

Ná cóirigh bhur brabhsálaí...

An Carghas buailte linn. Tost anseo go dtí um Cháisc.

07 March 2011

Lón machnaimh

Hendrick Cornelisz Vroom: Long agus Bád Iascaigh
Tá gearrscéal de chuid Alex Hijmans i gComhar Mí Feabhra, a cheannaigh mé de Satharn i siopa an Chonartha. Tá an scéal lonnaithe san Ísiltír, le linn ré Prins Maurits agus é i ngleic leis na Spáinnigh chun neamhspleáchas na hÍsiltíre a bhaint amach. Ach ní leis na himeachtaí móra seo a phléann sé; ach le dán crua seanmhnaoi de chuid na cosmhuintire, a bhfuil a fear caillte le fada aici - báite i tuile thubaisteach. Tá uirthi féin anois aghaidh a thabhairt ar dhán níos truamhéalaí; gan aici ach a garmhac le cabhrú léi. Tá leisce orm rúin an scéil a scaoileadh - ach pléann sé le beatha agus bás, ábhair a bhí riamh tábhachtach don duine daonna. Bheinn ar mhalairt tuairim le hAlex - nó ar a laghad leis an dearcadh a léirítear san scéal. Mar sin féin, scéal deá scríofa, snasta atá ann; agus modh oiriúnach chun machnamh ar na ceisteanna seo a spreagadh. Tá ról ag na scríbhneoirí anseo, feictear dom.

06 March 2011

An buachaill ón saol eile

Bhíos, mar a dúirt, sa chathair inné, chun éisteacht le Alex Hijmans á chuir faoi agallamh ag Cathal Póirtéir. Duine tar a bheith spéisiúil is ea Alex.  Bhuail mé le duine spéisiúil eile ar mo bhealach ann - Scott. Ba dheas an deis a fháil éisteacht le hAlex i gcomhluadar comhbhlagadóra!
Sciob mé teideal na míre seo ó rud a dúirt Alex le linn an agallaimh - gurbh é "An buachaill ón saol eile" a thugann deartháir a nuachair air; fear arbh sagart Candomblé é. Feileann an teideal d'Alex feictear dom in a lán bealaí. Fiú sular thug sé aghaidh ar an mBrasaíl, feictear dom go raibh sé ag tabhairt tuiscintí as saol amháin isteach i saol eile. Fear aerach ón Ísiltír, ag reáchtáil caifé1 - Bananaphoblacht - i nGaillimh in diaidh dó theacht ar bhliain Erasmus anseo chun Gaeilge a fhoghlaim. Tá máistreacht sa Ghaeilge bainte amach aige ó shin ina chuid iriseoireachta; agus anois tá úrscéal óna pheann againn. (Scríobh sé dráma cheana, Aingilín, ach ní raibh deis agam é fheiceáil).
Saoire abhus a spreag a shuim sa Ghaeilge an chéad lá riamh. Níor luaigh sé inne é, ach is cuimhin liom alt leis a léamh inár chuir sé síos ar an Synesthesia a fhágann gur mar dathanna a chíonn sé litreacha;agus go raibh litreacha na logainmneacha suntasach dó dá réir. Is méanar dúinn gurbh amhlaidh a bhí, agus gur thóg sé frídín na Gaeilge. Is iomaí léargas spéisiúil a fuair muid óna pheann iriseoireachta ó shin. Phléigh Cathal cúlra Favela leis - an leabhar a scríobh sé ar a shaol lena leannán Nilton sa Bhrasaíl, agus go háirithe an manglam creidimh, ina measc an Candomblé, atá i gceist le taithí spioradálta a chlainne thall. Thug Alex meafar mhaith dúinn - meafar an chíste le sraitheanna de chomhábhair éagsúla. Cé gur duine é féin nach ngéilleann - san Iarthar - do chreidimh ar bith, glacann sé leis an tuiscintí a eascraíonn astu faoi fhéin mar thuiscintí síceolaíocha. An nasc le orixa (spiorad) na Mara, mar shampla, a mhaíonn a chairde sa Chandomble a bheith aige, agus atá ag teacht lena mhothú fhéin go bhfuil sé riachtanach dó bheith gar don fharraige i gcónaí. Mar a bhí i nGaillimh agus mar atá i Salvador. Pléadh an úrscéal Aiséirí ansin; rún agam filleadh ar sin anseo ach deis a bheith agam é léamh.
Bhí deis ag an lucht éisteachta ceisteanna a chuir ansin. Chuir Liam Carson ceist air faoi cén teanga ina mbíonn sé ag smaoineamh. Bhí a fhreagra ag teacht leis an fhreagra a bheadh agamsa - is in íomhánna a bhíonn sé ag smaoineamh; agus brionglóid déanta aige i ngach ceann de na teangacha atá aige.

Bua atá ag saol na Gaeilge gur féidir liomsa, Caitliceach caomhach, bheith i mo shuí in aice le hiriseoir spleodrach aerach (Scott) ag éisteacht le Ísiltíreach Domhanda ag tabhairt léargas as an gnách ar an saol. Cuir leis sin go raibh muid inár suí san áit a mbíonn na comhairleoirí cathrach ag allagar de ghnáth. (Le teann mioscais dúirt mé le Scott go rabhamar inár suí ó dheis ó shuíochán an chathaoirligh - níos feiliúnaí domhsa ná dó?)  Gura fada buan iad beirt ag roinnt léargas eile ar an saol orainn.


1 Nod libh: Táim ag leanacht an idirdhealú a rinne sé ina úrscéal idir caifé (ionad) agus caife (deoch). Forbairt teangain arís uaidh!

Manglam Ardchathrach

Fógra i siopa trádáil cothrom
Chaith mé an cuid is mó den lae inné i lár na Cathrach, rud is annamh dom a dhéanamh. Ar maidin bhíos ag freastal le m'iníon ag grúpa Tuistí is leanaí de chuid Comhluadar a bhí ar bun i halla Foras na Gaeilge. Ina dhiaidh sin thug mé í chuig teacht mo mhuintire i Tír an Iúir. Bhrostaigh mé ar ais go lár na Cathrach, bhí fúm éisteacht le Alex Hijmans á chuir faoi agallamh ag Cathal Póirtéir. Thapaigh mé an deis bualadh isteach chuig siopa an Chonartha leis an úrscéal nua le Alex a cheannach. Caithfidh mé a rá go bhfuil cuma maith ar áit, athchóiriú déanta ar na leabhair agus fógraí crochta ar na rannóga. Ní raibh deis agam féachaint i gceart air mar nach raibh ann ach an t-aon freastalaí amháin, agus deabhadh chun lóin air!
Fógraí lasmuigh de Halla na Cathrach
Ach fuair mé an leabhar agus cóip de Comhar faoi na heagarthóirí nua. Is fada ó shiúl mé síos Sráid Grafton ar Satharn. Is cuimhin liom an Diceman ó mó dhéaga - tá scata oidhrí aige anois. Bhí cuid nach bhfuil thar moladh beirte, ach bhí dealbh beo práis amháin ann, agus fear a bhí ag seasamh gan bhogadh ach go raibh an chuma air go raibh sé ar rith suas an bhóthar. Bhí ceoltóirí riamh ar Sráid Grafton, ach tá oirfidigh ó gach cuid den domhain ann anois. Gné nua (domhsa) - bhí scata fir ag pointí éagsúla agus deilbh gainimh - de mhadraí - múnlaithe acu. Fán mbealach thug mé an fógra úd thús faoi ndeara. Is breá liom a leithéidí de gníomhaireacht (saor ó dheontas?) a thabhairt faoi ndeara (ach níor cheannaíos aon tae an uair seo). Thug mé fógraí nua turasóireachta faoi deara sa chathair - cinn a thugann a ceart don Gaeilge, atá chomh soléite (nó níos soléite) ná an Béarla. Istigh sa Halla bhuail mé le Michael O'Brien ó Cló Uí Bhriain - comharsan liom i bhfad siar agus aithne agam ar a mhac Ivan atá anois ina bhainisteoir ar an gCló. Agus muid ag caint luaigh sé go mbíonn díol chomh maith céanna ar a gcuid leabhair as Gaeilge do leanaí agus as Béarla; ach nach bhfuil teacht acu ar údair do dhéagóirí! Agus mé ag seasamh thart sa Halla i measc na Leabhair le Scott (breis faoi sin ar ball) chuir bean ceist orainn maidir le leabhar de chuid Futa Fata - Eileanór an Eilifint Éagsúil. Ní raibh Gaeilge aici féin, ach má thuig mé i gceart í bhí Gaeilge ag deirfiúr an páiste a raibh sí ag ceannach an leabhar di. Seo ceann de na leabhair a thaitníonn le m'iníon, agus CD gleoite snasta ag dul leis. Bhí ar mo chumas freagra dearfach a thabhairt di mar sin. Ritheann sé liom gurbh é sin cuid den fhreagra maidir le díolaíocht leabhair Gaeilge do leanaí - agus freisin go bhfuil breis margaíochta le déanamh as Béarla! Chonaic mé freisin go bhfuil leabhar nua ag an tSnáthaid Mhór - Mac Rí Éireann. Tá ag teip orm teacht ar aon eolas ar líne faoi áfach, agus is cosúil go bhfuil suíomh s'acu - a bhíodh ag http://www.antsnathaidmhor.com/ ar lár.
Beidh breis le rá agam ar ball faoi bhualadh le Scott agus éisteach le Alex. Ach an faill a bheith agam, bheadh breis ama caite agam ag an bhFéile. Ag éisteacht le Proinsias, i measc rudaí eile. Ach cúraimí, cúraimí...

04 March 2011

An Poc ar féarach

Grianghraif liomsa ón siúlóid de Domhnaigh leis na cnocadóirí. Doire Bhán, Gleann Dá Loch.

Dealbh Cadhnach

Agus Gaeilgeoir ó thar lear abhus roinnt blianta ó shin, bhíomar ag ceapadh nach raibh aon áit go bhfeadfadh turasóir le Gaeilge grianghraif cuimhneacháin a ghlacadh in aice le dealbh de scríbhneoir mór le rá Gaeilge. Tá Pádraig Ó Conaire ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh, gan amhras.  Ach níl faic san ardchathair - go bhfios dom. Táim buíoch d'Aonghus a scaoil an rún seo liom - tá an dealbh seo den Cadhnach i bhfolach i bputóga Áras na nEalaíona i gColáiste na Tríonóide. Ar an gceathrú urlár, i Roinn na Gaeilge.

Imbolc 2011: Ciarán mac an Bhaird : Gafa le Mata

Foinse:
B'é Ciarán mac an Bhaird a chuir clabhsúr le himeachtaí Imbolc.Tá sé ina bhainisteoir ar an Ionad Tacaíochta Matamaitice in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Tá sé mar chúram air cuidiú leis na mic léinn a bhfuil mata mar cuid dá gcúrsa - ach nár bhain amach an bun-tuiscint is gá chun dul i ngleic leis. D'aithris sé píosa cainte ó iníon léinn amháin, ar éirigh sách maith léi san Ardteist, ach nár thuig i gceart conas dul i ngleic le ceisteanna - bhí sí ag brath ar an méid a bhí curtha de glan mheabhair aici. Chomh luath agus a bhí ceist lasmuigh den réimse cúng a bhí de ghlan mheabhair aici, bhí mearbhall iomlán uirthi. Mheabhraigh a cuid cainte an aiste seo le Les Hatton dom. Dúirt sé - agus an ceart iomlán aige - gur teanga atá i gceist le Mata, teanga chun dul i ngleic le fadhbanna, ach caithfear tuiscint sa teanga a bhaint amach. Fearacht aon teanga (an Ghaeilge san áireamh) baineann dua leis sin. Ach - agus b'shin croí a chuid cainte - tá an dúrud áis foghlama ar fáil ar an idirlíon chun cabhrú le mic léinn; an sceon roimh mata a mhaolú, agus an ábhar a mhíniú ar bhealach taitneamhach.
Gan bunús láidir mata, níl aon chiall le bheith ag caint ar geilleagar cliste. Táimid faoi chomaoin mhór ag leithéidí Ciarán, a leigheasann lochtanna an córais dara leibhéal sa réimse seo. Ach bheadh sé i bhfad Éireann níos fearr dá rachfaí i ngleic i gceart leis an ábhar ag an dara leibhéal - áit éigin san céad nó dara bliain meánscoile, fágtar an dúrud leanaí ar lár, gan tuiscint ná spéis. (Tá mac liom ag streachailt le Mata don Teastas sóisearach - roinnt  múinteoirí éagsúla, ar leibhéal cáilíochta éagsúla le trí bliain anuas; anuas ar deacrachtaí dá chuid féin). Tá súil aige - agus agam - go bhfeabhsódh Tionscadal Mata rudaí.
Bhí a chaint thar a bheith spreagúil (cé gur lig an comhartha lag idirlíon síos beagán é i mBaile Bhúirne - theip ar roinnt de na físeáin a theastaigh uaidh a thaispeáint!)

Nod libh: bhí alt i nGaelscéal an tseachtain i ndiaidh Imbolc faoin méid a dúirt Ciarán.

Deis eile "Na Leabhra" a fheiceáil agus dráma eile

 

Rinne mé léirmheas ar Na Leabhra anseo: