27 October 2011

Iarmhaireacht

Maidin spéirghealaí. An Bodach ó dheas, an Céachta ó thuaidh. Cruinneachán na cruinne léirithe ag réaltbhuíonta. Aibhleoga eitleáin ag sciorradh tharstu. Bealach na Bó Finne ceilte ag solas sóid na sráide. Anáil á chuisniú ina ghal. Sráidbhaile tréigthe. Stad bus. Cruit ar chomaitéara ón bhfuacht.


Iarmhaireacht: Dinneen The loneliness felt at cock-crow. Luaite i sár leacht Titley aréir. Breis ar ball LCD.

26 October 2011

Cill Iníon Léinín, ar maidin inniu

Tar éis na doininne. An bá ina léinseach, gabhra lir díbeartha. Grian láidir an fhómhair ag lonrú ar muir is tír. Túr láidir ar oileán. Baoi dearg ag luascadh go séimh. Muc mara ag léim go maorga. Trá faoi ualach rua feamainne. Síocháin iar stoirme.

17 October 2011

Fathach, file, foinse, fealsamh, fáidh

Bhrostaigh mé ón Siompóisiam Blagadóireachta de hAoine le go mbeinn in ann freastal ar an ócáid cheiliúrtha don Athair Pádraig Ó Fiannachta. Fear atá, ní amháin ina fhile é fhéin, ach ina ollamh sa chiall is fearr, ag spreagadh filí eile chun pinn,go háirithe ina cheantar dúchais ar ar fhill sé i ndiaidh dó tréimhse fada a chaitheamh i Má Nuad, ag cuir na Gaeilge agus an Dúchas chun cinn ann. Fear Eagar an an aistriúchán den mBíobla a luaitear leis; éacht teangain ann fhéin. Fear a spreag Cumann na Sagart, as ar d'eascair Glór na nGael.Gan ach sciar dá shaothar a lua. An Díseart, abair.

Ní haon ionadh mar sin go raibh an Eaglais Úinitéireach i bhFaiche Stiabhna lán go maith; filí a chuaigh faoina lámha go flúirseach ina measc. Tadhg Ó Dúshláine a thug an aitheasc molta, i bhfriotal fileata fuinniúil. Bhí Côr Meibion Cymry Dulyn ann chun é a cheiliúradh le laoithe Breatnacha, agus ceoltóirí Duibhneacha le ceol na hÉireann; cuid de a raibh lámh aige fhéin ina tharrtháil ón díchuimhne. Bhí filí ina slaoda ann; a neacht Nuala Ní Dhomhnaill ina measc.

B'é fhéin ina chúpla focal a mhúnlaigh an meafar cuí don comhluadar seo atá tionscnaithe thart ar: foinse ag réabadh bruacha agus ag seoladh amach Bá an Daingin, féile filíochta.

Bronnadh Féilscríbhinn de dhánta air, agus prionta de chuid Bob Ó Cathail (leagan de Bhord an Fhile). Thug sin deis dó scéal an muirphictiúir ar rinne Bob i Sáipéail Caitlína in Ard a Bhóthair a reic: bhí lámh aige ansin chomh maith - Calvaire fáiscthe as an mbéaloideas, an coileach ag scairteadh Mac na hÓighe slán san áireamh. 

Níl ceist ach go raibh an oíche dlite dó, agus is mór an onóir agus pléisiúr a thug sé dom bheith ann.

Géarú Goile

Tá gearrscéal ag Alex Hijmans in eagrán mí Meán Fhómhair de Comhar. An chéad gála de chnuasach atá ar na bacáin aige, cnuasach a bheidh lonnaithe ina bhaile nua, sa Bhrasaíl. Tugann réiteach oideas ar leith fráma don scéal seo, ina chíortar grá collaí, grá agus imní máithreach, soineantacht agus baois na hóige, agus an briseadh croí a eascraíonn as. Fuineann sé na comhábhar seo i scéal álainn, cliste, ina bhfuil lón machnaimh ann.

Uraiceacht de ghearrscéal atá ann dáiríre, teannas ann tríd síos a shúnn an léitheoir ar aghaidh, ar bís le fios fátha an scéil a thuiscint: agus ní díomá atá sa deireadh ach buaic.

Beidh mé ag súil le breis den chineál seo ach a mbeidh an cnuasach foilsithe!

15 October 2011

Fuinneoga ar shiopaí liteartha na Gaeilge

Bhí mé i mo aoi ag Siompóisiam Bhlagadóireacht na Gaeilge a bhí ann mar chuid de de fhéile IMRAM aréir, in éineacht le Máire Burns, Ali Ní Dhorchaidhe agus Alex Hijmans (a bhuí le Skype) - agus Scott de Buitléir ina fhear an tí ag cuir ceisteanna orainn. Bhí blagadóirí eile san lucht féachana (1, 2 mar shampla) agus tuairisc ag an gCnagaire cheana féin. Bhí sé go deas bualadh le daoine nach raibh agam roimhe seo ach ríomhaithne, nó níos lú fiú. Ní tuairisc a bheidh anseo, ó tharla go raibh mise i'm aoi agus ní ceadmhach do dhuine bheith ina bhreitheamh ar a chás féin!
Ach chuala mé roinnt smaointí fiúntacha aréir ar mithid iad a roinnt agus a spíonadh; agus bhí corr rud maidir le litríocht, blagadóireacht agus an idirlíon a bhí fúm a rá ach nach raibh an faill agam chuige.
Uaidh Alex a ghoid mé teideal an mhír seo - bhí sé ag trácht ar a bhlag (agus an feachtas gnúisleabhar a bhí aige do Aiséirí ). Bíonn Alex beo ar a chuid scríbhneoireachta, idir iriseoireacht agus ficsean, agus baineann sé feidhm as a bhlag ilteangach chun a chumas a léiriú. (Dúirt sé rudaí deasa faoi mo nós leabhair a mholadh sa chrannóg seo freisin). Agus is cinnte gur bealach amháin é sin a chuireann an Bhlagtacht le Litríocht na Gaeilge - tríd an scéal scaipeadh.
Bhí ana shuim agam san méid a bhí le rá ag Máire Burns faoi ngrúpa facebook "Gaeilge amháin"; pobal ar líne a bhíonn ag plé gach rud san spéir as Gaeilge, agus breis agus ocht gcéad duine cláraithe leo - agus idir caoga agus seasca duine ag scríobh ann gach lá. Ní bheidh mé féin ag dul ina measc - tá drogall orm éirí gafa le poll ama eile, ach is maith ann iad. Tá dornán beag daoine, Máire ina measc, ag feidhmiú mar riarthóirí ar an ngrúpa, agus ag cuir an t-aon riail atá acu i bhfeidhm - "Gaeilge amháin" - ar mhaithe le cur suas do bhrú uileláithreach an Bhéarla.
Fós sílim, ainneoin filíocht agus fiú úrscéalta de chuid Phanu a bheith á fhoilsiú ansiúd, gur le litearthacht sa Ghaeilge seachas le litríocht na Gaeilge atá siad ag cur. Tharlódh breall a bheith orm, ach sílim nach buan mórán ar líne. Ach is féidir fiosracht daoine a phriocadh, agus iad a stiúradh i dtreo na litríochta, ainneoin go bhfuil léamh leabhair ag titim i gcoitinne.
Ní shin le rá nach bhfuil litríocht ar bith á shaothrú ar líne - sílim go bhfeadfaí litríocht a thabhairt cinnte ar shaothar Míshásta, a tosaíodh ar chlár plé Chumasc, agus atá anois á shaothrú ó am go chéile ar bhlag. Agus bíonn filíocht ar bhlaganna eile. Feileann filíocht níos fearr don idirlíon, sílim, toisc gur annamh go léann daoine sleachta fada ar líne; ach tig le dán cúpla líne saibhreas a roinnt.
Tríd is tríd, sílim nár éirigh linn aréir ach screamh na ceist a scríobadh; tá súil agam gur bhain an lucht éisteachta tairbhe éigin as - bhí slua maith san amharclann.

13 October 2011

Having, Rügen, 1992

Loch sáile. Giolcacha arda. Cé adhmaid. Bád ceangailte leis. Beirt ann. Iad ag luí siar. Buidéal eatarthu. Ealaíontóir & innealtóir. Ainrialaí & Críostaí. Deoch ag tarraingt scéal. An saol á chíoradh. Bráithreachas. Na biotáille, nó níos doimhne? Fós ní fheadaraím. Ach sheas sé liom lá mo phósta!

Réabtar an ceangal sa Phluais!


Is cosúil go bhfuilim i lár thréimhse Síomóntachta! Ós rud é go raibh mé chun bualadh leis ag an seoladh leabhair, thóg mé amach arís cuid dá shaothar atá ar mo leabhragáin le fada. Ina measc bhí an paimfléid seo "Tuairisc ón bPluais" Pluais Phlatón atá i gceist agus go sonraíoch an daille de bharr iad a bheith ceangailte atá ag na daor san fáthscéal úd.
Ón uair a scríobh sé an paimfléid seo tá cultúr an tomhaltais agus na siamsaíochta tar éis doimhniú, ainneoin an géarchéim airgeadais sa chaoi agus gur goile ar fad beagnach an cine daonna san Iarthar, de shíor faoi cith fógraíochta. Is ar léargas sóisialach atá beachtaíocht Thomáis bunaithe; dearcadh nach roinnimse go hiomlán cé go mbeadh mé ar aon fhocal leis maidir le cúis na faidhbe; an oideas ceart chun a leigheas an áit go mbeadh dearcadh difriúil agam. 
Aontaím leis go bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag an litríocht chun daoine a chuir ag smaoineamh; an cheist ná conas gur féidir le litríocht dul i bhfeidhm ar phobal nach bhfuil ag léamh. (Tráthúil go leor bhí alt ag Alan Titley ar "oiliúint" liteartha  inniu). Tá gá práinneach againn le poblachtachas nua, le pobal atá oilte chun a ról a ghlacadh, gan ró urraim don gcliarlathas - eaglasta, maorlathach nó iriseoireachta . Ach sin traidisiún nach bhfuil sa tír seo, atá faoi chuing cléiriúlachas de chineál amháin nó eile -  urraim don oifig, beag beann ar an bhfuil baint ag an oifig leis an gceist atá faoi chamáin. Caithfear smaoineamh!

Tuairisc ón bPluais
Poblachtánachas agus litríocht in aois na scáth
Tomás Mac Síomóin
Coiscéim 2004

09 October 2011

Cos ar bolg gan cluichí ná arán

Seoladh an leabhar 'An bhFuil Stacey ag Iompar?' le Tomás Mac Síomóin Déardaoin, agus bhí mé i láthair chun tairbhe a bhaint as an ngaois (agus an fíon, gan amhras). Tharla go raibh na gasúir amuigh mall aréir bhí faill agam an leabhar a chríochnú.
Aorscéal a thug Tomás féin ar an leabhar seo. Baineann sé feidhm éifeachtach as an coinbhinsiúin go bhfuil cáipéis aimsithe ag scoláirí faoi scéal éigin fadó. Sa chás seo tá na scoláirí ag féachaint siar ón mbliain 2517. Cuireann siad scéal tranglam aisteach tráchta ós ár gcomhair, bunaithe ar cháipéis a scríobh duine a bhí páirteach ann. Saol na linne seo in Éirinn atá i gceist. Fágann an coinbhinsiúin go dtig leis an údar an suíomh a chruthú tríd réamhráite léannta; go féidir léamha éagsúla, agus go deimhin dréachtaí éagsúla den scéal a bheith ann. Agus go dtig leis cuir leis an reacaireacht tríd Iarfhocail léannta chomh maith.
Baintear feidhm as an scéal chun aor ghéar a dhéanamh ar Éireann na linne seo, agus saol an Iarthar i gcoitinne. An ró bhéim ar phearsa siamsaíochta i gcláir teilifíse, cláir raidió ina nochtann daoine rúin agus ainmhianta, smailcbhia, agus cúl le cine agus cultúir.
Tarlaíonn eachtra diamhair éigin a fhágann reacaire an scéil sáinnithe i bplódú tráchta. Tugann an reacaire an Citreon ar féin; agus tá na pearsan eile ainmnithe freisin as a gcineál gluaisteáin.   Níl in ndán don bplódú tráchta ach bogadh siar agus aniar ar an bpaiste céanna bóthair  áit éigin i lár tíre na hÉireann. De réir a chéile bíonn treibheanna, paróistí gona dtaoisigh á mhúnlú faoi bhrú an éigean. Leánn an screamh tanaí sibhialtachta agus titeann na daoine in umar na barbarthachta. 
Fágann sin scóip iontach ag an údar cineálacha  éagsúla daoine a léiriú lena pheann grinn gléineach. Dúirt Tucholsky tráth faoin aorthóir 'Idéalaí maslaithe is ea an aorthóir. Is mian leis an Saol a bheith Maith; tá sé Olc, agus anois tugann sé fogha faoin Olc.'  Cáineadh géar ar saol tomhaltach éadomhain na linne is dual do Thomás, agus 'sæva Indignatio' aige ach go háirithe dóibh siúd a thréig nó a bhacann an Ghaeilge.
Thug sé rabhadh ag an seoladh go raibh caint gharbh san scéal, agus nach raibh sé feiliúnach dóibh siúd a bhfuil goile íogair acu. Is fíor dó. Tá mionnaí móra ann. Tá miangas agus collaíocht. Tá foréigean. Tá cac, pian agus bás. Ach is cuid orgánach den scéal iad. Níl siad ann ar mhaithe le bheith ann.
Bhí cúpla mionrud a chuir as don sa leabhar, ach sílim gur botúin eagarthóireachta thar rud ar bith eile a bhí gceist. Tugtar le fios gurbh iad Gearmánaigh an scothaicme nua, agus bíonn sleachta Gearmáinise thall is abhus san scéal - ach bhí focail ar lár nó mí litrithe coitianta sna sleachta sin.  

Thaitin an scéal liom. Ceannaígí agus léigí!

An bhFuil Stacey ag Iompar
Tomás Mac Síomóin
Coiscéim 2011.54

07 October 2011

Úlladhradh

Grianghraif le Matthew Yohe.
Ní raibh mé riamh ar an Macslua. Mar sin, níl aon naomhsheanchas agam maidir le Steve Jobs, a bhásaigh ar an gCéadaoin. Tuigim cuid beag do Dhubhaltach - níl san fhísí  ach cuid den scéal. (Déanfaidh mé iarracht mo leagan fhéin a chuir air thíos)
Ach tá tábhacht mar sin féin leis an duine ar féidir leis nó léi daoine eile a spreagadh. Tá an cuma air freisin gur maith le daoine an eiseamláir  a dhéanann pearsanú ar theicneolaíochtaí casta. Is mairg don tír a bhfuil laochra de dhíth air, mar a dúirt Brecht fosta, ach is cosúil go santaíonn daoine é.


Cé thóg Téibh na seacht ngeata?
Sna leabhair luaitear ainmneacha Ríthe.
An iad na Ríthe a d'iompar na bolláin chuige?
Agus an Bhablóin a scriosadh go minic
Cé a d'aththóg chomh minic?  Cé na haráis
i Lima órlonrach ina raibh cónaí ar na tógálaithe?
Cá ndeachaigh na saoir an tráthnóna a cuireadh bailchríoch ar Balla Mór na Síne? Tá an Róimh Mór
lín-lán d'áirsí an Bhua. Cé orthu a fuair
na Caesar a mbua? Nach raibh ach páláis ag an Bhiosáint na laoithe dá áitritheoirí? Fiú in Atlantais na bhfinscéal,
san oíche a shlog an muir é bhí na fir báite ag screadach ar a ndaor.
Chlóigh Alastar óg an Ind.
Leis féin?
Bhuail Caesar na Gall.
Nach raibh cócaire, ar a laghad, bail é?
Chaoin Pilib na Spáinne nuair a chuaigh a chabhlach
go tóin poill? Nár chaoin aoinne eile?

Bhuaigh Feardorcha a dó cogadh na seacht mbliain. Cé
seachas é a bhuaigh?

Bua ar gach leathanach
Cé réitigh coisir an bhua?
Fear mór gach deich mbliain.
Cé d'íoc na costais?

A liacht tuairiscí.
A liacht ceisteanna.

Bertholt Brecht, Kalendergeschichten (1928)


Aguisín alt spéisiúil ar an ábhar i Le Monde.

06 October 2011

Gropiusstadt, 1987

Bloc ard árasáin. Sheas an t-aosánach ar an mbalcóin. Bloic eile thart air. Bóthar mór thíos faoi, deich n-urlár síos. Trácht trom. Bóthar caol díreach ar feadh achair. Ansin, balla. Deireadh. Lastall den mballa, cruithneacht go híor na spéire. Ach doshroichte. Doshamhlaithe dó; ach fíor.

04 October 2011

Fuil, cumasc agus bás i Meicsiceo

Chuir Tomás Mac Síomóin Gaeilge ar an úrscéal cháiliúil Pedro Páramo le Juan Rulfo roinnt blianta ó shin. Cé gur clasaic de chuid na Spáinnise an leabhar seo, caolseans go mbeadh sé léite agam murach Gaeilge a bheith curtha air! Tá smearadh Spáinnise agam ceart go leor, ach níl mó dhóthain chun saothar mar seo a léamh. Táim i bhfiacha ag Mac Síomóin mar sin as an lón intinne seo a chuir ar fáil dom.

Osclaíonn an scéal leis na reacaire ag triall ar bhaile dúchais a mháthair, ag comhlíonadh geallúinte a thug sé di agus í ag saothrú an bháis. Go rachadh sé ag lorg Pedro Páramo, a athair, más fíor. Tagann sé chomh fada leis an mbaile, Comala agus faigheann sé lóistín ó bhean. Ach diaidh ar ndiaidh tuigtear dó agus dúinn go bhfuil gach duine sa bhaile básaithe. Fearacht Cré na Cille, tagann reacairí eile chun cinn ag cur leis an scéal. Agus cloisimid scéal Phedro, agus a mhac Miguel, agus a gcuid bligeardachta. Feirmeoir mór is ea Páramo, atá brúidiúil ina ghnó le fir agus amplach sa tóir ar mhná. Ainneoin a chraos ban, tá grá éagmaiseach ag Pedro Páramo do bhean a bhfuil a meabhair caillte aici faoin am go n-éiríonn leis sealbh a ghlacadh ar a colainn.

Is beag nach féidir an fuil, an formad, ar fhoréigean, an miangas, an teas a bhlaiseadh san insint chumhachtach, reacaireacht na pearsan ag cruthú íomhá an frith laoich dúinn diaidh ar ndiaidh, agus a shaol ó tháinig sé i seilbh a oidhreachta, go dtí a bhás ag deireadh agus é tréigthe ag cách. Fite fuaite lena scéal, scéal muintir an bhaile agus an cléireach éadóchasach a mhothaíonn go bhfuil teipthe air mar shagart, é tar éis loic ar a phobal, díolta agus ceannaithe ag lucht rachmais. Pearsan eile freisin ann, iad lúbtha nó briste ag Páramo.

Léiriú cumhachtach ar chorbadh dhuine cumhachtaí ag leathnú amach agus ag scriosadh comhluadar.


Pedro Páramo
Juan Rulfo
Tomás Mac Síomóin d’aistrigh
Coiscéim 2008
160 lth.

03 October 2011

3ú Deireadh Fómhair, 1990

Fiche haon bliain ó shin bhíos áit éigin i measc an slua seo ós comhair an Reichstag. Bhí scata againn díreach i ndiaidh post a thosú le AEG i mBeirlín. Chuaigh muid chuig an Reichstag, áit a raibh slua lúcháireach ag ceiliúradh  teacht i bhfeidhm an Conradh Ceathair móide Dó  ar rinne Beitrittsgebiet den Sowjetische Zone. "Fearann aontachais" de bhrí agus go raibh an Oirthear ag glacadh le bunreacht an Iarthar - bhí foráil chuige sin ann ó 1949.
Meas tú an mó duine a bhfuil póit air ó shin de bharr an cheiliúradh? Cé go bhfuil sé tamall ó bhíos i mo chónaí thall, tá amhras orm go bhfuil na teorainn sna cloigne sáraithe. Bhí forálacha sna socruithe nár chuidigh. Rückgabe vor Entschädigung, abair: an prionsabal go rabhthas chun réadmhaoin a thabhairt ar ais dóibh siúd ar choigistigh an Rialtas Cumannach uathu é. Chothaigh sin achrann agus éagóir - agus táillí dlí gan amhras. Bhí cúpla dream ag éileamh seilbh ar an teach ina raibh cónaí orainne i Prenzlauer Berg roinnt blianta in dhiaidh sin - an Jewish Claims Conference ina measc. Ach bhí a lán gnáth saoránaigh san Oirthear a raibh píosa beag talún faighte acu ón Rialtas go hionraic - ní raibh cead an talamh a cheannach - , agus a raibh allas, fuile agus grá curtha isteach ann acu le daichead bliain a fuair iad féin díbeartha de dheasca an dlí úd. Is cuimhin liom scéal amháin faoi polaiteoir áitiúil de chuid na Glasaigh a chuir lámh ina bhás fhéin de bharr an strus a bhain leis. Scéal eile anseo.
Bhí an Solidaritätszuschlag ann fosta: tobhach dlúthpháirtíochta atá íoc thoir agus thiar ó 1991 chun costas an athaontaithe a ghlanadh, mar dhea. Is minic Wessis dall ar an bhfíric go raibh daoine thoir á íoc freisin. Agus gurbh siar a chuaigh cuid mhór den airgead pé scéal é - maraon le taiscí muintir an Oirthear. Murach an athaontú, bhí geilleagar an Iarthar i bponc!
Níl fhios agam an bhfuil sé fós amhlaidh, ach le linn domsa a bheith ann bhí idirdhealú de bharr bunadh ar pá san seirbhís poiblí - ainneoin go raibh cuid mór Státseirbhíseach ag obair lámh ar lámh le daoine ón Oirthear - a bhí ar 60-80% den bpá don post ceanna.
B'iadsan áfach an dream a raibh ádh orthu - bhí post acu. Bánaíodh fearann mhóra san Oirthear - dífhostaíocht suas le 60%. Rud a ghin frustrachas. Bhrúcht an faisisteachas agus an ciníochas aníos as an frustrachas seo agus bhí na fir i cultacha ón Iarthar réidh le teacht i dtír air.

Mar sin féin, sílim gur dul chun chinn a bhí, agus atá, i gceist do mór chuid pobal an Oirthear, agus go bhfuil siad sásta go maith bheith ina saoránaigh den bPoblacht Chónaidhme.  

Ar nóta pearsanta, murach imeachtaí 1989 agus 1990, ní bheidh mo bhean casta orm. Gach seans nach mbeinn théis dul chun cónaithe i mBeirlín - bhí cuairteanna tugtha agam air roimhe agus níor thaitin an smaoineamh bheith dúnta isteach liom. Go deimhin, bhí mé ann i Meán Fómhair 1989. Thug mé cuairt lae ar an Oirthear. B'iad an iliomad fear faoi éide i mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Ní fhaca mé aon chomhartha go raibh an réimeas ar tí teip! (D'fhoghlaim mé ina dhiaidh sin go raibh mór chuid den dream faoi éide ar saoire - ach go raibh dualgas orthu an éide a chaitheamh!)

02 October 2011

Is deise boladh breá ná clingeadh boinn airgid

Thug Tadhg an seanfhocal thuas agus an leagan Briotáinise 'Gwelloc'h eo c'hwez vat evit trouz arc'hant' ar twitter ar ball. Mheabhraigh sin scéal dom, agus ó tharla go raibh mé cinnte gurbh as Gearmáinis a léigh mé, chuireas cúpla focal isteach i nGoogle.  Tháinig mé ar an leagan seo, de bhunadh na hIaráine.

Bhí deirbhís an ar mbasár. Mean lae a bhí ann, agus tháinig ocras air. Bhí fonn air béile maith a chaitheamh. Thóg sé amach builín aráin a bhí aige. Bhain greim as. Ach ní raibh sé ag fáil aon bhlas air. Ansin líon boladh feoil rósta a phollairí. Chuaigh i dtreo fhoinse an dea bholadh.
Fuair sé é féin ós comhair siopa ina raibh ceibeab ar díol. Bhí scata istigh ag baint taitneamh as feoil rósta agus arán. Bhí deatach an tine ar a raibh an fheoil á rósta ag teacht i dtreo an fhir ocraigh. Go tobann, bhuail smaoineamh é. Thóg sé céim nó dhó chun tosaigh agus chroch a chuid aráin isteach i ndeatach na tine, is dtreo is go mbeadh imir éigin de bhlas an cheibeab air.
Ansin d'alp sé an t-arán agus mhothaigh sé de bheagán go raibh ceibeab agus arán á ithe aige. B'fhearrde an deatach blas a chuid aráin anois. Ansin mhothaigh sé lámh trom ar a ghualainn. 'Hé. Cad tá ar bun agatsa ansin?'
'Nach bhfeiceann tú', arsa an deirbhís, 'táim ag ithe aráin le deatach ceibeab'.
'Agus cé a thug cead duit?'
D'fhreagair an deirbhís: 'An bhfuil cead de dhíth orm? Tá an deatach ag dul le gaoth agus nílimse ach ag feabhsú blas mo chuid aráin leis'
Dúirt úinéir an siopa ceibeab 'Ní ceadmhach duit sin. Táimse ag cuir stró orm fhéin anseo agus is mian leatsa aráin agus ceibeab saor in aisce a ithe?'
'Cén bladar é sin uait? Liomsa an t-arán, agus is san aer, ní i do siopa atá an deatach'.
'Bhuel a mhic ó, mura íocann tú an deatach tabharfaidh mé ós comhair an bhreitheamh tú!'
'Ar aghaidh leat' arsa an deirbhís, 'an mian leat scean a chuir orm? Dá mbeadh airgead agam, is ag ithe ceibeab a bheidh mé seachas arán agus deatach'
Thug an ceannaí ceibeab an deirbhís ós comhair an bhreitheamh. D'inis siad araon a leagan de scéal. Rinne an breitheamh a mharana ar feadh scaitheamh.
Ansin d'fhiafraigh sé den cheannaí 'Nár mhaith leat seasamh siar ó do cheart?'
'Tuige go ndéanfainn sinn?  Nár ith an fear sin ceibeab? Caithfidh sé íoc as?'
Chas an breitheamh chuig an deirbhís ansin: 'Agus tusa? An bhfuil tú sásta íoc as an fheoil d'ith tú?'
'Cén fheoil?' a d'fhreagair an deirbhís?
'Muise, an feoil a d'ith tú le arán', arsa an breitheamh, 'An bhfuil airgead ar bith agat?'
'Tá trí bhonn agam, agus sin a bhfuil agam san saol', arsa an deirbhís, imní ag teacht air.
'Maith sin, Tabhair dom iad' arsa an breitheamh.
Go drogallach agus imníoch thug an deirbhís na boinn ar lámh.
Chaith an breitheamh ar an dtalamh iad, agus dúirt leis an gceannaí 'Glac anois le íocaíocht don deatach ceibeab'.
Bhí an ceannaí ar tí cromadh chun na boinn a thógáil nuair a labhair an breitheamh go gasta: 'Ní boinn ach cling na mbonn an íocaíocht ar deatach ceibeab!' Agus thóg sé na boinn ón dtalamh, agus bhronn arís ar an deirbhís iad.
Ansin dúirt sé; 'Tá an chás seo réitithe: tá íoctha ag an bhfear seo as deatach an cheibeab'.
Pul-e dud-e Kabab, Sedaje Seke ast.
Le clingeadh boinn a íoctar as deatach ceibeab
Baintear feidhm as an seanfhocal seo nuair a bhíonn duine ag éileamh íocaíocht ar saothar nár dhearnadh, nó earra nár chuireadh ar fáil.

01 October 2011

Gaois sa ghuth

Balla íseal cruinn. Díon adhmaid. Poll ina lár, le caipín air. Tine faoi, coire tae air. Aithris ar phuball na ngasóg Gearmánacha, an Jurte. Puball na Steip. An siolla Om greanta i leac cois dorais. Spás don ghuth. An scéalaí ag reacaireacht. Ciorcal ógánach ag éisteacht. Gaois an chine sa ghuth.