Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-11-29

Futa fata féasta

Tá rudaí thar a bheith spéisiúil ar bun ag Tadhg le Futa Fata le blianta beag anuas. Is breá liom an cur chuige straitéiseach atá acu - ag cur tús le réimse nua le haistriúcháin chun tuiscint a fháil don margadh, agus ansin bunábhar as Gaeilge a chuir ar fáil. Agus margaí a aimsiú don ábhar sin thar lear - chomh fada soir leis an gCóiré
Braithim go bhfuil an t-ádh liom iníon a bheith agam atá ag fás aníos ag am go bhfuil an forbairt seo ar leabhair ar bun ag Futa Fata! Tá nóta nó dhó scríofa agam cheana orthu:
Ó thaobh an aistriúcháin de, tá Futa Fata fillte ar an nós ciallmhar a bhíodh ann; sé sin, aistriú ó theangacha seachas an Bhéarla. Anois agus iad ag druidim le aoisghrúpaí níos sine, agus leis an déagóirí gur beag freastal a dhéantar orthu, tá dóchas agam go gcloífí siad leis an nós seo agus go gcuirfear saothair thaitneamhacha ar fáil nach mbeidh sean léite cheana ag léitheoirí óga na Gaeilge rompu.
Bheadh sé dodhéanta léirmheas chuimsitheach a thabhairt fiú ar an sciar den saothar atá i mo sheilbh, gan trácht ar an saothar iomlán. Ba mhaith liom rud nó dhó a lua, áfach. I dtosach báire, an ceol agus na rannta; dlúthchuid dár fuaimriain is ea iad - Gugalaí Gug, Ceol na Mara, Bliain na nAmhrán agus Peigín Leitir Móir.Tá sé thar a bheith tábhachtach dúinne atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge sa Ghalltacht go gcloiseadh ár gcúram guthanna eile Gaeilge seachas ár gcinn. Agus sna dlúthdhioscaí seo tá guthanna óga agus aosta ón nGaeltacht thiar, le rannta agus amhráin sean agus nua, ceolmhar so fhoghlama blasta. Taisce!
Ós ag caint ar ghuthanna muid, táim ana cheanúil freisin ar dhá scéal móide DD a chuir siad amach - Eileanór an Eilifint Éagsúil agus Frog sa Spéir. Scéalta le muinín a chothú atá i gceist leis an dá scéal seo, ach iad stuama ciallmhar freisin - i bhfad ón síolteagasc gur féidir le aoinne aon rud a dhéanamh beag beann ar chabhair ó dhaoine eile! Tá na fuaimrianta snasta, le meascán guthanna, ag cloí leis na luachanna a bheifí ag súil leo ó Futa Fata.
An fiontar is déanaí ná sraith úrscéalta go dhéagóirí óga agus páistí níos sine, aistrithe ón bhFraincis. Péire atá agam - "Oíche Mhaith a Bhanphrionsa" agus "An Lámh in Uachtar". Casadh chliste ar na finscéalta faoin prionsa a tharrthálainn an banphrionsa is ea an chéad ceann acu, le roinnt castaí glice ann agus léaráidí den scoth. (Ach deir m'iníon go bhfuil barraíocht gleo ann!).
Scéal iontach - ach d'aois ghrúpa rud beag níos sine -  "An Lámh in Uachtar". Pléann sé ar bhealach thar a bheith stuama agus réalaíoch le tromaíocht ar scoil, agus an imní agus pian a eascraíonn as. (Molta agam don príomhoide bunscoile - go deimhin is mithid dom mo chóip a fháil ar ais uaidh. Thaitin sé leis freisin)
suíomh breá snasta nua ag Futa Fata anois - bainigí sult as!

2011-11-27

Cloch ar charn: Mícheál Ó Bréartúin (1930 - 2011)

Thionlaic mé Mícheál Ó Bréartúin ar a bhealach deiridh inné; chuireamar i gcré na cille é i gCill Mochióg, ar bhunchnoic Sléibhte Átha Cliath. Oiriúnach go leor d'innealtóir, tá sé in luí lámh leis an M50, ach le radharc álainn sceirdiúil ó dheas ar na sléibhte, agus ansin sa treo eile anuas ar an gcathair. Le ceol uaigneach na bpíob uilleann, i lámha an tsáir-oirfidigh óig Stiofán Ó Casaide, a chuir muid é. Roimhe sin bhí Aifreann ina pharóiste baile i Rath Fearnáin, as Gaeilge don gcuid is mó agus arís le tionlacan ceoil ghaelaigh. Searmanas cuí. Thaitin na ofrálacha, a chuimsigh a shaol agus a spéiseanna, liom - Innealtóir de ghlúin roimh ríomhairí, níl ceist ach gurbh máistir ar an rialóir sleamhnáin a bheadh ann. Thug a ghar-pháistí nithe eile suas - leabhair, gan amhras, agus cóip den scannán Casablanca. Agus na spéaclaí léitheoireachta nach raibh riamh i bhfad uaidh, mar ba fear léann agus leabhair é.
Ainneoin gurbh den bpobal céanna, geal leis, mé - Teaghlaigh Gaelacha Bhaile Átha Cliath Theas, agus gur fhreastal baill dá chlann ar Scoil Lorcáin ag an t-am céanna liom, cé nach raibh aoinne acu in aon rang liom, bhí an teagmháil imithe i léig sula ndeachaigh mé thar lear, agus dearmadta go hiomlán agamsa.
Is tríd a chuid leabhair a chuir mé aithne arís air - Gnóthaí Eachtracha, a chuir síos ar a eachtraí agus é thar lear mar chomhairleoir de chuid BSL. Ansin Sreangscéal agus Aibhléis (pléite anseo agam). Tá leabhair eile dá chuid nach bhfuil léite agam fós. Ina dhiaidh sin chuir mé aithne air ag imeachtaí an Rotha,  cumann laistigh de Chumann na nInnealtóirí ina chíortar ceisteanna teicneolaíochta trí mheán na Gaeilge. Ní ansin, gan amhras, ach an sciar bheag dá ghníomhachtaí a raibh eolas agamsa orthu.
Tá daoine ann a bheadh in ann tuairisc níos cuimsithí a thabhairt ar a shaol fada agus na comaoin éagsúla a chuir sé ar phobal na Gaeilge. Níl anseo ach mo chloch duirlinge ar charn an fhir seo, a shaibhrigh mo shaol lena scríbhinní agus a chomhluadar.

Déanaim comhbhrón ó chroí lena bhaintreach agus a chlann.

Leaba i measc Naomh na nGael go raibh aige.

2011-11-24

Rilke, Iremonger & Iósaef

Ernst Barlach, An tAmhrasán.
Cóipcheart Deutsche Fotothek

   Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
(Mth 1:18-22)
Mar sin atá an scéal ag Matha.
Mar seo a shamhlaigh Rainer Maria Rilke é: (As Argwohn Josephs/Droch amhras Seosaimh)

Er begriff. Und wie er jetzt die Blicke,
recht erschrocken, zu dem Engel hob,
war der fort. Da schob er langsam seine dicke
Mütze langsam ab. Und sang Lob.
Agus is mar seo a chuir Valentin Iremonger Gaeilge ar an sliocht thuas.

Do thuig. Agus anois ar ardú dhó
a dhearcain fíor-imeaglaitheach don aingeal
d'imigh siúd. Do bhain sé de a chábóg
go righin mall. Ansan do chan, do mhol.

(Canadh Orféis: Tionscadal Rilke a spreag mé le Beatha Mhuire/Das Marienleben a cheannach. Is fiú é).

2011-11-20

Racht Teangain

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Rialtas ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.Is maith an rud é sin - agus is trua nach déantar a mhacasamhail le reachtaíocht eile. Go háirithe ós rud é go bhfuiltear chun deis a thabhairt don bpobal a dtuairimí a nochtadh. (Ceist eile an gcuirfear na tuairimí san san áireamh).
Ní sprioc ann féin párlathas Gaeilge. Ná ní sprioc ann féin "stádas na teanga". An sprioc ná síothlú na Gaeltachta a chosc, agus - go tánaisteach - cur le líon na cainteoirí Gaeilge lasmuigh den nGaeltacht. Tánaisteach, toisc nach leor líonraí de chainteoirí athbheochana, fiú más cainteoir athdhúchais iad, chun teanga beo bríomhar a bheith ann. 
Ach ní féidir an Ghaeltacht a láidriú gan cur leis na réimsí inár féidir Gaeilge a labhairt. Is maith ann an iriseoireacht agus an siamsaíocht trí Ghaeilge, ach ní leor é. Ní féidir linn ar fad a bheith ag déanamh siamsaíocht dá chéile agus bheith beo ar sin.
Iarracht a bhí in Acht na dTeangacha réimse na Státseirbhíse a athghabháil don Ghaeilge - réimse a bhí imithe le sruth ón uair gur cinneadh fáil réidh le riachtanas na Gaeilge do Státseirbhísigh. Mar a dúirt an Cadhnach, páipéir ar fad is ea an Státseirbhís - mar sin is léir go gcaithfeadh aon Acht gné páipéarachais a bheith ag baint leis.Tá an Acht cosanta go minic agam, ina measc an foráil go raibh cáipéis áirithe le foilsiú as Gaeilge go comhuaineach leis an leagan Béarla. Ní toisc go gcreidimse tábhacht a bheith ag na cáipéis sin - ach cionn is go gcreideann na maorlathaigh tábhacht a bheith leis na cáipéis sin, agus gurbh olc an fasach - le cloí lena mbéarlagair siúd - a bheadh ann ligeann dóibh neamhaird a dhéanamh i ndualgais reachtúil cionn is gur bhain sé le Gaeilge. Ach i bhfírinne is beag tairbhe atá ann, dar liom, má thiontaítear giotaí fhada de mheamraiméis tur - go háirithe más  aistriúcháinis a dhéantar as. Is fíor gur chuidigh seala an Fhorais rud beag anseo ó thaobh caighdeán de; ach fós ní bhíonn an saoirse (ná an t-am) ag aistritheoir, dá fheabhas é, athscríobh stuama i nGaeilge nádúrtha a dhéanamh ar na téacsanna seo. Sa mhullach ar sin - de bhrí gur gnáth saoránaigh seachas oifigí (a bhíonn ag caitheamh airgead daoine eile) a bheadh leagan Gaeilge uathu, ní rabhthas ag ceannach na leagan Gaeilge de na cáipéis seo, de bhrí go raibh an mórchuid acu ar fáil saor ar líne. Anois, tuigim go maith nach mbeidh cianóg rua breise ar fáil don Ghaeilge as an foráil seo a leasú - is as buiséid riaracháin na Comhlachtaí Stáit a tháinig an airgead seo, agus is ar ais sa tiachóg sin a  rachaidh sé. Mar sin féin, tá an oiread ceannlíne áiféiseacha tarraingthe ag an foráil seo, agus a laghad maitheas déanta aige gur mithid géilleadh straitéiseach a dhéanamh.
Maidir leis na scéimeanna - smaoineamh fónta a bhí iontu, sa mhéid is gur chuir an cur chuige sin an fhreagracht ar bhainistíocht na gcomhlachtaí stáit machnamh agus beartú cé na seirbhísí a bhí siad chun soláthar as Gaeilge. Ach níor lean an cuir i gcrích an smaoineamh; is iomaí scéim atá curtha ar an méar fhada, agus fiú na scéimeanna a daingníodh, rinneadh faillí iontu. Tá moltaí fónta déanta ag an gCoimisnéir Teangacha maidir le seo - go leagfaí síos leibhéal ar leith seirbhísí a mbeadh ar gach comhlacht stáit cloí leo; cóirithe de réir an teagmháil atá ag an gcomhlacht Stáit airithe sin leis an bpobal. Sin an bealach chun cinn, dar liom - mar atá léirithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall a bhfuil curtha go seasta acu leis an méid gnó trí Ghaeilge a déantar san oifig sna Clochán Liath.
Ag deireadh an lae, sin an teist a bheidh ar Acht fiúntach: go mbeidh pobal na Gaeltachta agus cainteoirí sa Ghalltacht in ann gnó a dhéanamh go nádúrtha trí Ghaeilge leis an Stáit.  Tá tábhacht leis sin san talmhaíocht agus san iascach - arbh iad fós bunchloch na tionsclaíochta sa Ghaeltacht, toisc gurbh leis an stáit is mó is gá cumarsáid a dhéanamh.
Is é an laige is mó a bhaineann leis an Acht, dar liom, ná go bhfuil cur i gcrích an Achta ag brath ar dhaoine aonaracha scaipthe tríd an státseirbhís - agus is minic iad ag gníomhú gan tacaíocht ná meas a gcuid bainistíochta.  Tá corr ghearáin seolta agam féin i dtreo an Choimisinéara nuair a theip orm píosa gnó a chuir i gcrích leis an Stát. Go hiondúil is iad na Coimisinéirí ioncaim a bhí i gceist - dream a bhíodh ag déanamh freastal ana mhaith orm nuair a bhí Aonad Lárnach amháin freagrach as plé le cúrsaí cánach as Gaeilge. Ach le blianta beaga tá cinneadh déanta acu gur de réir seoladh poist an cháiníocóra a phléifí le daoine. Rud a fhágann duine nó beirt san Oirdheisceart ag plé le líon i bhfad níos lú daoine; agus easpa taithí acu ar théarmaíocht; agus iad gan na gnáis ná modhanna chun an obair a dhéanamh i gceart. Seafóid atá ansin nach mbeidh toradh fónta air.
Sílim go mba cheart don Státseirbhís caitheamh le seirbhísí i nGaeilge mar seirbhís ar cheart a lárú - chun go mbeadh dream oilte daoine ag obair i bhfochair a chéile, leis na huirlis cuí agus ar a gcumas Gaeilge nádúrtha, a thuigfidh an pobal, a scríobh agus a labhairt. Is as grúpaí dá leithéid is fearr a thiocfadh forbairt ar theanga nádúrtha chun gnóthaí stáit a phlé, seachas ó aistritheoirí i gcúl seomraí ag plé le cáipéisí marbha.  Ba den chiall é a leithéid d'aonad nó aonaid a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht - chun go mbeadh na buntáistí tánaisteacha ag pobal na Gaeltachta; gurbh ann a chaithfí airgead atá á chaitheamh ar an nGaeilge, idir thuarastail, soláthair oifige agus araile. Tá glao aonaid curtha i bhfearas ag Údarás an Gaeltachta in áiteanna éagsúla sna Gaeltachtaí, agus cuid mór acu folamh toisc nár oibrigh an múnla gnó sin - mar sin tá na hionad agus an trealamh ann cheana.
Creidim dá bhrí sin gur botún a bheadh ann Oifig an Choimisinéara - atá ag cur seirbhísí maithe ar fáil cheana féin don bpobal agus do na comhlachtaí Stáit - a bhogadh as an Spidéal. Mura raibh ann ach aird a tharraingt ar easpa cumas an Roinn Oideachais gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, nó an bealach córasach a rinneadh faillí sna marcanna breise in agallamh a bhí iarrthóirí le Gaeilge a fháil. Ach is iomaí gníomh eile atá bainte amach aige, mar a léiríonn a thuarascála.
Agus in mo racht go n-uige seo.
Níl le déanamh anois ach slacht a chuir ar na smaointe seo agus iad a chuir i bhfoirm aighneachta. (Tá an Suirbhé líonta agam cheana)

Cáis scéal

Oszczypek, íomhá le Pawel Swiegoda
Beidh sé tugtha faoi deara agaibh go bhfuil rabharta cuimhní cinn maidir leis an bPolainn tar éis mé a bhualadh le tamall anuas. Nuair a bhí cónaí orm i mBeirlín, thug mé dornán cuairteanna ar an bPolainn - chuig Vársá, Kraków, agus Gdansk. Ní fada ó Kraków Auschwitz an míchlú. Sa mhullach ar sin, tá deartháir liom pósta thall agus bhíos ag a bhainis roinnt blianta ó shin.
Ach is amhlaidh gur cheannaigh mé píosa cáise Gołka ar na mallaibh i Polonez.(Sin, dála an scéil ceann de fíor bheagán iarmhairtí dearfacha an Tíogar Cheiltigh - gur chuir na hinimircigh go mór le hilchineálacht bia agus dí abhus)
Chuir sin siar ar bhóithrín na smaointe mé.  Um Cáisc 1995 thug mo bhean agus mé féin, agus an mac is sine cuairt ar Kraków. Bhí daoine eile ceaptha theacht linn, ach tharraing siad siad ag an nóiméad deiridh, rud a d'fhág ár socraithe lóistín ina gcíor tuathail. Bheartaigh muid gan ach lá nó dhó a chaitheamh i Kraków toisc nach bhfuair muid lóistín ar ár suaimhneas ann. Mol an teaghlach lena a bhfuair muid leaba agus bricfeasta dúinn aghaidh ar thabhairt ar Szczawnica, sna cnoic ar theorainn na Slóvaice - ar imeall Sliabhraon Tatra. Bhí óstán molta acu dúinn agus is air a thug muid aghaidh i dtosach. Ach níor thaitin sé linn - túr de plátaí stroighin réamhdhéanta, seomra i bhfad suas, agus gan é bheith sábháilte do naíonán. Ar ámharaí an tsaoil d'aimsigh muid seomra le teaghlach thíos sa bhaile agus caith muid roinnt laethanta taitneamhacha ann.
Is ann a thuig mé cad go díreach atá i gceist le hEaglais lán! Aoine an Chéasta bhí mé ag na searmanais agus ní raibh slí bogadh san Eaglais. Nuair a feac duine amháin glúin, bhí ar cách amhlaidh a dhéanamh! (Tharlódh nach bhfuil an scéal amhlaidh níos mó - bhí an Eaglais fite fuaite leis an streachailt in aghaidh an Chumannachas; sílim go raibh torthaí den gcineál céanna aige sin agus a bhí ag Caesar is Críost lámh ar lámh le chéile abhus, agus go mbeidh a mhacasamhail d'íonghlanadh de dhíth thall agus atá abhus).
Is ann freisin a bhlais mé den Oszczypek - cáis deataithe fearacht Gołka ach le bainne caora seachas bó. Níor éirigh liom teacht ar an gcáis ó shin.
Agus sin an eochair  a d'oscail comhla an chófra ina bhfuil na cuimhní cinn Polannacha ...

2011-11-19

Loisceadh feola

Oibrí deonach ab ea an t-ógánach. Fonn air leorghníomh a dhéanamh i bpeacaí a chine. Lóistín aige le seanbhean. Togha na haire á fháil aige. Drogall uirthi ligeann dó cócaireacht. "Dá loiscfeá an fheoil, dtuigeann tú? Tá an boladh úd fós i mo phollairí. Réabfaí na coilm ar créachtaí mo chuimhne."

2011-11-18

Srath na Beitheanna

An t-aosánach ag amharc as túr ar gheata. Líne iarnróid. Deireadh tobann. Fothraigh stroighin. Agus ar dheis agus ar chlé, chomh fada le radharc na súil, rudaí ag gobadh suas ina bpéirí. Simléir bríce. Crainn scaipthe ar fíor na spéire. Tost marbhánta. Áit ar theagmhaigh ifreann leis an saol seo.

2011-11-17

Port an stocaire seinnte



Cearnóg cuanna lár Eorpach. Eaglaisí. Halla margadh, áirsí galánta, siopaí ardnósacha in áit na gceannaithe síoda & ola. Fámaire ag fálróid. Gearrann fuaim stoic tríd an fothram. Port mheanmnach. Stop tobann. Tuige? Ar ball, foghlaimíonn sé. Ar an nóta sin a stop saighead namhaid an stocaire, fadó.

2011-11-13

Gaelscéal, failscéal, nó feallscéal?

Bhí alt le déanaí ag Pól Ó Muirí san Irish Times "Foras na Gaeilge míshásta le díolachán an nuachtáin Gaelscéal"; cuireann Pól deireadh lena alt leis an gceist "Cad é a bheidh fágtha ag deireadh an chonartha seo don fhoras, do lucht na Gaeilge agus don cháiníocóir - Gaelscéal nó Failscéal?" Luadh díolacháin 2000 cóip a bheith ag an nuachtán san alt, figiúr a thug fostaí de chuid an Fhorais ag éisteacht Coiste i gCnoc an Anfa. Thart ar 3000 cóip atá a dhíol más fíor an méid a luaigh fostaí eile ar Glór Anoir an lá céanna. Tá na figiúirí sin tubaisteach - bhíodh thart ar 5000 cóip á dhíol ag Lá arbh é breith an Fhorais faoi nach raibh margadh ann dó, agus gur thug siad an chaidhp bháis dó dá réir.

Ní gnó tráchtála is ea Gaelscéal (ná sean Foinse ná Lá roimhe). Airgead stáit an príomh fhoinse ioncam aige. Uirlis de chuid an Stáit atá ann, mar sin. Uirlis chun polasaí an Stáit a chuir i gcrích. Maíonn an Stáit (san Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge) gurbh é a pholasaí "an líon daoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, agus atá in ann teilifís, raidió agus na meáin chlóite a rochtain tríd an teanga, a ardú." sa bhreis ar líon na cainteoirí laethúla laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht a mhéadú.

Tá sé follasach go bhfuil nuachtán láidir lárnach má tá a leithéid de pholasaí le cur i gcrích. Agus go n-éilíonn nuachtán láidir iriseoirí láidre. Ní ón spéir a thiteann iriseoirí oilte, áfach. Tá gá le straitéis agus oiliúint chun a leithéidí a bheith ann. Ach is beag duine a chnuasaigh taithí le Foinse ná Lá atá fós ag obair mar iriseoir cló; agus ar an mórgóir is iad siúd a bhí díreach ag tosú amach ar an ngairm atá ag obair do Gaelscéal, seachas corr cholún ó iar eagarthóirí Lá, Conchubhar Ó Liatháin  agus Eoghan Ó Neill. 

Is fíor go bhfuil dúshláin roimh nuachtán ar bith i ré teicneolaíocht na faisnéise. Agus go bhfuil dúshláin ar léith maidir le dáileadh ag nuachtán i mionteanga a bhfuil na pobal léitheoireachta scaipthe. Ach is le dul i ngleic leis na dúshláin atá tacaíocht an Stáit ar fáil.

Ní leor nuachtáinín a bheith ann chun tic a chuir i mbosca. Tá an gné "feiceálacht na Gaeilge a ardú" a chur i gcrích go paiteanta ag Foinse Nua san Indo - gan deontas Stáit ar bith. (Agus sa mhullach ar sin, tá siad ag cuir leis an seirbhís a chuireann Nuacht 24 ar fáil tríd nuacht scéalta reatha a scaipeadh ar líne anseo:)

Caithfear smaoineamh freisin go bhfuil sé éasca ag eagraíochtaí a gcuid eolais féin a scaipeadh ar líne - mar sin níl ciall ar bith le bheith ag cuir preasráitis i gcló, preasráitis a mbíonn an mbunáite léite (fá thrí scaití) ag léitheoirí sula mbíonn an nuachtán fiú i gcló.

Ról nuachtáin agus iriseoirí an scéal laistiar den scéal a nochtadh, agus anailís a dhéanamh air. Ról bhreise nuachtán Ghaeilge cur i gcoinne cúngú réimsí na teangain. Ní gan dua ná gan acmhainní a dhéanfar sin. Agus is laincis mhór ar nuachtán Ghaeilge iad a bheith ag tarraingt a gcuid deontais ón dream - an Roinn agus an Foras - is mó atá scagadh de dhíth ar an gníomhartha má tá freastal ceart le déanamh ar phobal na Gaeilge.

Mar sin féin, sílim gur féidir le Gaelscéal feabhas a chuir orthu féin. Cá bhfuil na cainteoirí dúchais spéisiúla, láidre? Ní cuimhin liom alt a bheith ann ag Seosamh Ó Cuaig, nó Joe Steve Ó Neachtain, abair. Is fíor go mbíonn Breandán 'ac Gearailt ag scríobh dóibh - ach é folaithe i nuacht an pharóiste sna leathanaigh áitiúla seachas leathanach iomlán a bheith aige mar a bhíodh i bhFoinse. Cá bhfuil aos ollscoile? Alt amháin le Ó Giollagáin agus Ó Cuirneáin - ach an bun alt foilsithe roimhe san  Examiner! Táim cinnte go bhfeadfaí feidhm níos fearr a bhaint as scileanna Alex Hijmans nó Tomás Mac Siomóin. Tá an freastal a dhéantar ar litríocht tite siar go mór le hais an méid a bhíodh ag Lá nó Foinse. Agus bhí an méid sin féin sách lag, ag cur leis na deacrachtaí san earnáil sin de bharr faillí ÁIS agus nádúr an ghnó (ach is áisíneacht de chuid an deontóra atá i gceist an sin freisin).

Léiríonn an Irish Times gur féidir colúin maithe i nGaeilge a chuir ar fáil go rialta.  Ach is cosúil nach bhfuil iomaíocht ar bith le bheith ann do Alan Titley mar cholúnaí na bliana!

Nílim féin tógtha leis an athrú go Céadaoin. Tá úire tábhachtach do nuachtán. Thógadh sé lá nó dhó orm uaireanta teacht ar chóip agus é a fhoilsiú ag an deireadh seachtaine. Beidh sé níos deacra orm teacht ar chóip i lár na seachtaine - beidh an nuacht stálaithe ar fad nuair a thagaim air mar sin.

Is fíor go bhfeadfainn an leagan ar líne a léamh - agus b'fhéidir go ndéanfaidh sin seachas airgead agus stró a chaitheamh ag lorg an earra cló. Táim measartha cinnte gurbh sin cuid den chúis go bhfuil an díolaíocht íslithe - tuige dul á lorg i siopa ó siopadóir doicheallach nach bhfuil fonn air bheith ag plé le cóip nó dhó agus dornán le seoladh ar ais gach seachtain, má tá sé ar fáil ar líne.

Ach is tarraingt siar san saol dofheicthe a bheadh i gceist leis sin, doras eile ar gheiteo na Gaeilge dúnta. Níl sin ag teacht leis an sprioc, dar liom.

Feall atá ann, dar liom, gan straitéis agus cur chuige a bheith ann chun nuachtán láidir a dhéanfaidh fónamh don phobal na Gaeilge a chuir ar fáil, le hais earra tic i mbosca leis na "Gaeilgeoirí" a choinneáil suaimhneach. 

Agus sin mo racht go n-uige seo.

Lóchrann geal na Samhna

Leagan Elisabeth Steineke
de scéal Máirtin agus an Bhacach.
Eaglais S. Martin, Bremen.
Grianghraif le Jürgen Howaldt
B'é de hAoine Féile San Máirtín. Tá ionad thábhachtach aige i mbéaloideas agus naomhsheanchas na Mór Rinne, agus na Gearmáine ach go háirithe. Déantar é a chomóradh ar an iliomad slite, ach is minic go mbíonn an naomhscéal atá léirithe thall lárnach.
Ba saighdiúir i Léigiún na Róimhe é Máirtín in óige, fearacht a athair. Deirtear go raibh sé tráth ag filleadh ar an dún oíche fhuar feanntach nuair a chonaic sé bacach sa sneachta, gan aige ach giobail mar éadach. Ní raibh faic ag Máirtín le bronnadh air, ach rinne sé dhá leath dá bhrat lena chlaíomh. Istoíche tháinig ár dTiarna chuige in aisling, agus an leathbhrat uime.
Bhí muid san Eaglais Liútarach in Éirinn inné i bhfochair scata mór leanaí arbh de bhunadh na Gearmáine iad, nó gaol acu léi. Chuir an ministir agus roinnt gasúir níos sine an scéal i láthair le pictiúr, caint agus amhráin.
Ansin leanadh le gnás eile de chuid na Gearmáine ar lá mar seo - lóchrainn a iompar i mórshiúil thart ar an mbloc - síos bóthar Adelaide, agus ar ais fán gcanáil.  Tá cnuasach bhreá amhráin a cantar ar ócáid mar é.
Ina measc an ceann thuas: Ócáid thaitneamhach atá ann, agus fán bealach fuair muid Bretzel; agus ar ais san Lutherhaus bhí Glühwein ar fáil (agus rudaí níos séimhe do na páistí!). Cinéal réamhbhlaiseadh den Aidbhint atá ann - sa Ghearmáin cuirtear tús leis an tréimhse Carnabhal ar an lá seo. (Bhíodh an Aidbhint ina thréimhse troscadh agus tréanas fadó)

2011-11-12

Reanna neimhe: Cancer

Caindcer,  i. an partan laigh, i. righ na partan. & as aire so ro suighigheadh eidir na rannaib e, i. aimsear da raibhe Earcal ag siubhal na tragha & tarrla air an Idhghir adhbfuathmhur arachda ilargha, & do comhraigh Earcail frisin n-Idhir co talcair tren-calma & tainig an partan chucu da n-insaighi, & rogab greim as cois na h-Idhrigh gu ro bacaidh e & gu ro thuit toid sin re Hearcail.

Cancer, i. an portán ?, i. rí na bportán. Is uime seo do suíodh idir na reanna é, i. an uair dá raibh Earcail ag siúl na trá agus tharla ar an Hiodra adhfhuafar, arrachtach, ilchruthach agus do chomhraic Earcail leis an Hiodra go talcmhar tréan chalma agus tháinig an portán chucu dá n-ionsaí agus rug greim as chos an Hiodra go rinne bacach dó agus thit sé sa troid sin le Earcail.

Foinse: Ranna an Aeir. 

Ag siúl cois Feartraí

Leagan maisithe d'armas BhÁC ar an Damba Íochtair
Tá taiscumar a fhónann do Bhaile Átha Cliath in aice an Tóchair i gCill Mhantáin. Tá cosán thart ar an taiscumar agus is áit deas do siúlóid atá ann. Is ann a chuaigh mé an Domhnach seo chaite le mo mháthair agus deirfiúr liom. Tá spás do roinnt beag carr ar Droichead Water ar an mbóthar idir Baile an Chinnéidigh agus an Tóchair. D'fhág muid an carr ansin agus shiúl ar an mbruach thoir den taiscumar an dtúis. Tá ballán ann ar bhruach an taiscumar tar éis cúpla céad méadar, agus fógra chuige. Poll thart ar 20 cm, cruinn atá sa charraig, atá measartha mór. Bhí dhá carn de thrí chloch beaga ar an gcloch agus muid ann.
Leanann an cosán ar aghaidh tríd crainn fán bruach thoir, é tirim don gcuid is mó ach roinnt dríob ann freisin.Ní mór ansin siúl fán mbóthar chun an damba íochtar a thrasnú, ach is fíor bheagán trácht a bhíonn ar an mbóthar seo, mar sin níl aon bhac ar taitneamh a bhaint as an siúl, agus ailtireacht mhaisithe innealtóireachta an 19ú aois. Filltear ansin ar an mbruach thiar, cosán leathan go maith anseo - bóithrín beagnach. Thart ar uair an chloig ar an iomláine a mhaireann an siúlóid seo, atá thart ar 7 km, ach ana chothrom. Ba léir áfach go raibh an t-uisce san taiscumar íseal, ainneoin an doineann ar fad a bhí againn ar na mallaibh.
N'fheadar mar sin conas atá an iascach - ach féach gurbh iad teangacha imeallbhoird thoir an Mhuir Bailt atá baill an Béarla ar an bhfógra!
Siúlóid taitneamhach Domhnaigh, agus crainn aibí thart ar taiscumar deas. Sílim go bhfuil cosáin ó thuaidh ó Droichead Water, ach níl aon chur amach agam orthu. Sprioc do lá eile, seans.

Tá suíomh deas faoin abhainn anseo:

Gur Eile


TheNew Theatre, Barra an Teampaill – 8pm, 7 – 10 Nollaig, 2011.
Seo chugaibh geamaireacht nua (18+) ó Aisteoirí Bulfin.
Script le hAodh Ó Domhnaill, arna léiriú ag Barry Barnes.
Tagann beirt ghoraille (Gur & Gur Eile) ó Uganda go hÉirinn ar thóir oibre. Níl rompu ach tír dhearóil faoi ghéar-smacht ag an IMF. Cén toradh a bheidh ar thoghchán don Uachtaránacht, nuair atá Banríon Shasana sa chomórtas?
Cinnte, beidh ceol, greann agus rí-rá craiceáilte!

ÁIRITHINT:      Fón: 01-6703361.   Ar-líne:  www.thenewtheatre.com

Turas taibhseach

Chuaigh scata againn ón oifig ar an dturas bus seo le gairid. Is éard atá i gceist ná turas treoraithe neamhghnách ar lár Chathair Bhaile Átha Cliath, le béim ar an alltar agus a leithéidí. Bíonn aisteoir i gceannas agus an bus feisithe le gnáth fearais an uafáis tráchtála - líonta bréagach damháin alla, creatlacha saorga agus mar sin de. Dubh agus craorag in uachtar sna dathanna,  clapsholas laistigh ar feadh an turais agus mar sin de. Phioc an bus suas muid ón oifig agus bhailigh an aisteoir a bhí i gceannas ar an slí go lár na cathrach. Baineadh siar rud beag as siúd cionn is nach raibh muid - seachas roinnt de na cuntasóirí - tar éis bheith sa tábhairne roimh ré. Bhí sé níos cleachta le slua ar bhog meisce a stiúradh, agus bhí breis saothair ar dá réir muid a spreagadh. Bhí stór maith scéalta uafáis aige maidir le bás agus corpán sa chathair, agus an cineál ruda a bhíodh ar siúl ag máinlianna san 18ú aois sa Choláiste ar sráid Chill Dara, mar shampla. Bhí sruth láidir grinn tríd an rud ar fad áfach. Stop muid ag Páirc Naomh Caoimhín - arbh reilig é tráth. Bhí baint ag an áit seo leis an Easpag Diarmaid Ó hUrthuile a cuireadh chun báis go barbartha le linn ré Eilís I. Ba foinse uafáis an scéal sin sa dorchadas. Bhí droch-cháil ar an reilig céanna de bharr gníomhartha na robálaithe coirp, agus bhí aisteoir eile ar lámh chun a modh oibre siúd a léiriú. Lean an chamchuairt ar aghaidh ansin go dtí sean bhallaí na Cathrach agus na céimeanna ag Eaglais San Audeon. Thug an reacaire dornán scéalta uafáis eile dúinn ansin, ina measc scéal Buck Whaley agus an Hellfire Club.
Ba reacaire bhreá é, agus stór shaibhir scéalta agus geáitsí aige, agus b'fhiú an turas a dhéanamh chun léiriú eile a fháil ar an gcathair.

2011-11-03

Splancghaeltacht

D'fhág mé an obair luath de hAoine beag seo agus thug aghaidh ar an mbóthar ó thuaidh le mo bhean agus mo chlann. Bhíomar chun páirt a ghlacadh i Tumchónaí Gartan, egraithe ag Comhluadar Leitir Ceanainn agus Gaelphobal. Tháinig scata mór (17+) le chéile in Ionad Oideachais Gartáin. Tá sé sin lonnaithe ar bhruacha Loch Gartáin, áit dhúchais Cholm Chille. Bhí an ionad, a ghlacamar seilbh iomlán air, thar a bheith feiliúnach toisc go raibh seomra ann do gach teaghlach agus freisin roinnt seomraí suite a thug deis do na haoisghrúpaí éagsúla - agus bhí gach aos ann ó leanbh go déagóir - caidreamh a dhéanamh le chéile gan bheith de shíor in adharca a chéile. Rud a thug deis do thuismitheoirí comhrá ar a suaimhneas chomh maith.
Bhí roinnt imeachtaí eagraithe ann - go háirithe turas ar cadhcanna ar an loch - agus báid dúbailte ann dóibh siúd, fearacht mise, a raibh páistí óga acu.  Bhí deis againn freisin triail a bhaint as boghdóireacht. Tráthnóna Satharn bhí céilí agus cóisir bréagéide ann, agus deis do gach teaghlach a gcuid tallann a léiriú. Buaic amháin a bhí ann dar liomsa nuair a d'inis Séimí scéal fiannaíochta mar is cóir - ag fí daoine a bhí i láthair isteach sa scéal agus ag spochadh as cúrsaí reatha. Bhí ceol agus canadh, rince agus scléip ann. Bhí deis ag gach teaghlach lóchrann Síneach a scaoileadh freisin, agus roinnt dráma nuair a chuaigh ceann acu i bhfostú i crann! (Bhí ar mac liom dul ag dreapadh)
Bhí an spraoi ag óg agus aosta ann. Agus deis againn ar fad cumarsáid nádúrtha as Gaeilge a dhéanamh. Rinne dornán beag daoine obair na gcapall sa chistin chun bia bhlasta a choinneáil linn ar fad. Ansin maidin Domhnaigh bhí Aifreann spreagúil againn as Gaeilge. Níl fhios agam cad as a tháinig an sagart agus níor thug mé a ainm liom, ach rinne sé sár jab de gach duine a cheangail isteach san Aifreann gan an searmanas a chuir as a riocht in aon chor. Agus sin uilig gan a chuid spéaclaí a bhí dearmadta aige!
An t-aon mhairg a bhí ann ná go bhfuil Tír Chonaill an fhada ó Chill Mhantáin, agus a lán taisteal i gceist dá réir. Ach is iontach an spreagadh agus fuinneamh is féidir bhaint as ócáid mar seo agus tú ag tógáil clann le Gaeilge. Go háirithe agus daoine ó gach cearn den oileán páirteach ann! Éacht eile curtha i gcrích ag an lucht eagar - mo bhuíochas ó chroí leo, go háirithe le Gina, Tom, Seán Mór, Máirtín. Buíochas freisin le foireann an Ionaid a rinne a dhícheall an Gaeilge a bhí acu - níos mó ná mar a shíl siad! - a úsáid.

2011-11-02

Triath na bhFocalbhách

Bhí sé d'ádh orm freastal ar dhá ócáid le Alan Titley ar na mallaibh. Mar chuid d'fhéile IMRAM, chuir Michael Cronin faoi agallamh phoiblí é. Agus ar an 26ú DF thug sé leacht mar chuid de chomóradh céid an Timire ar ról na nÍosánach - cuid acu pé scéal é - i léann agus go háirithe foclóireacht na Gaeilge. Dhá ócáid spleodrach. Agus Éamonn Ó hÓgáin á chuir i láthair dé Céadaoin seo chaite luaigh sé 'binb bhlasta' leis; earra atá aige cinnte, maraon le faobhar intinne, flosc focail agus féith fíochmhar grinn.
Ba dhá ócáid spleodrach iad dá réir, é ag líonadh an seomra lena chuid fuinneamh. B'é an rud is mó a d'fhán i m'aigne ón agallamh ná a chol le teoiricí - é den tuairim go bhfuil áit ann dóibh ach gur minic gur tríd priosma na teoirice a fheiceann lucht teoirice an uile ní, agus go mbíonn siad dall  ar aon rud lasmuigh den réimse cúng sin. Leag sé béim ar thábhacht na daonnachtaí agus chaoin an neamhaird a feictear dó a dhéanann na damh teicniúla iontu. Is féidir go bhfuil an ceart aige maidir le lucht ollscoile; ach sílim meas a bheith ar na daonnachtaí ag lucht teicniúil san fíor saol. Is le lucht áireamh pónairí, a thuigeann costas ach ní luach, atá an fíor fhadhb, dar liomsa.
Is deacair a cheart a thabhairt don agallamh i mblagmhír, go háirithe geal le coicís ó tugadh é ach bhís cruógach go dtí seo! Sa mhullach ar sin, beidh an agallamh le clos (& á phodchraoladh tá súil agam) ar RnaG amach anseo - bhí Cathal Póirtéir ann á thaifead.
Níl fhios agam an mbeidh teacht i bhfoinsí eile ar an léacht a thug sé. Is iad na hÍosánaigh gan amhras a fhoilsíonn an Timire agus bhí sé ag trácht ar triúir den gcomplacht sin a shaothraigh gort an Ghaeilge agus na foclóireachta ach go háirithe. Pádraig Ó Duinnín, gan amhras - ach beirt eile nach gcloistear ar oiread sin fúthu: Eoin Mac Fhir Léinn agus Láimhbheartach Mac Cionnaith.
Arís, is deacair an chaint a cheapadh i bhfocail anseo, go háirithe ó theip orm é dhéanamh agus é úr te bruite i'm aigne. Ach má leanann sibh na naisc úd, gheobhaidh sibh na sonraí a chnuasaigh Máire Ní Murchú agus Diarmuid Breathnach agus atá anois ar fáil ar ainm.ie