Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-01-15

Úrscéal nó Stair: Freagra ó Thomás Mac Siomóin:

I dtrácht thíos ar an mír seo, chuir Seán an cheist arbh úrscéalta nó stair na leabhair a bhí faoi chaibidil. Chuir mé ceist dá réir ar Thomás, agus seo a fhreagra:

Mar fhreagra ar do cheist:
 
Leabhra staire is ea Nasc na Fola agus Na/Los Patricios sa mhéid is go gcloíonn siad go dlúth le fíricí na staire, mar is eol dúinn iad. 
 
Úrscéal stairiúil is ea Ceallaigh, sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe ar fhíricí na staire, mar a d'aimsigh taighde iad, agus ar thaithí pearsanta an údair. Anuas ar sin, thugas cead coise do mo shamhlaíocht ó thráth go chéile. Ansin fhéin, coinníos cuibhrithe ag fíricí is ag taithí í. Mar shampla, d'úsáideas agallamh samhalta a chuir O'Kelly ar de Céspedes, Uachtarán Sar-Chúba, leis an riocht ina raibh fórsaí na Réabhlóide (bunaithe ar fhoinsí comhaimseartha) a léiriú. Stair lom gan frapa gan taca is ea an cur síos ar bheatha J.J. O'Kelly atá ar chúl an leabhair.
 
Seánra seanbhunaithe is ea an t-úrscéal stairiúil, ar ndóigh. Tagann muid ar Napoleon agus a leithéid i Cogadh agus Síochán Talstáidh. Is liosta fada le háireamh é liosta ballraíochta an tseánra chéanna. Ainmnítear pearsain aitheanta i Fontenoy Liam Mhic Chóil; tá cúlra fírinneach stairiúil, tréimhse ionsaithe Crombhuel ar Éirinn, ag An Cléireach Dharach Uí Scolaigh agus tá Gearóid Iarla, úrscéal de chuid Mháire Mhac an tSaoi bunaithe ar shaol an phearsa stairiúil chéanna.
 
I mBéarla, áirítear Slaughterhouse 5 Vonnegut, for Whom the Bell Tolls Hemingway, Orlando Virginia Woolf  etc etc etc mar leabhra a bhfuil cúlra cinnte stairiúil acu. Sa tseánra céanna áirítear leabhra a choinníonn go dlúth leis na fíricí agus iad siúd ina mbíonn an ceangal úd scaoilte, ar nós na cinn atá luaite anois beag agam. Má tá ceisteanna eile ar sliobarna, failte rómpu.