Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-02-04

An Turcach, an tSlóvacach agus an Déiseach

Turcach von Kempelen, léaráid comhaimseartha. Ón ghnáthfhoinse.
D'fhreastail mé ar léacht Annraoi de Paor ag an Roth Déardaoin: "Wolfgang von Kempelen (1734 – 1804): Gaeilgeoir ? Ildánach Slóvaiceach". Léachtóir den scoth is ea Annraoi, a raibh sé de phribhléid agam a bheith mar mhac léinn aige scór bliain ó shin. Agus tháinig mórán nithe a bhfuil sé ceanúil orthu le chéile san léacht seo; an tSlóvác, a bhfuil nasc agus grá aige léi le tríocha cúig bliain, an innealtóireacht chun tairbhe an duine, an stair, agus an Ghaeilge.
Tá cáil ar Kempelen de bharr an  Turcach Meicniúil, inneall más fíor a bhí in inmhe ficheall a imirt agus imreoirí mór le rá a bhualadh - agus sin san 17ú aois. Mar a tharlaíonn sé, cleas ab ea é, cófra deartha sa chaoi agus go raibh an cuma air nach raibh ach inneall ann. Ach i bhfírinne bhí duine istigh, ag imirt an fhicheall. Mar sin féin bhí gnéithe suntasacha  innealtóireachta i gceist - ina measc an sciathán agus lámh. Bunaíodh géaga agus lámha bréige ar an dearadh sin.
Bhí inneall eile aige a bhí in ann aithris a dhéanamh ar an nguth daonna go meicniúil. Inneall a chabhraigh go mór leis mar teiripeoir urlabhra, craobh den eolaíocht a chuidigh sé go mór leis. Spreagadh suim Annraoi sa bhfear seo freisin de bhrí go raibh a chairde sa tSlóvaic cinnte gurbh sloinne Éireannach a bhí i gceist le Kempelen. Dar ndóigh, ainneoin go bhfuil sé dearmadta againn anois bhíodh Gaeil bainteach le lár na hEorpa. Luaigh sé roinnt samplaí - Art Ó Laoghaire, ar cumadh an caoineadh cháiliúil ar a bhás, mar shampla, arbh Captaen i Reisimint Ungárach é. Rinne Annraoi, mar is dual do scoláire, an scéal a fhiosrú - ar an idirlíon, agus sa mhodh traidisiúnta tré comhfhreagas le aos léinn ar fud na hEorpa, beathaisnéisí von Kempelen, an Dochtúir Alice Reiniger as Vín na hOstaire ina measc. Roinn sé na torthaí atá bainte amach go dtí seo aige linn; tagairt i bhfeartlaoi do Kempelen ag cara leis do ocht teanga a bheith ar a thoil aige sa bhreis ar an nGaeilge. A nasc le Györ san Ungáir, áit ar theith Easpag Éireannach ó Chromail.Tá Íomhá den Mhaighdean a thug sé leis fós ann. Tá teoiric ag Annraoi, agus é a leanacht dá thaighde gurbh féidir gurbh as an sloinne Campion a d'eascair Kempelen, agus go raibh sinsir von Kempelen i measc an dreama a theith leis an Easpag. 
Ba léacht fíor mhaith a bhí ann, scoláireacht agus taithí saoil agus taistil fite fuaite ann. Níl  ansoe ach scáth thanaí de thuairisc.
Dála an scéal, beidh Annraoi i measc lucht inspioráide atá le clos ag Imbolc i mbliana.