07 April 2012

Forrán

Léim mé isteach sa Tacsaí i bhFaiche Stiabhna. Ainm agus Sloinne Gearmánach. Forrán as Ghearmáinis. Ní raibh sí aige. Cheil a athair air í. Cuimhní pianmhara. Cathair Stailín. Cogadh. Géibheann. Géibheann a thug slán é, agus abhus ar deiridh. Ach na deirfiúracha sa bhaile in Erfurt - scéal eile.

2 comments:

ormondo said...

Ba hiondúil an Ghearmáinis a cheilt ar na páistí a tugadh go hÉireann i ndiaidh a chogaidh, cé gur le dea-rún a deineadh é, gan amhras...

aonghus said...

Sa chás seo is an athair a tháinig - via SAM - go hÉireann.