Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-04-08

Imbolc 2012: Goltraí, geantraí ach gan suantraí!

Liam Ó Maonlaí ag Imbolc
Le caoinchead Imbolc agus an Ghrianghrafadóra
Le ceolchoirm ó Liam Ó Maonlaí ar an Aoine a d'oscail Imbolc i mbliana. Bhí mo cheacht foghlamtha agam ón mbliain seo chaite agus bhíos i láthair i measc an tslua a líon an Ionad Cultúrtha go doras.  Ar feadh cúpla uair an chloig bhí muid faoi dhraíocht ag Liam, é ag seinm rogha leathan uirlis, agus é agus a ghuth á riastradh leis na mothúcháin a chur sé in iúl lena amhráin i nGaeilge, Béarla, agus - más buan mo chuimhne - teanga bundúchasach de chuid Meiriceá Thuaidh. Bhain sé ceol iontach as an pianó atá ann chun fathach ceoil eile - Séan Ó Riada - a chomóradh. Bhain sé ceol as a chosa nochta. Bhain sé ceol as giotár. Chuir sé an Mbira inár láthair go healaíonta. Agus le linn amhráin amháin, gan focal treorach a bheith ráite, "sheinn" sé an lucht féachana, ag mealladh dord ceolmhar asainn le nod dá chloigeann. Eispéireas a bhí ann, cinnte.
De Satharn, b'é a chuir clabhsúr leis an comhdháil, ag labhairt linn ar na foinsí a chothaíonn an ceol ann, agus an tábhacht leis an nGaoluinn agus an ceol ina shaol, an chaoi a fuair sé le huacht óna athair iad agus mar a múnlaíodh eisean agus an ceol san teannas agus sa ghrá eatarthu. Ba chuí an dá foirceann iad an an ócáid seo, a fáisceadh as grá na cainteoirí dá ngairm, mar a bheidh le rá anseo agam ach a mbeidh mo thuairisciú comhlíonta! Cuireadh eireaball leis dóibh siúd a d'fhán i mBaile Bhúirne, mar bhíomar i ndeá chomhluadar sa Mhuileann. Bhí comhrá thar coirm againn agus ansin béile den scoth. Le linn an allagar d'fhoghlaim mé gurbh finscéal atá san scéal gurbh oide i gColáiste Eoghan a bhaist "Hothouse Flowers" ar na scoláirí de bharr a gcúlra socair meánaicmeach, agus garbh as sin a fuair siad ainm an bhanna. I ndáiríre is Liam a d'aimsigh an t-ainm i liosta amhráin ar cheirnín i siopa (bhíodh ceirníní agus siopaí ann an tráth úd roimh rabharta eolais an idirlín!)
Ba phléisiúir agus onóir dom blaiseadh den cheol agus léargas a fháil ar a smaointe. Mura raibh ann ach sin, bheadh toradh faighte agam ar mo sciuird aneas go Múscraí. Ach bhí i bhfad níos mó i gceist le hImbolc!