25 May 2012

Camchuairt cois cósta na Cnocadóirí

Ag tús na míosa, an deireadh seachtaine fada, bhí mo mhac agus mé féin i measc cúigear déag Cnocadóirí a thug aghaidh ar Sir Penfro na Breataine Bige. Bhí sé i gceist againn roinnt siúl a dhéanamh cois cósta ar Slí Cósta Sir Penfro.
Bhailigh muid le chéile i Rós Láir tráthnóna Aoine chun dul ar an mBád um a naoi go dtí Abergwuan. Thart ar cheithre uaire a mhaireann an turas ach tá na longa chomh mór sin - agus bhí an fharraige ina chlár geal leis pé scéal é - nach mbeadh fhios agam tú bheith ar an uisce. Faoiseamh domsa, mar ní mairnéalach maith mé! Bhí an fear eagar, Seán, tar éis mionbhus a chuir in áirithe chun muid a bhreith go dtí ár gceanncheathrú don deireadh seachtaine Brú na Seanscoile i Trefin. Ba Brú de chuid na heagraíochta a bhí ann, ach tá sé anois i seilbh lánúin a bhfuil athchóiriú déanta acu air agus a thug togha na haire dúinn ó thaobh bricfeasta dhe!  Stíl Art Déco a bhí ar an seomra ina raibh mo mhac agus mé féin ag cuir fúinn agus cóipeanna de phictiúir le Tamara de Lempicka ar na ballaí, maille cnuasach leabhair ealaíona. Ach bhí na leapacha sách compordach, rud a bhí de dhíth tharla go raibh sé tar éis meán-oíche sular shroich muid iad!

Maidin Satharn chaith muid bricfeasta maith - leite ar stíl na Cairibe dóibh siúd ar mian leo é - agus ansin bhí mionbhus ann chun muid a thabhairt go tús na siúlóide gar do Abergwuan -an teach solais ar Inis Mhichíl lámh le Pencaer. Uaidh sin lean muid an conair cósta ar feadh thart ar fiche ciliméadar. Cloíonn an cosán go dlúth leis an gcósta don gcuid is mó, cosán caol clochach, thuas seal thíos seal. Tá an chúram tugtha dó, geataí ann chun eallach a choinneáil ó fhánaíocht, droichid agus dreapaí deá fheisithe nuair is gá iad. Bhí bláthanna flúirseach - bainne bó bleachtáin, sabhaircíní, odhrach bhallach agus flúirse eile nach bhfuil eolas agam orthu! Chonaic muid rónta cúpla uair freisin thíos fúinn. Bhí ionadh orm nach bhfaca muid mórán éan mara in aon chor - bheadh a leithéid de chósta abhus breac leo mar atá Conair na haille i mBré. Bhí an siúlóid taitneamhach go maith, ach ní cuimhin liom anois aon bhuaicphointí ar an céad lá sin! Is amhlaidh gur shiúl muid ar ais chuig Trefin, á shroicheadh thart ar a sé in am mhaith chun muid fhéin a sciúradh tar éis brothall an lae agus an siúil. Chaith muid proinn ansin istoíche san "Ship Inn" (suíomh idirlín s'acu as feidhm faoi láthair is cosúil).
Maidir Domhnaigh thug muid aghaidh ar an dTrá Mór gar do Theach Daithí. Léiríonn an mír seo den suíomh mórán an bealach a thóg muid. Thosaigh muid ag an Trá, agus thrasnaigh Ceann Daithí agus ar aghaidh fán cósta ar ais go Trefin. Cé go bhfuil an taobh tíre seo ciúin anois, ba áit tionsclaíoch é tráth - slinn a bhaint as cairéal cois cósta, agus ansin nuair a bhí deireadh leis sin brící á dhéanamh as an fuílleach.  Tá na hiarsmaí fós le feiceáil:  mar shampla an Poll Glas i Abereiddi, poll mara atá san áit gur baineadh cloch as na haillte, nó na sean monarchan brící i Porth-Gain.
An Poll Glas, Abereiddi
An Teach Mór, Porth-gain. Monarchan brící tráth
Bhí muid á ghlacadh go breá réidh, agus bhain muid sult as tae agus uachtar reoite in Abereiddi agus ina dhiaidh sin "Cream Tea" i mbialann i Porth-Gain - cé nach raibh an oiread sin scones fágtha acu! Bhí muid ar ais i Trefin in ama maith do béile breá eile san Ship Inn agus an uair seo bhí coirm ó Ghleann Gwuan agam mar anlann leis. Bhí oíche breá codlata againn. Bhí muid le bád meán lae a thógáil as Abergwuan. Tá dún ar an taobh eile den chuan ón calafort farantóireachta (atá i Widg seachas Abergwuan). Mar sin, d'fhág muid an bagáiste san calafort agus thug an mionbhus síob dúinn go dtí an dún agus shúil muid an cuid sin den cosán cósta ón dún go dtí an calafort.
Tríd is tríd: deireadh seachtaine fiúntach, tairbheach, taitneamhach.


4 comments:

SeanO said...

Maith thú, a chara. Cur síos suimiúil, mar is dual duit. Ach cogar mé seo, nárbh é tusa a nós dom go raibh fógra i nGaeilge ann ag tús an chosáin a thug ‘Siúlán na hAille’ ar an Cliff Walk. Sin ba chúis dom mo leagan féin, ‘Conair na hAille’ a athrú go dtí ‘Siúlán…..’ Tá an t-úrscéal sin le críochnú fós agam ach idir an dá linn, tá ceann eile liom le foilsiú go luath.

Ní den tsraith ‘Seán Ruiséal….’ é. Cineál eile ar fad atá ann; meascán de scéal grá agus fantaisíochta, sci-fi agus crothán beag den teangeolaíocht. ‘Rún na nGallán’ is teideal dó, agus bhain mé an-spórt agus sásamh as a chumadh. Na léirmheastóirí is mó m’iontaoibh astu, (An Cosantóir agus m’eagarthóir Gaeilge), tá siad den tuairim gur scaipthe plódaithe aimhréidh mar scéal é. Páiste beagán ait, mar a déarfá, ach is dem ghiniúint féin é agus i ndeireadh na dála, ba é a dúirt mé faoin saothar seo ‘Quid scripsi, scripsi.’

Tosaíonn an scéal in Éirinn agus as sin go dtí Minneapolis, Chicago, Indianapolis, Carnac na Briotáine agus an focal deiridh ó dhuine in Chicago.

aonghus said...

Ach cogar mé seo, nárbh é tusa a nós dom go raibh fógra i nGaeilge ann ag tús an chosáin a thug ‘Siúlán na hAille’ ar an Cliff Walk

Is mé. Sin an leagan oifigiúil, ach ní maith liom é!

Beidh súil in airde agam do'd leabhar nua.

John said...

Croeso i Gymru! Is léir go raibh deireadh seachtaine geal grianmhar agaibh. Má thagann tusa agus na Cnocadóirí níos faide soir go sléibhte na Brecons, abair liom é. Ba bhreá liom dul ag dreapadóireacht libh.

Réaltán Ní Leannáin said...

íomhánna iontacha