01 May 2012

An Sulán Fuar Fada Fireann



D'fhiafraigh Dennis sna tagairtí ar an mhír deiridh cad a bhí sna bearnaí ar an leac úd. Bhí an cheist céanna agamsa nuair a chéad chonaic mé an leac, agus bhí an fhreagra a fuair mé ó Conchubhar ceilte sa mhír.

Mise an Sulán
Fuar, fada, fireann
Anois an t-am
Cá bhfuil mo dhuine?
Fearacht abhainn eile, is cosúil go mbíonn íobairt bheo á éileamh ag an abhainn seo le linn tuilte. An leagan den scéal atá le léamh i gcáipéisí logainm ná go mbáitear duine ann gach tríú bliain agus go scairteann an abhainn an rann thuas roimh ré. Deir Conchubhar liom gurbh gach seachtú bliain a deirtear go háitiúil. Go bhfios dom, tá obair leanúnach ar bun chun smacht a chuir ar an abhann agus ar na habhainn eile thart ar Bhaile Bhúirne.

Go hiondúil is baininscneach a bhíonn ainmneacha abhainn; go bhfios dom an Sulán agus an Feabhal na heisceachtaí.

4 comments:

Dennis King said...

Go raibh maith agat as an míniú! Caithfidh nach raibh an duine a ghrean an chloch sásta an dara cuid “a rá os ard” ar eagla go dtarraingeofaí aird na habhann air!

aonghus said...

Slán mar a n-insítear é!

Réaltán Ní Leannáin said...

seans go bhfuil an Feabhal firinscneach mar thagairt don loch. Bhí Loch nEach neodrach sa tSeanGhaeilge, de réir mar a thuigim, agus b'fhéidir gur léiriú air seo é an Feabhal. Dála an scéil cluintear 'tír mór' go minic i dTír Chonaill, agus nuair a rinne mé aithris ar an nós seo bhí mo léachtóir gramadaí an-chrosta. Ach chuaigh sé a thochailt agus 'tír mmór' (neodrach eile) a bhí ann, de réir a shaineolais.

Mise Áine said...

Bíonn eolas suimiúil sna taifid scanáilte sin ar logainm, thug mé faoi deara. Is fiú iad a léamh i gcónaí.