23 June 2012

Ar Chonair na gCatárach: Ceist na Teangan

Is sa Languedoc a bhí muid, ceantar atá ainmnithe as an dteanga. Na Langues d'Oc, i codarsnacht leis na Langues d'Oïl as ar eascair Fraincis na Ríthe. Ba ghné den eile den streachailt a bhí an sin, sa bhreis ar chúrsaí creidimh. (Tá léarscáil deas anseo) Ní dóigh liom gur chuala muid Ocsatáinis á labhairt, ach thug mé faoi deara go raibh fógraí dhá theangacha ann ag na bailte agus sna stáisiún traenach. Agus thug mé faoi deara an inscríbhinn thuas ar thollán i gClais Galamus. Is dócha mar sin go raibh an teanga sách láidir san 19ú aois. 
Ansin agus mé ag fánaíocht thart ar Charcassonne chonaic mé scata gasúir agus máithreacha óga ag teacht amach as geata áirithe san Cité.  Ar chúis éigin mheabhraigh siad Gaelscoil dom - agus féach, Calandreta - scoil Ocsatáinise - a bhí ann! 
Go raibh rath orthu!

5 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

ceist achrannach sa Fhrainc an dátheangachas mar ar ndóigh, ní aithníonn an Fhrainc go bhfuil gá ann le teanga ar bith eile seachas an Fhrsaincis.

Brian said...

Tá deá-leagan eile den léarscáil sin le fáil ar Chomóntaí Wikimedia:

Langues de la France

ollamhollscoile said...

Thug na comharthaí "Ocsatainise" ugach agus ard-mheanma dom nuair a bhí mé ann. Cé gurbh í an Fhraincis, nó blas réigiúnach na Fraincise, príomhtheanga an cheantair, ba léir go raibh bród ag an gcosmhuintir as teanga ársa a sinsear agus go raibh siad fós á cothú ina measc. Dea-shampla chainteoirí mionteangacha eile, tugann sé misneach dom féin.

aonghus said...

@Réaltán ina gcroíthe istigh síleann na maorlathaigh agus an "scothaicme" abhus an rud céanna faoin mBéarla ainneoin a mbladar bhéalchráifeach.

@Brian
Maith agat. Is fearr liom naisc seachas Wikipedia a úsáid nuair is féidir ar mhaith le - n'fheadar, ceanndánacht seans!

@ollamhollscoile: Is mó dhóchas fógra neamh-stáit a bheith feicthe agam. B'shin an cúis a thug an Calandreta ardú croí dom. Ró thaithí agam ar shop in áit na scuaibe abhus/

SeanO said...

Mar a luas cheana, ba i dtimpeallacht Perpignan a chaith muidne an tseachtain tar éis na comhdhála, ag tiomáint timpeall ar na cúlbhóithre agus ag samplú na bhfíonta ó lear mór mionfíonlanna, nach raibh ina bhformhór ach cúpla acra agus gan de fhoireann orthu ach fear agus a bheanchéile. Cuimhin liom nach mbíodh thar cúpla focal Béarla acu siúd agus ba i dtuilleamaí ár bhFraincise briste a bhíomar i dtólamh. Ó thuin mo chéile, d’aithin fear amháin gur Mheiriceánach í agus thoimhdigh gurbh amhlaidh domsa. Chroith mé mo cheann agus mhol dó tomhas eile a dhéanamh.
“Anglais?” ar sé. Phléasc gáire uaim agus mhínigh mé dó gurbh Éireannach mé. An fear bocht, ba bheag nach ndeachaigh sé ag a ghlúine ag gabh mo phardún agus ba i gCatalóinis a labhair sé le méid a chorraíola. An deireadh seachtaine dár gcionn, agus muid ag ithe paella i mbialann i ngar don óstán, Catalóinis den chuid is mó seachas Fraincis a chualamar ón ár gcomhchustaiméirí agus ón bhfoireann. Ba léir go raibh coimhlint teanga i réim, agus ag an am sin, sa láthair sin, bhí an-bhrú i gcoinne na Fraincise.