21 June 2012

Ar Chonair na gCatárach: Quillan

Quillan ón Château
I ndiaidh dúinn bheith ag crochadh as na crainn, bhí sé in am bogadh ar aghaidh. Shiúl muid an ciliméadar isteach i mbaile Quillan ar chonair an tsean bóthar iarann. Thug sé sin díreach go dtí an stáisiún muid.  Ní raibh aon taighde déanta againn ar an mbaile agus ní raibh plean againn conas an cúpla uair a chloig go dtí gur tháinig an traein a chuir dínn. Chaith muid seal i gcafé ag ól deoch fuar. Bhuail ocras ansin muid agus chuaigh muid ag lorg greim beag le n-ithe. Thuig muid ansin go raibh muid tar éis dul sa treo mícheart roimhe, go raibh an baile féin ar an dtaobh eile den iarnród. Pé scéal é, fuair muid boulangerie agus bhí quiche deas cainneann agam.
Ní raibh fonn ar mo mhac rud ar bith eile a dhéanamh mar sin d'fhill sé ar an stáisiúin. D'fhág mise mo mhála droma ann agus chuaigh ag fánaíocht sa bhaile.  Fuair mé amach go raibh eaglais deas Rómánach ann. Faraor, bhí an Eaglais dúnta. Bhí na cloigeann greanta úd ar an mballa. Ar an dtaobh eile den abhann tá fothrach Château agus radharc iontach ar an dtimpeallacht uaidh, an baile agus na sléibhte maguaird.
Pé scéal é, d'fhág muid Quillan ar an dtraein agus d'fhill go Carcassonne don oíche deiridh ar an turas.

2 comments:

SeanO said...

Breá liom na tuairiscí seo uait faoi bhur bhfánaíocht i dTír na gCatárach. Tharla, na cianta ó shin, gur chaith muid coicís in Perpignan, ó bhí léacht le tabhairt ag mo chéile ag Comhdháil faoi Litríocht na Meánaoise. Tar éis na comhdhála, thapaigh muid an deis chun dul ag fánaíocht (i gcarrín bídeach) ar fud an réigiúin. A lán dá dhearnamar dearmadta agam go dtí gur thosaigh mé ar do bhlagmhíreanna a léamh. Na cuimhní ag teacht chugam ina dtuillte anois. Jab maith, Aonghus.

aonghus said...

Níl a bhuíochas ort. Buanú cuimhne scríobh!