29 July 2012

Conas cóip de'd bhlag a shábháil

Bhí mír agam ar an ábhar seo cheana, ach ó tharla go bhfuil leagan amach Blogger athraithe ó shin, agus go bhfuil Seán den tuairim go bhfuil a bhlag imithe le gaoth (Chímse fós anseo é!), seo agaibh leagan nua. Mholfainn féin é dhéanamh go rialta.

Níl le déanamh ach an mír "Other" a roghnú ó "Settings" agus ansin "Export Blog". Cuirfear comhad san áit ar do dhiosca crua leis an t-eolas iomlán faoi do bhlag ann.
Sábhálfar an rud ar fad - tagairtí, teimpléid agus uile mar ollchomhad XML.Is deacair ag duine an chomhad céanna a léamh, ach beidh gach rud ann: agus mar a fheictear thuas is féidir é a shú isteach arís i mBlogger. Is i bhfoirm téacs a bheidh aon téacs, mar sin is féidir féachaint ar an gcomhad le gnáth léitheoir téacs, nó le brabhsálaí agus giota a tharrtháil as.

Breis eolais sna comhad cabhrach, anseo

Córas is ea XML (eXtended Markup Language) chun eolas a dhéanamh inléite do chláir ríomhaire; cuirtear breis eolas leis i formaid ar leith - cosúil le HTML don idirlíon. De bhrí gur córas caighdeánach atá ann, tá uirlisí agus modhanna ann chun cuidiú le ríomhchláraitheoirí plé leis go héifeachtach.

Aguisín: Is cosúil go bhfuil fabht le Safari, agus nach bhfeidhmíonn an  modh mar a bheadh duine ag súil leis. In ionad (de bhrí gur féidir le Safari fothaí a léamh) cruthaítear fotha nua le seoladh fearacht feed://www.blogger.com/feeds/[a lán uimhreacha]/archive. Moltar anseo brabhsálaí eile a úsáid. Níl fhios agam bhfuil bealach eile thart air.

8 comments:

Dennis King said...

Maith agat as an moladh agus as an míniú. Thug mé iarracht ar an méid sin a dhéanamh, ach chlis “Download Blog” orm an chéad uair. An dara huair fuair mé leathanach nua:
feed://www.blogger.com/feeds/7043693717184698663/archive
Céard ba chóir dom a dhéanamah leis seo?

aonghus said...

Anois, sin ceist maith. Níl fhios agam , níor tharla a leithéid riamh dom.

Beidh orm é a fhiosrú.

aonghus said...

Féach an aguisín! An bhfuil teacht agat ar Firefox nó Chrome?

John said...

GRMA as an eolas sin.

D'oibrigh sé domsa ar Safari.

Dennis King said...

D'oibrigh sé domsa ar Safari.

Hmmm. Safari atá in úsáid agamsa freisin.

aonghus said...

Leaganacha éagsúla, is dócha.

Mise Áine said...

Déanta!

Go raibh maith agat, a Aonghuis, as é seo a mheabhrú dhom. Ní raibh sé déanta agam le fada.

Go deimhin, is tú féin a thug cúnamh dom an t-am deireanach sin, freisin..:-)

Maith thú!

Réaltán Ní Leannáin said...

d'oibir sé dom ar Chrome.