Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-07-30

Rangú Page, turscar, agus focal beag draíochta

Rangú Page: Léaráid le Felipe Micaroni Lalli
Tá cáil Google (agus saibhreas lucht a bhunaithe!) bunaithe ar feabhas a inneall cuardaigh - ar an chaoi gurbh iad na torthaí is túisce a luann siad na cinn "is fearr". Tá breithiúnas Google bunaithe ar samhail matamaitice den idirlíon a d'fhorbair na bunaitheoirí ar an ollscoil agus atá ainmnithe as duine acu - Larry Page. Go bunúsach déantar anailís ar na nascanna idir leathanaigh idirlín agus tugtar luach do na leathnaigh de réir an méid naisc atá dírithe orthu, ach freisin de réir "luach" na leathnaigh atá ag nascadh leo; luach atá bunaithe ar an líon naisc atá ag teacht isteach sna leathanaigh sin. Tá cur síos níos iomláine ag Wikipedia (agus ós rud é gur algartam atá i gceist, is féidir muinín éigin a chuir ann - níl mothúcháin i gceist!) . Tugtar Rangú Page ar an algartam.
Ar ndóigh bíonn forbairt i gceist ar an algartam, agus bíonn Google ar a ndícheall lucht turscair a sheachaint sna torthaí. Ach is iad naisc airgeadra an idirlín. Mar sin, bíonn tóir ag lucht turscar ar naisc dá suímh ar mhaithe le boilsciú a dhéanamh ar "luach" a gcuid suímh. Sin an toisc, mar shampla, go mbíonn dris cosain an Captcha romhat agus trácht á fhágáil agat anseo. Dúshláin a bhíonn síor forbairt air, de bharr go mbíonn feidhmchláir lucht turscair ag siar forbairt freisin.
Tá ainm ag ealaín seo ag lucht turscair agus naisc a chuir is a bhaint - Search Engine Optimisation - cuíchóiriú do inneall cuardaigh.  Agus ansin atá dris chosain eile do lucht na Gaeilge - mar is ionann ceannlitreacha an scéim ola nathrach seo agus focail beag úsáideach - SEO!
Suíomh mór le rá is ea Twitter - agus mar sin tá lucht turscar gníomhach ann. Tá sé tugtha faoi deara agamsa agus ag giolcadóirí eile le Gaeilge gur geall le briocht nó ortha an focal úd "seo" - má bhaintear feidhm as i ngiolc, bíonn ar an bpointe cúpla leantóir nua ag duine. Ach is annamh Gaeilge, ná go deimhin ciall, ag na leantóirí seo!
Bím féin ar mo chroí díchill mar sin ag seachaint ortha na turscadóirí. Agus má sciorrann sé uaim, chuirim an ruaig ar an bpointe ar na leantóirí nua seo leis an cnaipe "Fógair ina thurscair"
Agus sin agaibh an frith-ortha!