Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-08-19

Creideamh agus reiligiúin

Tá caint ar chreideamh agus reiligiúin spreagtha abhus ag cúpla scéal nuachta. Ar lámh amháin, bonn óir Katie Taylor. Is Protastúnach Cincíseach í agus tá a creideamh lárnach ina saol. Mar sin tá sé go hiomlán nádúrtha di go nglacadh sí buíochas le Dia agus Íosa nuair a bhaineann sí aidhm amach. Ach is rud neamhghnách anois a leithéidí a chlos ar an bpríomhnuacht; agus tharraing sé caint agus go deimhin cáineadh. Cé, mar a deirtear san alt seo san Irish Times ag iriseoir spóirt nach rud neamhghnách é i measc lucht spóirt. Bhí alt fiúntach ag Theo Dorgan freisin san Irish Times maidir leas an meas atá dlite dá seasamh, nó go deimhin do seasamh phearsanta duine ar bith i leith ceisteanna meitifisice.

An cheist eile ná suirbhé a léirigh nár amharc ach  47% d'Éireannaigh orthu féin mar "reiligiúnach", titim mhór ón uair deiridh a rinneadh an suirbhé céanna.  Agus rud a thagann salach, shílfeá, ar an maíomh san daonáireamh gur "Caitlicigh Rómhánacha" iad 86% den daonra sa Phoblacht, agus nach bhfuil ach 6% a dúirt go raibh siad "gan reiligiúin".

Ach is dóigh liom go bhfuil deacrachtaí le ceisteanna mar seo nuair atá féiniúlacht agus creideamh i gceist. Tá, ar an gcéad dul síos, go dtugann daoine an freagra a shíleann siad a bheith á lorg. Sa bhreis ar sin, is téarma teibí é  "reiligiúnach" agus ní léir cén chiall a bhí i gceist leis.

Mothaím féin go mbraitheann a lán daoine in Éirinn nasc cultúrtha leis an Eaglais CR, ainneoin fraoch feirge (intuigthe) a bheith orthu leis an gCliarlathas de bharr na scannail drochíde corpartha  agus gnéis a tharla faoi scáth na hEaglaise céanna. Agus ainneoin iad a bheith dall chuid maith, feictear dom, ar theagasc na hEaglaise. Toradh eile ar an ró urraim abhus don údarás mar údarás; glacadh le caiticéis ar feadh i bhfad gan cíoradh a dhéanamh ar an mbunús leis. Feictear dom freisin gur beag duine a chuaigh i ngleic le teagasc na hEaglaise i ndiaidh na bunscoile. Mar sin, tá muid mar dúirt an Ardeaspag Martin ar phobal a déanadh a lán caiticéis  air, ach fíor bheagán soiscéalú. Tá tuairimí an phobal ar cad iad foirceadail na hEaglaise ag brath go minic ar chlaon tuairimí sna nuachtáin. Mar dhuine a fhreastalaíonn gach Domhnach ar Aifreann, téann sé rite orm smaoineamh ar aitheasc inár cuireadh foirceadal de chuid na hEaglaise i láthair go soiléir, tuisceanach. (Go deimhin, is cuimhin liom aitheasc inár rinneadh fogha ar an Pápa reatha agus a réamhtheachtaí, agus cáineadh ar a dteagasc!) 

Sa mhullach ar sin, braitheann ceisteanna creideamh agus féiniúlachta ar mhothúcháin cuid mór, ní hamháin ar argóintí aigeanta. Agus an tír ar maos le fearg agus díomá, beidh cúl á thabhairt le ceannairí agus prionsabail. Leanfar ag freastal ar an Eaglais do deasghnátha saoil - Nollag, Cáisc, Baiste, Pósadh, Bás - ceal rogha uaireanta. Leanfaidh daoine orthu ag tabhairt an lipéid treibheach orthu féin.

An cheist ná an féidir le machnamh faoi na ceisteanna seo dul níos doimhne ná sin. Toradh eile ar an ró urraim san am cháite do Cliarlathas san Eaglais agus sna Stáit ná go bhfuil easpa iomlán geal leis aos machnaimh san tír. Agus nach minic plé ciallmhar aigeanta, saor ó mhothúcháin agus fogha phearsanta.

Sílim áfach go bhfuil an smaoineamh fánach seo ag éalú uaim rud beag! Fágfaidh mé neamhiomlán mar sin é.