Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-08-25

Do tháinig loingeas go hInbhear Life

 Tá bunáite an lae caite agam ag Féile na Long Arda i bhfochair m'iníon. Toisc go riabh mé le'm iníon, is ar a mianta siúd a bhí m'aird. Bhí cloiste agam faoi scéalaíocht Púca Puppets a bhí le bheith in ionad cuairteoirí Uiscebhealaí Éireann ag Dug na Canálach Móire. Is ag an stáisiúin ansin a thuirling muid mar sin - ach bhí na sluaite ansin cheana agus scuaine fhada naíchóistí don ardaitheoir! (Níor thaisteal mé le naíchóiste riamh le mo leanaí, b'fhearr go mór liom an ceirt iompair ó Didymos).
Nuair a bhí sé cinntithe agam cá raibh an scéalaíocht le bheith, agus cad a bhí le déanamh, thug muid aghaidh ar na céanna.
B'iontach an radharc na céanna; long i ndiaidh long faoi bhratacha ildaite. Bhí, gan amhras scuainí fada ag na báid a bhí oscailte agus níor bhac muid mar sin dul ar bhord aon long. Bhí radharc measartha maith ar na longa ón gcé pé scéal é.
 Bhí taispeántas spleodrach sa phlásóg ós comhair an Amharclann agus ar na  sráideanna  máguaird. Ealaíon a thug cuireadh spraoi leis; faiche imeartha le bréagáin adhmaid de chuid Festijeux, Siamsallán,  Ollsleamhnán agus araile. Bhí ardán ann le ceol, ach is beag aird a thug muid air. Sa bháisín lámh leis bhí taispeántas surfálaí eitleoige - gan eitleog! Seachas sin bhí siad ag baint feidhm as sreang a bhí á dtarraingt go gasta thar an uisce, ag tabhairt deis dóibh taibhe spreagúil a thabhairt de léim as an uisce.
D'fhill muid ar an Ionad Cuairteora, áit a raibh taispeántas laistigh de samhail báid de chuid Cumann Báid Mionsamhlach na hÉireann. Chomh maith le mionsamhail bhí pleananna agus báid leath réitithe le feiceáil. Agus bhí cuid de na báid ar an uisce lasmuigh.
 Bhí sé in am ansin éisteacht le scéal Mamó na Mara; Scéal iontach samhlaíoch faoi mhurúch a scuabadh isteach sa Chanáil ag anfa. Snámh sí chomh fada leis an Sionainn ar chomhairle ainmhithe ar chas sí orthu; sa tóir ar an mBradán Feasa chun fios na bealaí chuig a muintir a fháil. Ach bhí an Bradán marbh le fada, (ite ag Fionn Mac Cumhaill, dár ndóigh) agus nuair a rinne sí neamhaird den gcomhairle gan na cnónna in linn na feasa a ól, bhuail mallacht í agus rinneadh duine di. Bhí deireadh measartha sona ar a cás, áfach, agus é geallta di go mb'fhéidir go mbeadh Tuath de Danann  toilteanach a eireaball a thabhairt ar ais di dá gcuideoidh na leanaí léi scéalta a chnuasach!
 Ach ní raibh fonn ar m'iníon, mar sin bhailigh muid linn. Bhí ealaí so-seolta tugtha faoi deara agam san duga ón DART i rith na seachtaine. Ba chuid iad de imeachtaí a bhí á chuir ar fáil saor in aisce ag Surfdock, cé nach mbíonn siad acu i gcónaí. Bhí siad le bheith curtha in áirithint ag daoine roimh ré; ach bhí sé d'ádh orainn gur loic duine a raibh siad curtha in áirithint aige agus fuair muid deis  tamall a chaitheamh ag cos-chéaslóireacht thart ar an nduga. (Obair chrua!)
Ansin bhí fonn ar m'iníon roinnt den siamsaíocht a bhlaiseadh agus thóg sí seal ar an siamsallán.
Bhí fonn uirthi níos mó a dhéanadh ach bhí mise tugtha traochta, agus scuainí fada gach áit.
Mar sin fuair muid flas candaí ollmhór agus d'fhill ar an DART (plódaithe!) abhaile.
Bhíos sásta go maith leis mar lá, agus caithfidh mé a rá go sílim go raibh ann eagar ar an bhféile. Ar ndóigh, ní fhaca muide ach cúinne amháin - d'fheadfá i bhfad níos mó ama a chaitheamh ag blaiseadh na hiontais ar fad. Bhí foireann ag lucht na féile gach áit, móide lucht slándála, lucht an cosaint sibhialta agus na Gardaí. Bhí boscaí bruscar scaipthe thart go flúirseach, agus foireann glantacháin chomh maith - i bhfianaise na sluaite a bhí ann, bhí fíor bheagán bruscair le feiceáil. Bhí seastáin den uile chineál ann, agus bhí fajita blasta Meicsiceach agam nach raibh (d'Áth Cliath) ró dhaor - €5.
Treise le lucht eagar an Fhéile!