Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-08-27

Hausfriedensbruch

Tá cad é caint ar Pussy Riot ó gearradh pianbhreith de dhá bhliain braighdeanais orthu as "amhsóireacht creideamh".  Anois, ní haon móidín de chuid Putin mé, agus tá amhras orm faoi thacaíocht Patrarc na hEaglaise Ceartchreidmhí Rúisí dó.  Tá sé intuigthe tar éis na blianta géarleanúna go mbeadh an Eaglais ag lorg tacaíocht Fir Láidir an Stáit; ach ní chun leasa stáit ná Eaglais sin, mar a d'fhoghlaim muid go géar abhus. Mar sin féin, agus ainneoin go sílim dhá bhliain a bheith ró ghéar mar phionós, níl baill Pussy Riot chomh soineanta neamhchiontach agus ba mhaith le duine muid a cheapadh iad a bheith.
Bheadh an méid a rinne siad mídhleathach in aon stáit le riail dlí, sa mhéid is gur bhris siad isteach in Eaglais, gur chuir siad isteach ar liotúirge, agus go ndearna siad scigaithris le caint ghraosta cáidheach ar nósanna urnaithe an phobail. Ní ionann áit atá oscailte don phobal agus áit phoiblí; agus tá sé de cheart ag dream ar bith teacht le chéile ina áit féin chun adhradh nó fiú plé  gan cur isteach. Bheadh sé, abair, chomh mícheart céanna agamsa briseadh isteach i léacht de chuid Richard Dawkins, ag spochadh as nó fiú ag urnaí an phaidrín ag ard mo chinn is mo ghutha.
Go deimhin, rinne dream aithris ar lucht Pussy Riot in Ardeaglais Köln na Gearmáine, ag réabadh isteach in Aifreann agus ag canadh scigaithris ghraosta ar iomann  le linn na sácrála. Táthar ag cuir an dlí orthu.
I gcomhthéacs na Rúise áfach tá gné eile le cuir san áireamh. Is in Ardeaglais Críost an Slánaitheoir a tharla an agóid seo. Eaglais nua atá anseo, atá tógtha san ionad a bhí Eaglais roimh an réabhlóid. Eaglais a scriosadh ag na Boilséiveach. Rinneadh linn snámha as. Is siombail mar sin é de aiséirí na hEaglaise i ndiaidh na géarleanúna. Géarleanúint a raibh scigaithris ghraosta cáidheach ar ghnáis na hEaglaise mar chuid de go minic. Caolseans go raibh muintir Pussy Riot dall ar na cúinsí seo.   
I measc na macallaí agus iarmhairtí ar an eachtra seo bhí eachtra san Úcráin áit ar scrios FEMEN, dream a bhíonn ag agóidíocht brollach ar leis, cros cuimhneacháin. Tá íoróin ar leith anseo: i gcuimhne ar Chaitlicigh a mharaigh an NKVD a tógadh an cros. Réamhtheachtaithe an KGB, a luaitear ballraíocht ann agus a mheoin le Putin, ab ea an NKVD gan amhras. (Lena gceart a thabhairt dóibh shéan baill Pussy Riot an eachtra seo.)
Feictear dom nach saoirse cainte, i. saoirse smaointe a chuir chun cinn atá i gceist leis an gcineál seo agóidíochta (agus go deimhin ceann mar é nuair a chuir sagart i SAM isteach  ar agóid cumann aerach in aghaidh Chick-Fil-A tríd dul isteach ina n-agóid agus an paidrín a rá ar ard a chinn is a ghutha).
 Feictear dom gur géarú ar an rud a thug C.S. Lewis Bulverism air - sé sin neamhaird a dhéanamh ar smaointe dhaoine eile agus díreach maíomh "Níl tú ach á rá sin toisc gur fear/Caitliceach/Cumannach/Pé rud é tú". Níl na hagóid seo dírithe ar machnamh a spreagadh ach chun mothúcháin a spreagadh ar an dá thaobh - mothúcháin  a níonn níos deacra é teacht ar an comhréiteach atá de dhíth chun poblacht ilchinéalach a bheith ann.
Níl aon cheist ná go gcaithfidh áit a bheith ann d'agóidí, fiú cinn feargacha, gránna, beagán foréigneach fiú -  níl aon bhealach eile ann go minic ag dream imeallaithe aird a tharraingt orthu féin. Bheadh an drogall orm mar sin iarracht a dhéanamh líne a leagan síos. Go minic is sa chás cúirte agus san allagar poiblí a athraítear meon an phobal. 
Ach fós féin sílim gur ar athrú croí agus meoin is ceart agóid a bheith dírithe seachas ar spreagadh paisean. Reacht seachas racht!  

Maidir le teideal an mhír seo: sin an coir a bheadh i gceist lena leithéid d'agóid sa Ghearmáin: focal ar fhocal  "Briseadh síochána an tí" - Teach an phobail chomh maith le teach Dé Eaglais, tar éis an tsaoil.