21 August 2012

Paypal, Teangacha agus an Ardteist

Thug na torthaí Ardteiste deis eile do bhean Paypal a bheith ag olagón ar an nuacht náisiúnta nach bhfuil ar a cumas teacht ar daoine le Gearmáinis agus Ollainnis in Éireann. (Aisteach go leor ní fheicim a leithéid de phoist fógartha acu i nDún Dealgan pé scéal é! Ach tá in Áth Cliath.)
Anois, cé go n-aontaím léi go bhfuil lagaí suntasacha i múineadh teangacha (eachtrannacha agus dúchasacha!) abhus ní dóigh liom gurbh sin croí na faidhbe aici. Táimse ag obair i bpáirc gnó ina mbíonn gnólachtaí éagsúla ag feidhmiú go hidirnáisiúnta. Ach go hiondúil is eachtrannaigh a bhíonn ag freastal ar a dtíortha féin agus iad lonnaithe anseo. Seachas, dar ndóigh, go bhfuil cuid mór de na poist seo ag bogadh go críocha eile de bharr an chostas. Costas gnó, agus costas maireachtála. Is féidir trian den tuarastal a íoc le duine chun an post - díolaíocht abair - a chomhlíonadh i, mar shampla, Malaga na Spáinne. Agus beidh an duine féin níos sásta mar beidh a chuid costais maireachtála níos ísle, gan trácht ar an aimsir!
Tá an íomhá glas spéaclaí-och a bhíodh ag Gearmánaigh, agus a mheall anseo iad ar lorg Bhöll agus a Chinn Lae, scuabtha le gaoth le fada ag fíricí agus fiacha. Mar sin is beag duine a bheadh sásta teacht abhus agus obair i nglao aonad. Rud eile de: tá cultúr i gceist chomh maith le teanga; ní dóigh liom mar sin go n-éireoidh go ró mhaith le ógánach Éireannach, fiú ógánach líofa san teanga, ina leithéide de phost.
Pé scéal é, ní hiad pointe breise don Ardteist an leigheas ar easpa teangacha ag daltaí. Níl sa chóras pointí ach bealach chun líon teoranta áiteanna ollscoile a dháileadh: chuir boilsciú na bpointe do Mata as a riocht an córas rud beag i mbliana - ach tá an córas réasúnta cothrom. An láidreacht is mó faoin gcóras reatha ná gur anaithnid a déantar na scrúdaithe agus go mbíonn ar gach daltaí an scrúdú céanna a dhéanamh, agus an deis (beagnach) ceanna acu na pointí a bhaint amach. Faraor, ansin atá an laige is mó freisin mar go bhfuil an córas curtha as riocht ag daltaí agus oidí ag díriú ar conas an méid is mó pointí a bhlí as na scrúdaithe, ag roghnú ábhair dá réir seachas de réir riachtanas dá ngairm nó spéis. Bíonn na toradh le feiceáil, mar a phléigh  Ciarán mac an Bhaird ag Imbolc anuraidh: torthaí maithe ag daltaí gan iad ag tuiscint na bunúis. Jab dá réir ag a leithéidí siúd san Ollscoil ag leigheas an dochar. Tá amhras orm an mbeidh mórán difear ann le Tionscadal Mata.
Cé go bhfuil moltaí spéisiúla sna leasaithe a mholann na hOllscoileanna don gcóras iontrála, ní rachaidh sin go gcroí na ceiste. (Agus táim amhrasach faoi aon rud a thugann gné daonna isteach sa bhronnadh áit - osclaíonn sin an doras do fabhar agus idirdhealú. Tá an córas reatha olc go leor gan sin. Tá an Ardteist cothrom go maith, ach ní shroicheann gach duine ar bhealach cothrom é.)

Ag deireadh an lae, is ionann dar liom fréamh na faidhbe san dá chás.  Mar a deir an tOllamh Les Hatton san páipéar seo (a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ach is ionann na prionsabail):
Srathaithe seachas Modúlach atá Matamaitic.
Cineál teanga atá i gceist le mata; agus fearacht teanga caithfear í a shealbhú céim ar chéim, ó aois óg. Mar sin, is sa bhunscoil is gá tosú leis na leasaithe. Agus cur chuige céimneach, le hoidí atá oilte agus spreagtha a chuir i bhfeidhm. Oidí arbh cainteoirí dúchais nó ar a laghad cainteoirí líofa iad, agus i gcás na matamaitice daoine le tuiscint agus grá don mata. Agus iad oilte ina dhiaidh sin i modhanna éifeachtacha múinteoireachta.
An sprioc tar éis an tsaoil ná teanga shealbhú, ní teacht tríd bac-chúrsa de scrúdú.
Dála an scéil, dóibh siúd a mhaíonn gur buntáiste dúinn  gur cainteoirí dúchais Béarla muid, de bhrí gurbh sin an teanga gnó idirnáisiúnta - bhí alt san Irish Times an tseachtain seo a bhréagnaíonn sin: Ní Béarla, ach Globish an teanga atá de dhíth! Tagann sin le mo thaithí féin; go deimhin bhí amanna ann agus mé ag plé - trí Bhéarla - le eachtrannaigh agus cáipéisí scríofa acu - go mbeinn ar strae go hiomlán murach Gearmáinis agus rud beag Fraincise agus Spáinnise agam! 
Mar sin, an rud atá de dhíth ná oiliúint leathan, cumas foghlama fad saoil, agus thar rud ar bith eile, i ngach gairm ach sna gairm teicneolaíochta ach go háirithe, cumas machnamh!

Agus sin mo racht go n-uige seo!

No comments: