Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-09-30

Ábhair draíochta!

Tá's ag léitheoirí an bhlag seo go bhfuilim ceanúil ar an Dánlann Eolaíochta. Bhíos ann arís inné le'm iníon. "Ábhair Draíochta" an taispeántas reatha. Bhí réimse leathan de nithe spéisiúla acu ann; chomh simplí le "puití seafóideach" nó chomh haisteach le teasc ceirmeach a d'eitil thart i gciorcal ós cionn ciorcal maighnéid nuair a rinneadh é a fhuarú le nítrigin leachtach. Is fiú léamh tríd an suíomh; tá an dúrud eolas ann - beidh mé féin á athléamh! Is amhlaidh nár thuig mé go mb'fhearrde dom clár  a cheannach chun na hiontais ar fad a thuiscint i gceart. Mar sin féin bhí an fhoireann ann thar a bheith eolach agus cuiditheach. (Agus mé ann bhí ar fear amháin dul i ngleic le bean a bhí tugtha do theoiric comhcheilge agus den tuairim gurbh gá don chine daonna sos a ghlacadh ón eolaíocht - ghlac mé páirt sa chomhrá ar feadh tamaill ach theith mé nuair ba léir go raibh rudaí ag dul thart i fáinní fí). 
Meascán d'ábhair saorga agus nádúrtha a bhí sa taispeántas, cuid acu turgnamhach amach is amach, cuid acu le feidhm. Bhí úsáidí spéisiúla síoda á phlé ann; ábhar nádúrtha (cé go bhfuil sé daor de bharr ganntanas péiste síoda). Bhí turgnamh a phlé ann faoi é a úsáid chun críche leighis sa choirp, mar rogha ar scriú agus araile a bhíonn de dhíth chun damáiste do chnámha a leigheas. De bharr gur ábhar nádúrtha é, cuireann sé cineál scafaill ar fáil don cholainn chun an cnámha chuir ar fás arís - bealach i bhfad níos fearr ná miotail a bhíonn ina bhac ar an gcolainn athghiniúint. Fearas spéisiúil eile ab ea an comhla déanta as nitíonóil don croí. De bhrí go mbíonn tionchar ag sruthanna beaga aibhléise air, d'fheadfaí an comhla a chuir ag obair le haibhléis nádúrtha na colainne seachas foinse níos láidre lasmuigh a bhith de dhíth.
Bhí éadach de chineálacha éagsúla ann - cineál feilte déanta as beacáin, nó snáithe déanta ag síoda damháin alla ar lámh amháin - nó as athchúrsáil plaisteach. Bhí éadach clúdaithe le ocsaíd tíotáiniam a shéan uisce ar fad - agus a d'fhéadfaí á úsáid mar chlúdach frithfrídín chomh maith. 
Ach b'é an t-iontas is mó dar liom ná an teasca úd a d'fhan ar foluain sa réimse maighnéadach.

Tá an taispeántas ar siúl go dtí an 5ú Samhain. Má bhíonn an deis agaibh, tapaígí é!

2012-09-27

An #Gtuít!

Lógó an #Gtuít, (c) Gaelport
Táim fillte abhaile anois díreach ón #Gtuít. Gaelport a d'eagraigh an deis seo dúinne atá ar líne as Gaeilge buaileadh le chéile san fíor saol. Gan amhras, sciar bheag de phobal na Gaeilge ar líne a bhfuil deis acu freastal ar imeacht mar seo i lár Chathair Átha Cliath! Mar sin féin bhí tinreamh sách maith ann san Culture Box i mBarra Temple. Scata aos léinn, scata ó na meáin ar líne agus as, agus corr ghnáth dhuine mo dhála fhéin! Chuala muid caint ó Fiachra Ó Marcaigh ó Amas  ar stair agus deis an Idirlíon. Bíonn Fiachra ag cuir comhairle ar chomhlachtaí conas teacht i dtír ar na deiseanna a chuireann an Idirlíon ar fail. Thosaigh sé féin amach leis an ríomhaire céanna agus a bhí agam féin i dtosach - an ZX Spectrum. Ríomhaire nach raibh nasctha le rud ar bith! D'inis sé scéal freisin faoi rphost luath a sheol sé a thóg beagnach mí chun an sprioc a aimsiú! Is mór idir sin agus dúchasaigh digiteacha an lae inniu (tá 47% de phobal fásta na hÉireann nasctha le Facebook - agus do mórchuid den aos óg ina measc is ionann Facebook agus an Idirlíon!) Tá deis ansin do mhionteanga fearacht na Gaeilge; ach mar a léirigh taighde le déanaí is baol ata ann freisin - má tá an tacaíocht teicneolaíochtaí in easnamh.
Michéal Ó Foighil (c) TgLurgan
Duine atá ar a dhícheall deiseanna chuir ar fáil Gaeilge a úsáid ar líne is ea an dara aoichainteoir Mícheál Ó Foighil. D'fhás a chuid iarrachtaí siúd as a chuid oibre le Coláiste Lurgan agus na sár-iarrachtaí atá á dhéanamh aige agus acu chun deiseanna a chuir ar fáil dá daltaí agus iar-dhaltaí an Ghaeilge a úsáid ar mhodh taitneamhach lasmuigh den oideachas. D'fhás an líonra sóisialta Abair Leat as acmhainní foghlama ar líne a bhí Coláiste Lurgan á fhorbairt. Chuir sé tús lena chuid cainte leis an físeáin úd sin de chuid TG Lurgan: ba léir ina chuid cainte a spreagtha agus a thiomáinte is a bhí sé cuir le deiseanna Gaeilge a úsáid. Spreagthacht agus tiomantas atá mealltach gan, amhras, agus é sin de dhíth ó tharla gur as acmhainní Coláiste Lurgan féin atá na forbairtí seo á dhéanamh - ach go meallann na smaointe agus bádh ginearálta don nGaeilge tacaíocht chuige.
Dúirt sé, agus is fíor dó, gurbh é an chéad céim eile ná teacht le chéile na daoine atá gafa le nithe mar seo - agus gurbh tús agus deis maith an Gtuít chuige sin. Aontaím leis agus tréaslaím a saothar le lucht na Comhdhála agus go háirithe Niamh as an obair a chuir siad isteach ann! Bhí deis tar éis an chuid oifigiúil caint le daoine agus bhain mé taitneamh as bualadh le daoine nach raibh ach ríomh-theagmháil agam leo roimhe; agus daoine eile nár bhuail mé ach corruair leo. (Táim buíoch ach go háirithe as Tiernán a thug síob abhaile dom!) Is féidir liom aghaidh a chuir anois le hainmneacha fearacht Loretta, Sarah, agus daoine nach iad! 
Bhí roinnt duaiseanna deasa le bronnadh freisin; ach n'fheadar an bhfuil nod ann dom gur dearbhán do Chruinneog a bhuaigh mise? Agus gan amhras caithfear na cácaí milse a lua ....

2012-09-23

Guth scaipthe smúid

Bhíos fiosrach cheana féin faoi Doimnic Mac Giolla Bhríde de bharr rianta leis a bhí cloiste agam ar RnaG sular chuala mé beo é ag Tionscadal Piaf/Brel de chuid IMRAM.
Tá guth suntasach ar léith aige agus máistreacht aige ar a ghuth agus an oíche úd bhíos faoi dhraíocht ag a chuid amhránaíochta agus a sheinm ar an mbosca ceoil, uirlis a d'oir go paiteanta do na leaganacha Gaeilge de chansons a luaitear le Jacques Brel agus Edith Piaf a bhí faoi chaibidil.
Bhí sé i gceist agam ó shin ceann dá CDanna cheannach ar ar chúis amháin nó eile ní raibh an faill agam go dtí anois seilbh ar fháil ar cheann acu.

Dhá rian déag atá ar Smúidghealach, amhráin traidisiúnta le tionlacan ceoil a chum Doimnic, an ceol thar a bheith oiriúnach don gabháil fhoinn. Sheasfainn sa sneachta ag éisteacht leis. Is mór an gar mar sin go dtig liom an ceol seo a bhreith liom ar mo sheinnteoir póca!

2012-09-22

Beirt Bhan Mhillte. Nó an ea?

Mhol Proinsias an leabhar seo dom thiar san Earrach é. Fuair mé an uair úd é, ach ó tharla nach raibh mé ar líne an tráth úd, níor scríobh mé faoi anseo fós. Táim á athléamh faoi láthair agus táim chomh sásta leis ar an dara léamh agus a bhí ar an gcéad léamh. 
Tá's ag an saol Fodhlach dar ndóigh cé hé Pádraic Ó Conaire. Pearsa stairiúil is ea Katherine Hughes freisin, duine den mbeirt ban atá luaite i dteideal an leabhair. Ach murach saothar Phádraig Uí Siadhail is lú ós a bheadh ar fhios againn. Spreag scríbhinn dráma a aimsigh sé a fhiosracht ina leith, "The Cherry Bird"; dráma a scríobh Katherine Hughes i bpáirt le Ó Conaire.
Ach is beag eolas a d'aimsigh sé, dar leis, agus mar sin shocraigh sé úrscéal a scríobh. As sin a eascraíonn an dara bean, mar is í an pearsa ficseanúil seo Mary Morrison a bhaineann sé feidhm aisti chun cabhrú scéal grá Phádraic agus Kathleen a reic.(Scéal a d'fheadfadh a bheith fíor, ach nach bhfuil fianaise ann dó).
Bíonn macallaí idir scéalta na beirte mná, grá (nó drúis?) nach bhfuil dea-chríoch i ndán dó acu beirt. Ach mná láidre fuinniúla iad araon freisin, a bhaineann mórán amach i saol ina bhfuil an lámh in uachtar ag fir inti.

Rinne Clubleabhar agallamh le Pádraig atá thar a bheith spéisiúil maidir le cúlra an leabhair. Thaitin na cleasa éagsúla a d'úsáid sé chun an scéal a insint dúinn go mór liom; cuid de bunaithe ar dialann ag Katherine, mórchuid de bunaithe ar eachtraí a bhaineann le Mary agus a iarrachtaí scéal Caitlín (mar a tugtar ar Katherine) a thuiscint agus a mian cuidiú leis an gConaireach a chuir i gcrích tar éis do Caitlín bás a fháil de bharr ailse. Tá tagairtí agus macallaí de chuid saothair an Conairaigh ann freisin; agus ar ndóigh is as teideal ceann de na scéalta i Seacht mBua an Éirí Amach a thagann teideal an leabhair.
Tá an scéal - na scéalta, dáiríre - iomlán inchreidte, agus inste go maith agus go cumasach. (Tá léirmheas moltach eile ag Anna Heusaff anseo)
Tráthúil go leor beidh léacht á thabhairt ag Pádraig le linn IMRAM na bliana seo:
Dé Sathairn 20 Deireadh Fómhair • 7.00pm • Gaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh
PÁDRAIC Ó CONAIRE AGUS KATHERINE HUGHES: DORNÁN LITREACHA, DRÁMA
AGUS DEASCÁN CEISTEANNA. LÉACHT IMRAM LE PÁDRAIG Ó SIADHAIL,
Tá súil agam freastail air.


Beirt Bhan Mhisniúla
Pádraig Ó Siadhail
ISBN: 9781905560745
Cló Iar-Chonnacht 2011

2012-09-21

IMRAM chughainn arís!

Beidh féile litríochta IMRAM ar siúil idir an 11ú agus 20ú Deireadh Fómhair.

 Tá an clár iomlán ar an suíomh anois:
 
Roghanna deacair le déanamh agam, ó tharla nach dtig liom freastail ar gach rud.

Reic leabhair

Lár na fuinneoige

Saothar Futa Fata

Breis Futa Fata agus eile

Ach seo an dúshlán!

Chonaic mé an taispeántas seo ar maidin i Hodges Figgis, Sráid Dawson.

2012-09-20

Scáthán an Aoir

D'fhreastail mé anocht ar "Saint" le Fíbín atá mar chuid den Fringe. Tá sé ar siúl go dtí an Satharn san Cube san Project Arts Centre.
Spás sách beag amharclainne atá ansin, rud a bhí feiliúnach don dráma gairid seo. Trí ceathrú uaire de spleodar. Cuireann an triúir aisteoir agus ceoltóir amháin, le tacaíocht ó feistiú stáitse cliste, aoir chumasach ar saint na nÉireannach le linn an Tíogar Ceilteach i láthair.
Tá an Finale thar a bheith glic agus físúil. Chuala mé roimhe nach raibh de Ghaeilge ag na haisteoirí ach a línte (gné turgnamhach eile de shaothar Fibín) agus bhí amhras áirithe orm. Ach murach mé bheith ar an eolas roimh ré níl mé cinnte go mbeadh sin tugtha faoi deara agam.
Dar ndóigh is stíl colainneach, fisicúil a chleachtann  Fibín, na haisteoirí ag cur a gcorp ag obair chomh maith lena bhfocail. 
Thug an Irish Times ceithre réalta as cúig don dráma seo: Shíl an lánúin a bhí liom ann go raibh leath réalta sa bhreis tuilte aige! Aontaím.
Baineadh feidhm chliste as clíséanna agus steiréitíopaí le dlús a chuir leis an insint; agus bhí píosa aitheanta ceoil, mar shampla, tús Also Sprach Zarathustra, le macallaí cultúrtha a dhúiseacht. 
Tá go dtí an Satharn agaibh freastail air. Tapaígí an deis! 


Aguisín: Bhí an fógra slándála roimhe i mBéarla agus i nGaeilge (an dá cheann réamhthaifeadta). Agus bhain siad feidhm as an bhfocal álainn "taibhe" ann.

2012-09-10

An Gtuít: Ócáid shóisialta do lucht na Gaeilge ar líne

Ó Gaelport:
Baileoidh twitterati na Gaeilge lena chéile don chéad tweetup as Gaeilge, an #Gtuít sa Culture Box, 12 Sráid Essex Thoir i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, Déardaoin 27 Meán Fómhair ón 6.00-7.15. Pléifear na forbairtí is úire atá ag titim amach ar an idirlíon agus sna meáin dhigiteacha ag an ócáid neamhfhoirmiúil a bheidh oscailte do chách.... Meascán idir tweetup agus seisiún eolais atá  i gceist agus beidh an ócáid seo oscailte do gach aon duine a bhíonn ag  úsáid na láithreáin líonraithe shóisialta Twitter, Instagram, Pinterest, LinkedIn, Facebook, Google+ agus an láithreán líonraithe shóisialta Ghaeilge, Abair leat ina measc.

 An t-eolas iomlán anseo:

Zen Python

M'aistriúchán ar an bpíosa seo le Tim Peters. Cé go mbaineann sé go sonrach le húsáid an ríomhtheanga Python feictear dom é bheith fíor faoi ríomhchlárú go ginearálta (agus fiú níos leithne!).

  • Is fearr álainn ná gránna.
  • Is fearr follasach ná intuigthe.
  • Is fearr simplí ná casta.
  • Is fearr casta ná ilchasta.1
  • Is fearr maol ná neadaithe.
  • Is fearr scaoilte ná dlúth.
  • Tá soléiteacht san tábhachtach.
  • Níl "cásanna speisialta" speisialta go leor chun rialacha a shárú.
  • Ach sáraíonn feidhmiúlacht íonghlaine.
  • Ní cóir do bhotún imeacht go ciúin.
  • Seachas má chiúnaítear go follasach iad.
  • I láthair débhríocht, diúltaigh an cathú buille faoi thuairim a thabhairt
  • Ba cheart go mbeadh slí soiléir amháin ann -- agus gan ach slí amháin, más féidir -- chun rud a dhéanamh
  • Ach seans nach mbeidh sé sin soiléir ar an gcéad dul síos murar Dúitseach
  • Is fearr anois ná riamh
  • Ach is minic riamh níos fearr ná *díreach* anois
  • Más deacair an cur i bhfeidhm a mhíniú, droch-smaoineamh atá ann.
  • Más éasca an cur i bhfeidhm a mhíniú,b'fhéidir gur deá-smaoineamh atá ann
  • Smaoineamh den scoth ainmspáis; déanaimis níos mó de!

1Idirdhealú dheacair anseo!

2012-09-09

Cúla 4

Do mo leithéidí de thuismitheoir atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge lasmuigh de phobal Gaeltachta, tá na meáin thar a bheith tábhachtach. Go háirithe do chainteoir athdhúchais a mbíonn go hiondúil bearnaí áirithe sa bhfoclóir aige ceal taithí agus deis úsáide.
Is maith ann mar sin Cúla4. Is maith an rud é go bhfuil siad ag leathnú amach an méid atá á chuir ar fáil acu ar líne chomh maith. Tá iomair deacair le treabhadh acu san teach seo - in iomaíocht le CBeeBies, Kika, agus (faraor) NickJr.
Ach bíonn m'iníon sásta go leor faire ar ghreannáin Cúla 4 ar na maidineacha deire seachtaine. Agus idir an suíomh agus an seinnteoir ar líne bíonn deiseanna ann faire ar cláir - agus cluichí a imirt - lasmuigh de na ghnáth uaireanta (srianta) craolta. Rud a sheachain raic ar ball nuair a bhí mo mhac ag iarraidh faire ar an gcluiche mór agus an teilifís i seilbh m'iníne! 
Tá meascán deas sna cluichí idir cnaipe a bhrú (cineál space invaders le Olivia) agus cluichí a spreagann smaoineamh. Is maith liom go háirithe an cluiche de chuid Traein Dineasáir mar a chaithfear faid Dineasáir amháin a thomhas in aonad faid ainmhithe eile.
Táim ag súil go mór leis na leaganacha Android atá le cuir ar fáil amach anseo ag TG4 - is iontach an áis cluiche fón póca do  leanbh mífhoighneach nuair atá turas le cur isteach, nó feitheamh le déanamh. Fiú rud chomh simplí le Cúla Caint baineann m'iníon sult as ar feadh tamaill (gearr!). Dá mbeadh an cluiche gléasadh de chuid Olivia ar an bhfón bheadh sí thar a bheith sásta!
Chomh maith leis na uaireanta srianta (meas sibh an mbeidh leigheas áirithe ar sin le leathnú amach teilifís digiteach?) tá deacracht nó dhó eile ann do TG4, dar liom. De bharr costais beocháin is iondúil go mbíonn comhpháirtíocht idirnáisiúnta i gceist - rud a fhágann go mbíonn an leagan Gaeilge de chlár tharraingteach in iomaíocht dhíreach le leaganacha i dteangacha eile. Bíonn Traein Dineasáir ar Nick Jr, mar shampla. Fiú chláir a raibh lámh ag Telegael iontu, tá siad feicthe agam ar Kika.
Is cuimhin liom nuair a bhí na gasúir níos óige go raibh míreanna Gaeltachta san clár "Na Hoobs". Seans go bhfuil a leithéidí fós ann, ach níl sé feicthe agam le déanaí. Tá an clár ceisteanna Bog-Stop ann dar ndóigh. (Nó an bhfuil? Níl sin feicthe le scaitheamh agam ach oiread). Ach tá sé ríthábhachtach - sin an fáth go bhfuil Comhluadar ann - go bhfeiceadh páistí atá á dtógáil le Gaeilge san Iar Ghaeltacht leanaí eile ag caint Gaeilge.
Ba bhreá liom dá mbeadh cláir fearacht na cinn a bhíonn ar CbeeBies ag TG4 - clár cócaireachta do pháistí, abair, ina ghlacann na páistí páirt lárnach. Nó clár garraíodóireachta. Ach is dócha gur ceist costas agus acmhainní atá ann.
Tús maith leithéidí  Cruinne an Aireagáin le Wallace & Gromit  a bhfuil Gaeilge curtha ar sraithe amháin de ag Macalla Teo. (Is trua áfach nár déanadh athghuthú ar na hagallaimh)
Tá dóchas agam go mbeidh cartlann Cúla4 ag fás leis, agus go mbeidh rudaí nua, samhlaíocha á chuir leis.

Stad an Bhus agus Giorrú na Laethanta

2012-08-30

2012-08-31

2012-09-07  
An radharc ag amharc soir ó stad an bhus, thart ar 6:30 am, agus mé ar mo shlí ar obair roinnt maidneacha le déanaí. Níl giorrú an lá agus muid ag teacht i dtreo Grianstad an Fhómhair le séanadh.

2012-09-06

Fíor am

Bhí na céad ríomhairí mall. Gasta i gcomparáid le daoine, cinnte, ach fós mall. Ba ghnách mar sin go mbeadh obair á dhéanamh i mód baiscphróiseála. Sé sin, réitítear an obair roimh ré, seoltar isteach sa ríomhaire é, agus bailítear an fhreagra uair éigin níos moille. Tá roinnt córais atá fós ag obair mar sin - go háirithe sna bainc áit a mbíonn líon ollmhór sonraí le ríomh gach oíche; go hiondúil istoíche.(Agus cothaíonn siad deacrachtaí ollmhóra nuair a theipeann orthu, mar a d'fhoghlaim Banc Uladh ar na mallaibh)

Go hiondúil áfach bíonn ríomhairí anois ag obair i mód "fíor-ama".

Ní mór a rá i dtosach nach bhfuil ar chumas ríomhaire amháin ach áireamh amháin a ríomh san turas.  Cinnte, tá an chuma ar an ghnáth PC anois go bhfuil líon mór rudaí ag dul ar aghaidh in aon am amháin. Tá sin amhlaidh toisc go bhfuil clár amháin - an córas oibriúcháin - i bhfeighil cúrsaí. Tá an córas oibriúcháin freagrach as na hacmhainní - cuimhne, agus am áireamh go príomha, a roinnt idir na feidhmchláir. Nuair a bhíonn an ríomhaire róghnóthach - nó clár éigin lochtach - feictear an siombail damanta úd ar an scáileán - orláiste uibhe a bhíodh ann ach anois baineann Windows feidhm as ciorcal ag casadh.

Níl ansin ach ríomhaireacht fíor-ama "bog". Cuirfear cantal ar úsáideoirí mífhoighneacha, ach sin uile.

Tá córais eile ina bhfuil fíor-am "chrua" i gceist. Is é sin, is ionann freagra mall agus freagra mícheart. Le córais dá leithéid atáimse ag plé le linn mo shaol gairmiúil, cé go bhfuilim bogtha rud beag uaidh le blianta beaga anuas. Is gá fíor am chrua in aon chóras atá ag rialú inneall, mar shampla. Nó ag láimhseáil glaonna fón póca!

Tá dúshláin ar leith ag baint le fíor-am chrua. Tá sé measartha éasca léiriú go bhfuil píosa cóid "ceart", i. go bhfuil an feidhm atá ceaptha bheith curtha i gcrích á ríomh go beacht agus go cruinn. Ceist eile ar fad cruthú go mbeidh an freagra tráthúil. Go háirithe de bhrí go mbíonn feidhmeanna éagsúla, le minicíochtaí éagsúla le ríomh ag córas neadaithe mar é. Níos deacra fós má tá idirbhriseadh i gceist - is é sin le rá, rud éigin a tharlaíonn gur gá don ríomhchlár plé leis ar an bpointe.

Bíonn córas oibriúcháin ar leith de dhíth chun plé lena leithéid; agus anailís mós chasta chun iarracht a dhéanamh tráthúlacht an chórais a phromhadh - san cás is measa. Bíonn sé deacair uaireanta fiú oibriú amach cén cás an cás is measa!

Sin de bhrí go mbíonn cosáin éagsúla tríd píosa cóid: mar shampla -
más a
  déan b
  déan c
Tharlódh go bhfuil níos mó ama de dhíth  don céim "c" ná don gcéim "b". Méadaigh é sin faoi roinnt mílte coinníollacha agus bíonn fadhb sách deacair le háireamh! Agus más rud é go bhfeictear tríd promhadh nó anailís (nó, níos measa fós tríd tubaiste agus an córas ag obair) nach bhfuil an córas ag obair ag an luas cuí, tosaíonn an spraoi i gceart. Conas oibriú amach cá bhfuil an t-am á chailleadh? Is féidir méid áirithe a thomhas agus obair ar sin. Agus ba cheart a leithéid de próifíliú a dhéanamh roimh aon iarracht an cód a fheabhsú - le bheith cinnte go bhfuil an  fíor locht á leigheas.

Agus ní fiú mórán bheith ag tincéireacht leis an gcód. Tá sé riachtanach dul i ngleic leis na halgartam agus na riachtanais:  An bhfuil algartam níos fearr ann? An bhfuil gach rud atá á dhéanamh de dhíth?  An féidir cuid den áireamh a dhéanamh as-líne agus an fhreagra a úsáid?

Sin agaibh croí mo cheirde!



2012-09-04

Gort na bhFataí

Tá Cumann Spóirt agus Sóisialta againn ar obair. Cuireann na baill roinnt airgead in aghaidh na míosa isteach sa phota agus cuireann an cuideachta a chomhoiread leis. Eagraítear roinnt imeachtaí i rith na bliana mar sin chun (i bprionsabal) deis a thabhairt do dhaoine aithne a chuir ar a chéile lasmuigh de srianta na hoifige. Deá smaoineamh. Tá coiste deonach i gceist leis an eagrú, agus tá sé d'ádh orainn faoi láthair go bhfuil coiste samhlaíoch agus gníomhach againn; agus iad tuisceanach freisin go bhfuil teaghlaigh ag daoine!
Mar sin, eagraíodh lá teaghlaigh i Tayto Park Dé Domhnaigh.
Tá páirceanna siamsaíochta mar é thar a bheith gann abhus. Bhí muid ann le'm iníon atá díreach ag an aois ceart dó sílim, cé gur chaith sí mórchuid na hama san clós spraoi - rud a bheadh ar fáil áiteanna eile. Mar sin féin bhí rudaí eile ar fáil nach mbeadh chomh héasca teacht orthu. Aghaidh dathú, mar shampla. Agus - rud a bhain sí an sult as - scéalaíocht i bPuball "Indiach Dearg". Níor chuala mé féin an scéalaí í, ach d'fhill sí arís is arís eile uirthi, mar sin caithfidh sé go raibh sí sách maith!
Tá scata deiseanna proinn a chaitheamh san áit, agus bhí béile orduithe dúinn san "Outback" a bhí sách maith do greim gasta. 
Bhí seó draíochta san ionad céanna a bhí ana mhaith ar fad.
Agus tá bailiúcháin d'ainmhithe acu - tréad bheag bhuabhall, eallach eile, lámaí ina measc, agus cuid mhaith cait mhóra. Agus ealta éin clóis.
Ba lá breá brothallach a bhí ann, mar sin bhí an áit dubh le daoine. Níor chuir sin as dúinne, ach tá iontas nó dhó san áit a raibh an tóir ag daoine eile orthu - rópaí arda agus "zip-line" fíor ard fíor fhada. Bhí scuaine fada dóibh sin um thráthnóna. Dá mbeadh faoi dhuine tabhairt fúthu sin b'fhiú bheith ann luath, agus an áit ag oscailt.
Níl an áit saor - €40 ar bheirt duine fásta agus beirt ghasúir,agus breis ar chuid de na hiontais laistigh. Ach níl na praghsanna ar bhia agus deoch thar fóir.
Áit dheas do lá teaghlaigh le gasúir óga.

2012-09-02

Cú Chulainn Cathrach


Tá an múrmhaisiú seo i Sráid Nassau, ar balla le hais an Ionad Setanta, díreach trasna ón Siopa Kilkenny Design, agus le hais an siopa ceoil Celtic Note. Deir an Idirlíon liom gurbh é Desmond Kinney an t-ealaíontóir agus gurbh i 1974 a rinneadh an saothar. Mar a luaitear san leathanach seo a chuireann síos air, níl an t-eolas sin le feiceáil ar an láthair.
Le mo fón póca a thóg mé na híomhánna seo, agus ní thugann siad a cheart don saothar iontach, dathúil (i ngach ciall) lán sonraí seo. Tá radharcanna saoil Chon Chulainn, ón macghníomh a thug a ainm dó go dtí a bhás ceangailte de ghallán. Tagairtí dá bhreith ann, do Lugh agus Dechtire, do mhallacht Mhacha a d'fhág fir Ulaidh lag in am an ghátair. 
 De réir an nasc ag dánlann Solomon, tá tríocha saothar mar é thar timpeall na Cathrach ach níl aon ceann eile feicthe agam go bhfios dom. Tá's agam go bhfuil saothar bunaithe ar Bhuile Suibhne san Irish Life Centre ar Sráid na Mainistreach - ach níl teacht air ach le linn uaireanta oibre an bhainc atá ar an gcéad urlár ansin mar go mbíonn an clos iata lasmuigh de na huaireanta sin. 
Tá sé i gceist agam le fada ruathar a thabhairt chomh fada leis ach níor éirigh liom fós.
Má tá na saothair eile ar aon dul leis an gceann seo b'fhiú b'fhéidir cosán a leagan amach a nascann iad le chéile - má sin áiteanna poiblí atá siad. Is beag eolas a d'aimsigh mé ar líne fúthu. Ach tá cuid de shaothar an ealaíontóra le feiceáil anseo:


2012-09-01

Scéinséir scanrúil

Agus mé sa leabharlann ar na mallaibh phioc mé suas an leabhar seo de chuid Áine Ní Ghlinn - Tromluí. Scéinséir den scoth é - níl mé chun achoimre a thabhairt ar dá bhrí sin! Luafaidh mé an méid atá ar an mblurba:
Cé hé féin? Dúnmharfóir contúirteach a mharaigh an cara is fearr a bhí aige? Andúileach drugaí? Nó - más fíor do na nuachtáin - an dá rud, b’fhéidir?
Seo cuid de na ceisteanna atá le freagairt ag Eoghan Ó Broin a dhúisíonn i mbothán sléibhe agus a chuimhne glanta, folamh.
Aisteach go leor i bhfianaise mo ghnáth thaithí le blurbaí, tá an méid sin cruinn mar chuir síos ar an leabhar!
Tríd súile an laoich agus ina intinn atá faoi mhearbhall a tumtar muid ón gcéad abairt, agus is de réir mar a thuigeann sé a chás a thagann muidne chun tuisceana air freisin. Tumtar muid is scéal a bhfuil blas na fírinne air, scéal a d'fheadfadh tarlú. Is ar dhéagóirí atá an scéal seo dírithe agus mar sin bíonn corrfhocal thall agus abhus le líne faoi - tagairt ansin don carta gluaise atá leis an leabhar. Faraor is foclóirín Gaeilge Béarla atá sa ghluais. Sin nós nach maith liom, b'fhearr go mór liom dá mhíneofaí na focail chrua. Seachas sin tá cló agus dearadh an leabhair deas soiléir snasta fiúntach. Tháithín an fhoclóir liom, glé, grinn soiléir. Ní raibh deacracht ar bith le bheith tumtha san scéal agus léigh mé d'aon ruathar é.
Tá an leabhar curtha ar aghaidh ag mo mhic anois é, má éiríonn liom aon tuairim a mhealladh astu faoi cuirfidh mé leis an méid seo é. Ach bhain mise ana sult as an scéal, scéinséir éifeachtach réalaíoch.

Áine Ní Ghlinn
Tromluí (Fainic: léirmheas eile ag an nasc seo a sceitheann níos mó ná mar a sceith mise!)
ISBN: 978-1-901176-95-7
Foilsithe: 2009
Leathanaigh: 164
€10.00 (bog)