Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-09-30

Ábhair draíochta!

Tá's ag léitheoirí an bhlag seo go bhfuilim ceanúil ar an Dánlann Eolaíochta. Bhíos ann arís inné le'm iníon. "Ábhair Draíochta" an taispeántas reatha. Bhí réimse leathan de nithe spéisiúla acu ann; chomh simplí le "puití seafóideach" nó chomh haisteach le teasc ceirmeach a d'eitil thart i gciorcal ós cionn ciorcal maighnéid nuair a rinneadh é a fhuarú le nítrigin leachtach. Is fiú léamh tríd an suíomh; tá an dúrud eolas ann - beidh mé féin á athléamh! Is amhlaidh nár thuig mé go mb'fhearrde dom clár  a cheannach chun na hiontais ar fad a thuiscint i gceart. Mar sin féin bhí an fhoireann ann thar a bheith eolach agus cuiditheach. (Agus mé ann bhí ar fear amháin dul i ngleic le bean a bhí tugtha do theoiric comhcheilge agus den tuairim gurbh gá don chine daonna sos a ghlacadh ón eolaíocht - ghlac mé páirt sa chomhrá ar feadh tamaill ach theith mé nuair ba léir go raibh rudaí ag dul thart i fáinní fí). 
Meascán d'ábhair saorga agus nádúrtha a bhí sa taispeántas, cuid acu turgnamhach amach is amach, cuid acu le feidhm. Bhí úsáidí spéisiúla síoda á phlé ann; ábhar nádúrtha (cé go bhfuil sé daor de bharr ganntanas péiste síoda). Bhí turgnamh a phlé ann faoi é a úsáid chun críche leighis sa choirp, mar rogha ar scriú agus araile a bhíonn de dhíth chun damáiste do chnámha a leigheas. De bharr gur ábhar nádúrtha é, cuireann sé cineál scafaill ar fáil don cholainn chun an cnámha chuir ar fás arís - bealach i bhfad níos fearr ná miotail a bhíonn ina bhac ar an gcolainn athghiniúint. Fearas spéisiúil eile ab ea an comhla déanta as nitíonóil don croí. De bhrí go mbíonn tionchar ag sruthanna beaga aibhléise air, d'fheadfaí an comhla a chuir ag obair le haibhléis nádúrtha na colainne seachas foinse níos láidre lasmuigh a bhith de dhíth.
Bhí éadach de chineálacha éagsúla ann - cineál feilte déanta as beacáin, nó snáithe déanta ag síoda damháin alla ar lámh amháin - nó as athchúrsáil plaisteach. Bhí éadach clúdaithe le ocsaíd tíotáiniam a shéan uisce ar fad - agus a d'fhéadfaí á úsáid mar chlúdach frithfrídín chomh maith. 
Ach b'é an t-iontas is mó dar liom ná an teasca úd a d'fhan ar foluain sa réimse maighnéadach.

Tá an taispeántas ar siúl go dtí an 5ú Samhain. Má bhíonn an deis agaibh, tapaígí é!