Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-09-01

Scéinséir scanrúil

Agus mé sa leabharlann ar na mallaibh phioc mé suas an leabhar seo de chuid Áine Ní Ghlinn - Tromluí. Scéinséir den scoth é - níl mé chun achoimre a thabhairt ar dá bhrí sin! Luafaidh mé an méid atá ar an mblurba:
Cé hé féin? Dúnmharfóir contúirteach a mharaigh an cara is fearr a bhí aige? Andúileach drugaí? Nó - más fíor do na nuachtáin - an dá rud, b’fhéidir?
Seo cuid de na ceisteanna atá le freagairt ag Eoghan Ó Broin a dhúisíonn i mbothán sléibhe agus a chuimhne glanta, folamh.
Aisteach go leor i bhfianaise mo ghnáth thaithí le blurbaí, tá an méid sin cruinn mar chuir síos ar an leabhar!
Tríd súile an laoich agus ina intinn atá faoi mhearbhall a tumtar muid ón gcéad abairt, agus is de réir mar a thuigeann sé a chás a thagann muidne chun tuisceana air freisin. Tumtar muid is scéal a bhfuil blas na fírinne air, scéal a d'fheadfadh tarlú. Is ar dhéagóirí atá an scéal seo dírithe agus mar sin bíonn corrfhocal thall agus abhus le líne faoi - tagairt ansin don carta gluaise atá leis an leabhar. Faraor is foclóirín Gaeilge Béarla atá sa ghluais. Sin nós nach maith liom, b'fhearr go mór liom dá mhíneofaí na focail chrua. Seachas sin tá cló agus dearadh an leabhair deas soiléir snasta fiúntach. Tháithín an fhoclóir liom, glé, grinn soiléir. Ní raibh deacracht ar bith le bheith tumtha san scéal agus léigh mé d'aon ruathar é.
Tá an leabhar curtha ar aghaidh ag mo mhic anois é, má éiríonn liom aon tuairim a mhealladh astu faoi cuirfidh mé leis an méid seo é. Ach bhain mise ana sult as an scéal, scéinséir éifeachtach réalaíoch.

Áine Ní Ghlinn
Tromluí (Fainic: léirmheas eile ag an nasc seo a sceitheann níos mó ná mar a sceith mise!)
ISBN: 978-1-901176-95-7
Foilsithe: 2009
Leathanaigh: 164
€10.00 (bog)