Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-10-25

Togra nua: Rogha Gabriel

Tá tús curtha agam le togra nua blagadóireachta, seans go mbeidh rudaí ciúin anseo ar feadh scaitheamh. An togra ná Rogha Gabriel.
Foilseofar sleachta as saothair foilsithe agus neamhfhoilsithe Gabriel ann, maille eolas faoi na saothair foilsithe.

2012-10-21

An bhean a chuireann scanradh ar Phádraig Ó Siadhail

Bhí orm roghnú cé na himeachtaí a bhí mé chun freastal orthu ag IMRAM; de bharr go mbíonn orm éirí go moch agus go mbíonn aistear fhada abhaile ó lár na cathrach agam ní bhíonn ar mo chumas freastal ar an oiread ócáid agus ba mhaith liom. Ach de bharr an leabhar a bheith léite arís agam ar na mallaibh bhí léacht le Pádraig Ó Siadhail go hard ar mo liosta.
Dornán Litreacha, Dráma agus Deascán Ceisteanna an teideal a bhí ar a leacht; agus san caint spéisiúil taitneamhach a thug sé don slua (sách beag!) in áras nua Gaelchultúr do ríomh sé an fhianaise agus na fíricí faoin mbean fuinniúil seo ar a bhfuil an úrscéal bunaithe; agus an bhunús a bhí mar spreagadh lena shamhlaíocht - de bhrí nach bhfuil fianaise dearfach ann do chaidreamh domhain idir Caitlín Ní hAodha agus Pádraig Ó Conaire. Tá litir ann ón gConarach go Piaras Béaslaí, ag cuir Caitlín Ní hAodha in aithne dó mar dhuine arbh iriseoir í freisin; agus bhí an Béaslaíoch lárnach i gcomhairlí an IRB.
Tá rud éigin diamhair faoin bealach a rinneadh poblachtach daingean den mbean láidir seo a bhí gar don cinseal i gCeanada; dílis don Eaglais CR agus don Impireacht. Duine a rinne teagasc i measc na mbundúchasach thall; ach arbh í a aidhm baill sásta den cine gheala dhéanamh astu seachas tacú lena bhforbairt féin. Bean a bhí ina rúnaí ag Príomh-aire Alberta, i gcroí lár na cumhachta ach i gcoinne an vóta do mhná.
Ba léir go raibh na foinsí ransaithe ag Pádraig Ó Siadhail, agus aithne curtha aige ar Katherine Hughes; ach fós go bhfuil bearnaí móra san insint - bearnaí a riabh sé saor le líonadh san úrscéal. Ach é den tuairim (agus an ceart aige) nach bhfuil áit ann do thuairimíocht san bheathaisnéis atá ar na bacáin aige uirthi. Spéisiúil go leor bhí léirmheastóir amháin ar an mbeathaisnéis den tuairim go raibh an fhírinne san méid atá san úrscéal; léirmheastóir eile den tuairim gurbh amhlaidh gurbh leispiach í Hughes! Is léir mar sin go bhfuil lacunae mhóra san scéal, agus go dtig le samhlaíochtaí éagsúla réiteach éagsúla a aimsiú ar an nDeascán Ceisteanna thuasluaite.
Cuireadh an ceist ar dheireadh ar thaitin Katherine Hughes leis; dúirt sé gur chuir sí scanradh air! Tá sé sothuigthe go ndearna, is léir gurbh duine diongbháilte thar an gnách a bhí inti, cinnte dá ionad féin agus ábhairín sotalach dá réir. Bean a chleacht cuideachta fir thábhachta - cinseal na himpireachta i dtosach agus ansin daoine fearacht De Valera agus Harry Boland.  

Bíonn sé i gcónaí deas bualadh le údar, go háirithe duine a bhfuil cónaí air thar lear; bíonn sé iontach freisin duine a chlos ag labhairt ar ábhar a bhfuil máistreacht aige air, agus grá aige dó. Bhí an dá rud fíor. 

Bhí Cló Iar Chonnachta ag díol leabhair ag an ócáid - agus ghéill mé don cathú agus cheannaigh leabhar eile le Pádraig.

2012-10-19

Tuairisc ón bPluais

Bhí mé i láthair aréir san Grand Social i mBaile Átha Cliath d'imeacht eile de chuid IMRAM. Oíche Ómóis d'fhathach eile de chuid Litríocht na Gaeilge; an uair seo Tomás Mac Síomóin. Tá saothar Thomás chomh ilghnéitheach go raibh gá le scata cainteoirí chun é a mheabhrú dúinn! Bá é Cathal Póirtéir a bhí ina fhear an tí, ag coinneáil smacht ar rudaí. Thug Éamon Ó Ciosáin léiriú dúinn ar Thomás mar paimfléadaí; leithéidí Ó Mhársa Go Magla; Ceachtanna Ón gCatalóin; Tuairisc ón bPluais; 1916: Leath-réabhlóid Paradacsa ait na Gaeilge. Saothar tábhachtacha machnamh chun bunús a chuir faoi smaoineamh ar féiniúlacht agus teanga. (Bhain mé féin tairbhe agus sásamh astu). Labhair Dónall Ó Braonáin ar Thomás Iriseoir - agus go háirithe a thréimhse mar eagarthóir ar Chomhar. Arís, bí machnamh agus diongbháilteacht i gceist! Fágadh faoi Phillip Cummings labhairt faoin bprós agus filíocht; thug Lydia Groszewski spléachadh ar a shaothar agus a idé-eolaíocht (tá tráchtas déanta aici air - ach saothar uirthi coinneáil ar chéim lena chuid scríbhneoireachta!).
Nath a baineadh feidhm as arís is arís eile; scríbhneoir engagé is ea Tomás; fear cúise; fear ceanndána; fear comharseilbhe gan leithscéal. Poblachtach ceart.
Idir na míreanna cainte bhí ceol againn - ó Chormac Breathnach, Seán Whelan agus Brian Dunning. Cheol Naisrín Elsafty sean nós den scoth. D'inis Pádraig Ó Snodaigh roinnt scéalta ón gcairdeas fada atá aige le Tomás; agus a streachailt le chéile ag cur na Gaeilge chun cinn. Chuir Tomás féin clabhsúir leis an gcuid sin den oíche le dhá dhán; ceann cumhachtach i gcuimhne Victor Jara; ceann úrnua faoi mana agóideoirí na Gréige - Ní Éireannaigh muide!- agus cúthail mí-éifeachtach abhus. 
Fágadh an urlár ansin faoin gceol-ghrúpa Laidineach Mangéira; Bhain siadsan ceol as na fraitheacha agus chuir Tomás ag damhsa!
Oíche thaitneamhach a bhí ann agus bhí deis agam roinnt comhráite spéisiúla a bheith agam; ina measc bhuail mé le m'oide Gaeilge ón Meánscoil agus bhí deis agam, anois agus tuiscint agam buíochas a ghabháil leis as Máirtín Ó Direáin a thabhairt isteach chun cainte linn fadó. (Is mór an trua gurbh déagóir sotalach aineolach an uair úd mé nó bheadh níos mó tairbhe bainte agam as!)
B'é an t-aon mháchail ar an oíche nach raibh an ionad feiliúnach dáiríre; bhí muid cuachta istigh i spás nach raibh ach cuirtín idir é agus an teach tábhairne agus trup dá réir ann; breis truip ach ar thosaigh  ceol thuas staighre.
Chuir sin isteach roinnt ar na cainteoirí agus ní raibh ar mo chumas díriú orthu mar ba mhian liom. Bhí sé barrúil áfach nuair a shiúl - mar a tharla cúpla uair - ainnir ardchathrach gléasta do cath na cineáil isteach; bhain an teanga stangadh astu. Bhain an comhluadar stangadh eile astu agus theith siad nuair a thuig nach raibh aon stail sochumasc san slua ...  

Molaim daoibh, mura bhfuil sin déanta agaibh cheana blaiseadh de shaothar Thomáis; nod libh go bhfuil leaganacha ríomhleabhair dá shaothar ar fáil!

Agallamh le Tomás Mac Síomóin faoina smaointe agus a shaothar.

2012-10-16

Díbirt an CAPTCHA


Brúigh ar le méadú!
Is cosúil go bhfuil muid ar fad bréan bailithe den gcóras nua atá brúite ag Google orainn chun dris cosain a chuir roimh lucht turscair. Is mó de dhris cosain ar an bplé atá ann - ach is féidir fáil réidh leis do'd bhlag. Mar a léirítear thuas, is "Word Verification" a thugann siad ar an gcóras seo, agus tá an rogha agat é a mhúchadh do'd bhlag.
Molaim sin a dhéanamh!
Gabh chuig "Settings" -> "Posts and Comments" agus roghnaigh "No" do "word verification". Ansin brúigh an cnaipe "Save Settings" thuas ar dheis. Sin é.

2012-10-15

Lá Gníomhaíochta na mBlag: Comhar na gComharsan

Inniu, an 15ú Deireadh Fómhair, Lá Gníomhaíochta na mBlag; agus an mana atá leis an iarracht seo blagadóirí ar fud na cruinne a cuir ag obair ar téama coiteann ná "Power of We". Chuir Pól an leagan "Neart ár nGéag" ar sin;
Sin ar ndóigh tagairt don fhreagra a thug Caoilte ar Phádraig nuair a d'fhiosraigh sé rún na bhFiann:
Glaine ár gcroí, 
neart ár ngéag agus  
beart de réir ár mbriathar
N'fheadar an é sin an aistriúchán is feiliúnaí ar "The Power of We" - cumhacht na meithle agus comhar na gcomharsan.
Ach is fíor ar aon nós, cé gurbh Fórsaí Míleata SAM a chuir an síol tríd DARPAnet agus go bhfuil an cuma air gurbh iad comhluchtaí móra fearacht Facebook atá ag baint an fhómhair, is ar comhar na gcomharsan atá an Idirlíon tógtha - na caighdeáin oscailte a pléadh sna "Iarratais um Plé"; na bogearraí foinse oscailte atá mar fhéitheoga aige; leithéidí an freastalaí Apache. An rud atá spéisiúil faoin gcomhar seo ná gur comhar de dhaoine a bhfuil tréithe láidre an aonaráin ag baint leo atá i gceist - na seifteálaithe.
Agus is cinnte go gcuidíonn an oscailt céanna leis an iliomad meitheal teacht le chéile beag beann ar am nó áit - rud a thugann uirlisí chun "Cumhacht na gComhar" a mhúscailt. Ní comharseilbh - ach comhareolas! Tá sé de bhuntáiste ag eolas gur féidir é a roinnt gan - de ghnáth - a luach a laghdú. (Eisceacht is ea an rún, pé acu dlisteanach nó neamhdhlisteanach: ach sin scéal eile)
Maidir le saol na Gaeilge agus an Comhar seo, tá lámh curtha agam in iarracht nó dhó dá leithéid - mar shampla an slua foinsiú a rinneadh chun "Is iomaí duine le Dia" a chnuasach agus a chuir ar fáil. Nó na hiarrachtaí reatha chun Gaeilge a chuir ar Twitter.
Fiú an bhlagadóireacht féin, is modh é chun eolas a scaipeadh agus aithne a chuir ar dhaoine; agus is ríomhaithne dá leithéid a fhásann tograí a scaoileann fuinneamh cumhacht an le chéile chun feabhas a chuir ar an saol, ar scála bheag nó ar scála mhór.
Tá an cuma ar an scéal anois go bhfuil na modhanna úd ag sileadh amach ón idirlíon isteach san fíor saol leis na "spásanna seifteála" agus tóglainní.
Agus an píosa seo á scríobh agam, ritheann sé liom go bhfuil breis a d'fheadfainn a dhéanamh san earnáil seo - ach tá nithe eile a bhfuilim gafa leo, fearacht Comhluadar - gné eile de chumhacht an dreama a thagann le chéile.
Mar a deir an seanfhocal,
Ní Neart go cur le céile!

2012-10-13

Túr na nAmhrán



Ghlac mé mo shuíochán aréir in amharclann plódaithe an Pavilion i nDún Laoghaire (imeacht Gaeilge díolta amach!) don togra ceoil is déanaí de chuid IMRAM. Ní mór dom admháil gur tearc m'eolas ar Leonard Cohen (cé go dtuigim inniu go raibh amhráin leis cloiste agam) Mar sin ní raibh aon réamhthuairim agam faoin méid a bhí romham. Tá Liam Ó Maonlaí agus Hilary Bow cloiste agam cheana, dar ndóigh agus CDanna dá gcuid ar mo phíobaire póca. Ach bhíos dall go hiomlán go nuige seo ar an Brad Pitt Light Orchestra. Is as na comhábhair ceoil seo maraon le íomhánna teilgthe Margaret Lonergan agus aistriúcháin Gabriel Rosenstock, Liam Ó Muirthile agus Seosamh Ó Murchú a fuineadh an féasta fuinniúil ceoil a cuireadh ós ár gcomhair. Máistrí ar an nGaeilge (nó an Gaoluinn, le bheith cruinn!) an triúir acu agus ba léir sin sna leaganacha snasta de na hamhráin a cuireadh faoinár mbráid.
Is dócha gur dea-theist ar ar raon Cohen (ar chuir Liam Carson síos ar mar "file eile misteach Giúdach" sa mhullach ar Bob Dylan a rinne IMRAM togra air freisin) go raibh cúigear ar fad a ghlac a seal mar phríomhamhránaí faoi seach i rith na hoíche. Bhí coinne agam le Liam & Hilary a bheith san ról sin; ach bhí triúir amhránaí an BPLO ag glacadh ról lárnach sna amhráin chomh maith, bua ar leith gutha ag gach duine acu - Ann, David agus James Blake. Bhí guth garbh ar leith ag duine des na fir a d'oir go paiteanta do na hamhráin ar ghlac sé an príomhpháirt iontu. Bhí focail agus foghraíocht go paiteanta acu ar fad. Bhí an tionlacan ceoil chomh paiteanta sin nach dtig liom oirfideach thar a chéile a phiocadh amach - veidhlín, dord, giotáir éagsúla leictreach, méarchlár agus pianó, agus uirlisí eile nach bhfeadfainn ainm a chuir orthu fite fuaite le chéile chun ceol cumhachtach a ghineadh a líon an halla agus a chuir ar coipeadh é le fuinneamh.
D'oscail an oíche leis an mbailéid grá Suzanne canta le croí agus colainn iomlán ag Liam; i measc na teideal eile a thug mé liom ná Halleujah - amhrán lán de thagairtí Bíobalta a rinne léaráidí Margaret Lonergan iad a shoiléiriú agus a threisiú -  an rosc catha "Ar dtús tógfam Manhattan ansin tógfaimid Beirlín" - ceann eile Daonlathas (thaitin an slí gur fí Liam Ó Maonlaí cuid den ceol a d'fhoghlaim sé ó Bundúchasaigh Mheiriceá tríd an ceann seo) agus mórán eile amhrán nach iad.
Chuaigh an oíche ar luas lasrach, muid tumtha san sár-cheoil agus deis againn na focail a thabhairt linn de bharr iad a bheith ar na híomhánna teilgthe, agus léirithe ag na híomhánna chomh maith.
Tar éis dóibh muid a sracadh as ár suíocháin chun gártha molta a thabhairt dóibh (agus Liam agus a bhean a chuir ag damhsa go fuinniúil!) d'fhág na ceoltóirí muid le hamhrán oiriúnach clabhsúir...
Maidir leis an lucht féachana, cé go raibh na gnáth hamhrasáin ann agus a lán Gaeilge le clos - bhí a lán Béarla le clos freisin - is léir mar sin go bhfuil ag éirí le hIMRAM daoine ó lasmuigh den ghnáth chomhluadar a tharraingt isteach chuig imeachtaí Gaeilge. Is maith sin.
Rinneadh taifeadadh ar an oíche agus tá sé i gceist go gcraolfar amach anseo ar Raidió na Gaeltachta é; agus beidh an tionscadal ag dul an chamchuairt. Mar sin, ta deis agaibh blaiseadh de mura raibh sibh ann aréir.  Tapaígí an deis sin!

2012-10-11

Hildegard von Bingen, Dochtúir de chuid na hEaglaise CR

Tinfeadh á fháil ag Hildegard
mionphictúir as an Rupertsberger Codex den Liber Scivias.
Ó Wikimedia
D'ainmnigh an Pápa Hildegard von Bingen agus Eoin de Avila ina Dhochtúirí (i. Oidí ar leith) de chuid na hEaglaise ar an Domhnach. Bean ar leith i Hildegard von Bingen; bean a bhí beo i dtréimhse ina raibh an Eaglais suaite de bharr éillitheacht na cléire, agus de bharr achrann idir an céimlathas Eaglasta agus an céimlathas stáit. Bean í a labhair amach go láidir faoi sin; agus as a briathra a tharraing an Phápa agus é ag trácht ar scannal na hEaglaise, róbaí nuachar Chríost truaillithe ag peacaí na sagairt.
Go deimhin labhair sé fúithi roinnt uaireanta - mar chuid den sraith teagaisc ar mhná móra i measc na naoimh, mar shampla. (Tá na haitheasc uirthi ar fáil anseo agus anseo)
Bean ar leith; fáidh agus misteach - ach freisin eolaí a rinne breathnú cúramach agus tuairisciú ar luibheanna leigheas agus araile - agus cumadóir cumasach ceoil.
Is tearc m'eolas uirthi. Ach tá rún agam cuir leis!

2012-10-05

An Reacaire i mo phóca: Joe Steve

Do luaigh mé an saibhreas atá á dháileadh saor in aisce ag Cló Iar Chonnachta cheana:
Le déanaí tá an cnuasach filíochta le Joe Steve Ó Neachtain bailithe agam ón suíomh le cuir leis na hiontaisí ar mo sheinnteoir póca. Tá úrscéalta agus gearrscéalta le Joe Steve léite cheana agam, agus tá an cnuasach Fead Ghlaice agam áit éigin freisin. (Beidh orm scríobh faoi na saothair eile - thaitin Lámh Láidir agus  Scread Mhaidne liom. Tá Lámh Láidir ar fáil mar chlos leabhar ón suíomh)
Tá saibhreas focail ag Joe Steve, agus baineann sé feidhm éifeachtach astu sna dánta seo - dánta gairide don gcuid is mó - iad lán mothúcháin agus "nádúr" sa chiall atá acu thiar leis - daonnacht.
Breithiúnas, mar shampla, dán thar a bheith tuisceanach faoin bpian a chuir fear thar a fhulaingt agus a thiomáin é chun lámh a chuir ina bhás fhéin - rud a d'fhág lasmuigh den gcomhluadar é tráth.
Níl maoithneachas ná Oisín i ndiaidh na Féineachas le sonrú ar shaothar Joe Steve; tuigeann sé go maith an taobh dorcha d'Éireann le linn a óige, an chruatan agus an cúinge; ach tuigeann sé freisin, agus ceiliúrann na rudaí maithe. Agus sin uilig i nguth stuama, ceolmhar, ciúin, cumhachtach.
Comrádaí maith ar an mbóthar! (Beidh orm an leabhar a cheannach - ní thugann mó chluasa cathrach gach focal ná nath liom)

Lá Gníomhaíochta na mBlag: Neart ár nGéag

Spreag an Cnagaire mé le clárú le Lá Gníomhaíochta na mBlag; agus is eisean a chuir an leagan Neart ár nGéag ar an dtéama "The Power of We" (Téama atá thar a bheith teibí le hais na cinn blianta eile).

Beidh orm mo mharana a dhéanamh agus píosa fónta a scríobh más féidir don 15ú Deireadh Fómhair. Ba mhór agam bhur gcomhluadar!