Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-10-15

Lá Gníomhaíochta na mBlag: Comhar na gComharsan

Inniu, an 15ú Deireadh Fómhair, Lá Gníomhaíochta na mBlag; agus an mana atá leis an iarracht seo blagadóirí ar fud na cruinne a cuir ag obair ar téama coiteann ná "Power of We". Chuir Pól an leagan "Neart ár nGéag" ar sin;
Sin ar ndóigh tagairt don fhreagra a thug Caoilte ar Phádraig nuair a d'fhiosraigh sé rún na bhFiann:
Glaine ár gcroí, 
neart ár ngéag agus  
beart de réir ár mbriathar
N'fheadar an é sin an aistriúchán is feiliúnaí ar "The Power of We" - cumhacht na meithle agus comhar na gcomharsan.
Ach is fíor ar aon nós, cé gurbh Fórsaí Míleata SAM a chuir an síol tríd DARPAnet agus go bhfuil an cuma air gurbh iad comhluchtaí móra fearacht Facebook atá ag baint an fhómhair, is ar comhar na gcomharsan atá an Idirlíon tógtha - na caighdeáin oscailte a pléadh sna "Iarratais um Plé"; na bogearraí foinse oscailte atá mar fhéitheoga aige; leithéidí an freastalaí Apache. An rud atá spéisiúil faoin gcomhar seo ná gur comhar de dhaoine a bhfuil tréithe láidre an aonaráin ag baint leo atá i gceist - na seifteálaithe.
Agus is cinnte go gcuidíonn an oscailt céanna leis an iliomad meitheal teacht le chéile beag beann ar am nó áit - rud a thugann uirlisí chun "Cumhacht na gComhar" a mhúscailt. Ní comharseilbh - ach comhareolas! Tá sé de bhuntáiste ag eolas gur féidir é a roinnt gan - de ghnáth - a luach a laghdú. (Eisceacht is ea an rún, pé acu dlisteanach nó neamhdhlisteanach: ach sin scéal eile)
Maidir le saol na Gaeilge agus an Comhar seo, tá lámh curtha agam in iarracht nó dhó dá leithéid - mar shampla an slua foinsiú a rinneadh chun "Is iomaí duine le Dia" a chnuasach agus a chuir ar fáil. Nó na hiarrachtaí reatha chun Gaeilge a chuir ar Twitter.
Fiú an bhlagadóireacht féin, is modh é chun eolas a scaipeadh agus aithne a chuir ar dhaoine; agus is ríomhaithne dá leithéid a fhásann tograí a scaoileann fuinneamh cumhacht an le chéile chun feabhas a chuir ar an saol, ar scála bheag nó ar scála mhór.
Tá an cuma ar an scéal anois go bhfuil na modhanna úd ag sileadh amach ón idirlíon isteach san fíor saol leis na "spásanna seifteála" agus tóglainní.
Agus an píosa seo á scríobh agam, ritheann sé liom go bhfuil breis a d'fheadfainn a dhéanamh san earnáil seo - ach tá nithe eile a bhfuilim gafa leo, fearacht Comhluadar - gné eile de chumhacht an dreama a thagann le chéile.
Mar a deir an seanfhocal,
Ní Neart go cur le céile!