25 October 2012

Togra nua: Rogha Gabriel

Tá tús curtha agam le togra nua blagadóireachta, seans go mbeidh rudaí ciúin anseo ar feadh scaitheamh. An togra ná Rogha Gabriel.
Foilseofar sleachta as saothair foilsithe agus neamhfhoilsithe Gabriel ann, maille eolas faoi na saothair foilsithe.

4 comments:

Séamas Poncán said...

Muise, nach tusa an fan mór! Go n-éirí leat. Mar a tharlaíonn, beidh dánta dá chuid in An Gael mí na Nollag, as a leabhar atá le teacht. Aistriúcháin ar dhánta Ko Un na Cóiré iad. Beidh mo léirmheas féin orthu ann chomh maith.

ormondo said...

Go n-éirí go geal libh leis an togra.

Ach ná déan faillí i do bhlag féin. ;-)

aonghus said...

Sa chás seo níl ionam ach teicneoir, ag cabhrú le Gabriel a chuid féin a chuir ar líne.

Maith agaibh as na dea ghuí

Mise Áine said...

Go n-éirí go geal libh, a Aonghuis!

Tá an blag curtha agam ar liosta mo 'Comhbhlagálaithe' anois.

Bhí mé as blag le seachtain anuas, - nílim ach á léamh seo anois - agus is maith liom a fheiceáil go bhfuil tú fós ag scríobh do smaointe fánacha ar do bhlag féin anseo..:-)