24 November 2012

Glaoch ón Tríú Reich

Arndt Wigger (Íomhá le TG4)
Chonaic mé an clár Glaoch ón Tríú Reich ar TG4 dé Céadaoin; ní bhím ag faire ag teilifís mórán ach chuala mé píosa faoi ar Rónán Beo.
Spreag sin m'fhiosracht. Bhí cloiste agam faoi Hans Hartmann, de bhrí gur lorg Diarmuid Breatnach cabhair uaim agus é i mbun taighde air don sraith Beathaisnéis (as ar fhás an togra Ainm.ie). Ag smaoineamh siar air, gach seans gurbh leis an Dr Arndt Wigger a bhíos i dteagmháil an uair úd; bhí Diarmuid ar thóir cuntas iarbháis a foilsíodh ar an ZCP.
Bhí an clár thar a bheith spéisiúil; an Dochtúir Wigger a bhí mar dhalta ag Hans Hartmann ag iarraidh a thuiscint conas go raibh baint ag a iar-ollamh - fear nach raibh tuairimí ciníocha ná a leithéid cloiste aige uaidh riamh - lárnach i dtogra bolscaireachta na Naitsithe, ag craoladh bolscaireacht i nGaeilge go hÉireann.
Caithfidh mé a rá nach gcuireann sé an oiread sin ionadh orm gur tháinig mac léinn a bhí ag dul don teangeolaíocht sna 1930í faoi anáil na dtuairimí bréag eolaíochta faoi Cine agus Cultúr; agus go háirithe duine a bhí faoi thionchar Ludwig Mühlhausen. Le linn an chláir nochtadh go raibh sé gar chomh maith, fiú i ndiaidh an chogaidh, le Adolf Mahr, a bhí tráth i bhfeighil ar an Iarsmalann náisiúnta. Ach sa bhreis ar a ról oifigiúil bhí an fear céanna ag eagrú na nGearmánach in Éireann faoi mharbhfháisc an NSDAP.
Tá cóip agam den leabhar Erinn, keltische Sagen aus Irland a foilsíodh ar dtús i 1944.(Eagrán macasamhlach 1977 atá agamsa). San réamhrá ar an leabhar sin tá aistí leis na teoiricí ciníocha maidir le cultúr agus teanga a bhí flúirseach ag an am.
Bá léir san chlár an streachailt - thar a bheith Gearmánach, ní mór a rá - a bhí ann do Arndt Wigger dul i ngleic leis an stair. Cinnte, rugadh é féin i dtreo deireadh an chogaidh, an rud a thug Helmut Kohl "Gnade der späten Geburt" air (Grásta an Bhreith Mall) i., ní raibh baint phearsanta aige fhéin leis an gclais dorcha sin i stair na Gearmáine.  Ach, rud atá coiteann i measc a ghlúin siúd, go háirithe san Ghearmáin Thiar, mothaíonn sé náire agus ciontacht as an stair úd. Rud nach raibh fíor abhus - tá giota bhreá san Irisches Tagebuch ag Böll ina gcuireann sé síos ar an gcaoi - tarraingt fiacail an samhail a bhí aige dó - ar mhínigh sé do dhaoine abhus cé chomh holc is a bhí réimeas Hitler. Bhí bá forleathan abhus do na Gearmánaigh sa Chogadh toisc go raibh siad i ngleic leis an sean namhad, Sasana. Luadh é sin freisin san clár.
Bhí an clár thar a bheith éifeachtach, an fhianaise agus an stair á scagadh thall i mBeirlín agus abhus in Éireann, sna háiteanna a raibh Hartmann ag saothrú.

Tá deis eile an chlár a fheiceáil anocht ag 20:15 (agus tá sé ar fáil san tír seo ar seinnteoir TG4 freisin ar feadh seal)
Bhí píosa Déardaoin freisin ar chlár Rónán Beo agus é ag caint le hArndt Wigger. (Podchraoladh de sin ar fáil freisin)

3 comments:

ormondo said...

Tá an clár ar fáil abhus freisin agus GRMA as é a chur ar mo shúile. Tá cuid a haon feicthe agam anois agus táim ag súil leis an dá chuid eile.

(Ar aithin tú an áit a rabhadar ina suí ann ag ól caife?)

John said...

GRMA as an léirmheas sin. Caithfidh mé breathnú ar an gcartlann TG4 ar-líne.

aonghus said...


(Ar aithin tú an áit a rabhadar ina suí ann ag ól caife?)


Níor aithin. Ach fiú agus cónaí orm i mBeirlín, níor thaithigh mé lár na cathrach ró mhinic. Ní raibh an cuimhneacháin don Uileloscadh tógtha agus mé ann; níl sé feicthe agam fós.