27 November 2012

Ridire na hAinrialach

Tá rabharta imeachtaí liteartha ar bun i Baile Átha Cliath le tamaill, i bhfad níos mó ná bheadh ar mo chumas freastal orthu. Ach ní fheadfainn an deis a scaoileadh tharam éisteacht le hAlan Titley ag caint ar a shaol agus a shaothar. Mar sin bhí mé san siopa leabhar Déardaoin seo chaite nuair a bhí sé faoi agallamh poiblí ag Cathal Póirtéir.
Tá taithí ag Cathal ag mealladh caint as daoine, agus is furasta caint a mhealladh as Alan! Mar a dúirt Cathal, is iomaí bêtes noires ag Alan: lucht teoirice, lucht amaidí, agus ach go háirithe Jane Austen.
Is féidir libh, seachas a bheith ag brath ar mo thuairisc lag, éisteach leis an fear é fhéin, a bhuí le Raidió na Life a rinne taifead ar an gcaint, anseo.
Beidh físeán de chuid Meon Eile ar fáil amach anseo: bhí siadsan i mbun oibre freisin.

6 comments:

Dubhaltach said...

Táim ar aon intinn leat maidir le Titley.
Is cuimhin liom a bheith ag freastal ar léacht dá chuid faoi ról na nÍosánach i saol na Gaeilge.
Léacht a d'eagraigh lucht an Timire a bhí ann. Anois, ní shílim go mbeadh spéis dá laghad agam i gcúrsaí creidimh An Timire, ach toisc go raibh Titley i mbun cainte bhíos meallta.

Sílim go raibh tú féin ann más buan mo chuimhne

aonghus said...

Bhí. Ar bhuail mé leat ann?

(Ach is dílseoir de chuid an Timire mé freisin! Sílim dála an scéal go mbeadh rudaí ann duit - bhí alt ag Joe Higgins ann ar na mallaibh)

Mise Áine said...

Ní bhíonn aon tuairisc uait 'lag' riamh, feictear dom féin, a chara..:-)

Dennis King said...

GRMA as an nasc!
DAS, ós é an teideal atá ann, b'fhéidir gur mhaith leat é a athrú go Ridire na hAinrialach, le snas ar chur air.

aonghus said...

Áine: grma. Ach is annamh a shásaíonn siad mise! Macalla lag.

@Dennis Déanta.

Dubhaltach said...

"Ar bhuail mé leat ann?"

Níor bhuail. Chonaic mé ann thú, ag teacht isteach go déanach.
Agus ansin d'fhág mé go luath, nuair a chríochaigh Titley.

" bhí alt ag Joe Higgins ann ar na mallaibh"
B'fhéidir go bpiocfaidh mé cóip suas.