Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-11-18

Scagadh an Ghearrscéal Gaelaí ...

Micheál Ó Conghaile, Michael Cronin, Alan Titley, Alex Hijmans
Bhí mé i láthair tráthnóna inné ag ócáid de chuid Féile Leabhair Átha Cliath nuair a bhí triúr máistir ar cheird na Gearrscéalaíochta faoi agallaimh ag Michael Cronin. Luaitear an gearrscéal go minic le hÉireann agus le scríbhneoirí Gaeilge. Níor shíl aoinne de na scríbhneoirí go raibh an nasc diamhair sin ann; cé gur aithin siad go mb'fhéidir go mbeadh cúis pragmatach leis i gcás scríbhneoirí na Gaeilge, sé sin gur fusa do scríbhneoirí pháirtaimseartha a bheith ag plé le gearrscéal le hais úrscéal. Mar sin féin, bhí siad aontaithe freisin gur mó aird a tugtar ar an úrscéal.  Bhí Micheál Ó Conghaile go láidir den tuairim gurbh iad na foilsitheoirí Béarla an chúis leis sin, gur fearr leo plé le húrscéal. Bhí an tuairim ann freisin gur mó saothar atá ann do léitheoir i ngearrscéal; go mbíonn aird iomlán an léitheora de dhíth. (Tharlódh sin a bheith fíor). Bhí a dhearcadh fhéin, bunaithe ar a thaithí féin ag gach duine den triúir maidir le scríobh gearrscéalta; agus a mhodh oibre féin freisin. Bhíodar áfach aontaithe go dtagann an tinfeadh san fhoirm - mar dhráma, gearrscéal nó úrscéal.
Chuaigh sé i bhfeidhm orm go raibh teacht i láthair láidir - ach thar a bheith difriúil - ag gach duine den ceathrar ar stáitse.  Alan Titley, mar is dual dó, spleodrach, rud beag mioscaiseach, ag fiuchadh le smaointe agus beag beann - dímheasúil fiú - ar rialacha, nó Dia idir sin agus an anachain, "teoiricí".  Micheál Ó Conghaile, ciúin, machnamhach, ach diongbháilte. Alex Hijmans, an fánaí ilchultúrtha, smaointeach, cineál cúthail i láthair na seanfhondúirí, ach breá ábalta a léargas sainiúil féin a thabhairt. An Michael Cronin, an cathaoirleach - ag stiúradh ann comhrá go hábalta. 
Samhail an dealbhóra a bhí ag Alex ar obair an ghearrscéalaí: go dtagann an scéal i dtosach i bhfoirm éagruthach garbh: breactar síos an chéad dréacht, fágtar  i leataobh é a feadh seal, agus ansin téitear ag obair air, á mhúnlú agus ag baint an dríodar as. Ainneoin gur thaitin an samhail sin le hAlan, bhí samhail eile aige féin - go dtógtar an gearrscéal ag píosaí beaga - duirling, gloine briste, smuga sróine fiú; agus iad a chuir le chéile chun an cruth a nochtadh. Arís, tharlódh an dá rud a bheith fíor.
Luaigh siad triúr scéalaithe a chuaigh i bhfeidhm orthu - ach bhíodar aontaithe freisin nach aithris an toradh ar an dul i bhfeidhm sin: gur gá do gach scríbhneoir a iomaire fhéin a threabhadh. 
Cuireadh clabhsúr leis an ócáid mar is dual: léigh gach duine acu sliocht as a shaothair féin.
Luaigh Michael Cronin bheith i "lár an aonaigh" agus é ag gabháil buíochais ag deireadh; bhí an ceart aige. Bhí an ócáid ar bun san halla os cionn Amharclann Smock Alley - spás mór oscailte le pasáiste chuig cuid eile den foirgnimh agus daoine ag dul siar ia aniar, doirse á dhúnadh de phlimp, macallaí agus béiceadh leanaí. Dea-theist ar idir cainteoirí agus ábhar nár chuir sin isteach ar chúrsaí mórán!
(Thapaigh mé an deis mó chóip de Favela a fháil sínithe agus gan amhras cóip de Gonta a cheannach agus a fháil sínithe freisin. Watch this space, mar a deir lucht an Bhéarla ...)