Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-12-01

Mo Chroí san Afraic

Fuair mé an aistriúcháin seo le Carl Mac Gabhann agus Tomás Mac Siomóin ón leabharlann le déanaí. Victor Móra a scríobh i Catalóinis faoin dteideal "El meu cor es diu Àfrica".
Úrscéal dírithe ag dhéagóirí óga atá ann, scéal eachtraíochta lonnaithe san Afraic, laoch an scéil mar chuid de fhoireann eitleáin agus iad ag imeacht chun eitleáin eile a tharrtháil. Tá easpa mhór leabhair mar seo sa Ghaeilge, mar sin is fiú an aistriúcháin seo a bheith ann; go háirithe cionn is gurbh as teanga é nach mbeadh go forleathan ag déagóirí le Gaeilge (cé go bhfuil aithne agam ar bheirt acu, ach sin scéal eile!) . Is trua áfach gur shíl an foilsitheoir gurbh gá gluais i mBéarla a chuir leis an leabhar; mar fonótaí ag bun an leathanaigh agus ag cúl an leabhar. Nós a bhfuil an ghráin dearg agam air sin; déanann sé talamh slán de go bhfuil an focal i mBéarla ag an léitheoir agus gur teanga tánaisteacht dá réir an Ghaeilge! 
Tá an scéal go maith; ach measaim nach raibh ról an laoch ná an chailín ar bhuail sé léi agus a thiteann sé i ngrá léi (dar ndóigh!) sách suntasach san scéal. Ní haon Alex Rider, Percy JacksonHarry Potter é; cuireann sé fios ar chabhair dá chompánaigh ach níl ról gníomhach aige ina dhiaidh sin. Is trua sin; is maith le déagóirí feictear dom scóip a thabhairt lena samhlaíocht agus ionannú le laoch ar chomhaois leo. Locht eile a fhaigheann ar an leabhar ná go dtiteann an údar isteach i modh seanmóireachta anois is arís faoi chúrsaí an tsaoil agus lofacht na haoise seo. Níl faic cearr leis an téis; ach b'fhearr go mór é a léiriú seachas é a rá amach go teagascach.  Mar sin féin, thaitin an leabhar liom, bhí an scéal féin go maith agus inchreidte; an suíomh agus na heachtraí spéisiúil.
Agus tá leabhair do dhéagóirí tearc abhus. Is maith ann é mar sin.

Mo Chroí san Afraic
Victor Mora 1996
Foras na Gaeilge
An leagan Gaeilge 2002