Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-02-10

Pointí Breise don nGaeilge san Ardteist

Foilsíodh litir liomsa san Times inniu, ag freagairt ailt ó dé Máirt.

Fágadh dhá abairt - na cinn i gcló trom thíos - ar lár. N'fheadar cén fáth?

Dear Sir,
I agree with your correspondent that there is something bogus about bonus points for those that do Leaving Cert subjects through Irish. (TO BE HONEST 7/2/2012)
However, what is bogus is not that these points are granted. It is why they are granted.
Your correspondent acknowledges that completing an exam such as history in Irish is challenging.
It is. Despite the ongoing, very welcome,  efforts of COGG, my children still have to use textbooks in English for many subjects.
And any auxiliary information - library books, newspaper articles, and so on, are also only available in English.
So that using their home language is a disadvantage to them. Rather than systematically addressing the lack of schoolbooks in Irish, the Department of Education avoids its responsibility towards Irish Language education by offering these bonus points.


Aguisín: Ní bhfuair mé an t-eolas faoin dtaighde seo maidir le tionchar na bpointí go dtí i ndiaidh dom mo litir a sheoladh.

2012-02-09

AthChOMHARú

Mar a thuairiscigh mé anseo cheana, lig mé do mo shíntiúis do Chomhar dul i ndísc. D'fhág an fiasco faoi éirí as Aindrias Ó Cathasaigh drochbhlas, (cur síos cuimsitheach anseo) agus mhothaigh mé go raibh an iris fhéin imithe chun leimhe. Nod uaidh Alex Hijmans go raibh scéal leis le foilsiú ann a mheall mé chun cóip Mí Meán Fhómhair a cheannach san siopa. Thaitin an ábhar eile ann liom; tá foireann nua eagarthóireachta ann. Ó shin i leith bhíos á cheannach. Mar a tharlaíonn sé, eagrán speisialta a bhí ann ó shin; i gcomhar le hImram ag ceiliúradh Brel agus daoine eile i Mí Deireadh Fómhair, Séan Ó Riada in eagrán na Samhna, agus b'éigin dom eagrán na Nollaig faoi Bhrian Ó Nualláin a fháil ón oifig s'acu!
Eagrán ag comóradh seachtó bliain ar an bhfód atá ann faoi láthair, eagrán Eanáir/Feabhra.
Tá téagar agus fiúntas iontu ar fad. Tuairiscítear Aifric Mac Aodha, file, atá anois ina heagarthóir liteartha ar an iris, agus Seán Tadhg Ó Gairbhí a bheith ag teacht i gCOMHARbacht ar Ian Ó Caoimh ó Eagrán Aibreán ar aghaidh.Tá muinín agam astu araon.
Is léir ón eagrán comórtha go raibh níos mó i gceist ag na bunaitheoirí ná iris liteartha. Bhí polaitíocht ag baint le Comhar i gcónaí; ach agus iad ar srathair deontais ag an Foras, bíonn conair cúng cúramach le siúil ag an lucht eagar. Gúim gach rath ar a n-iarrachtaí, agus tá síntiúis  bainte amach agam arís.

2012-02-06

Imbolc chugainn arís!

Faighte ar r-phost:
Tá dáta Imbolc 2011 ag teannadh linn, agus é ar siúl Satharn 18 Feabhra san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhúirne, Co. Chorcaí. Mar thionól a bhfuil sé mar sprioc aige Gaeilgeoirí inspioráideacha a chur os do chomhair, táimid an-sásta go bhfuil daoine chomh suimiúil sin againn arís i mbliana. Ná déan dearmad go bhfuil duine de na cainteoirí, Liam Ó Maonlaí, ag tabhairt ceolchoirme speisialta san Ionad Cultúrtha an oíche roimh ré.

Thíos tá clár an lae, agus tá tuilleadh eolais faoi gach cainteoir agus an ócáid ar fad ar fáil ag www.imbolc.ie.

09:30 - 10:00 CLÁRÚ
10:00 - 10:30 Feargal Ó Móráin, stiúrthóir le Enterprise Ireland
10:30 - 11:00 Úna Ó Boyle, saineolaí Fichille, údar, is ceoltóir
11:00 - 11:30 SOS
11:30 - 12:00 Annraoi de Paor, ollamh emeritus le hinnealtóireacht, UCD
12:00 - 12:30 Eoghan Mac Giolla Bhríde, stiúrthóir scannán is údar
12:30 - 14:00 LÓN
14:00 - 14:30 Darach Ó Murchú, sléibhteoir domhanda is teagascóir
14:30 - 15:00 Diarmaid de Búrca, réalt-fisiceoir le NUIG
15:00 - 15:30 SOS
15:30 - 16:00 Geraldine Kelly, bean chabhrach le Medecins Sans Frontieres
16:00 - 16:30 Liam Ó Maonlaí, ceoltóir den chéad scoth

Tabharfaidh gach cainteoir cur i láthair gairid, fiche nóiméad ar a mhéad, ar an obair a bhfuil ar siúl aige nó aici - tugann sé sin deis don lucht féachana réimse leathan d'ábhair a bhlaiseadh, chomh maith le cuid mhaith díospóireachta tar éis gach cainte. Ba sheans é bualadh le daoine a bhfuil cúrsaí ag éirí go hiontach leo, agus a bhfuil an Ghaeilge mar pháirt lárnach dá saol ag an am céanna.Beidh fáilte agus fiche roimh gach éinne ag Imbolc - ní chosnaíonn gnáth-thicéad ach €25, agus ticéad do mhic léinn, seanóirí, agus daoine atá dífhostaithe €15. Má tá tú ag freastal ar na cainteanna, tá praghas speisialta €15 ar an gceolchoirm chomh maith.

Má tá eolas breise uait is féidir leat glaoch a chur orm ag (086) 0706108, nó r-phost chuig tomas@imbolc.ie. Is féidir a thuilleadh eolais agus clárú a dhéanamh ar www.imbolc.ie chomh maith. Bheimis buíoch díot dá seolfá é seo ar aghaidh chuig éinne a mbeadh suim acu ann!

2012-02-05

Cé leis Raidió na Gaeltachta?

Bhí plé ghairid agam ag tús na seachtaine le Tiarnán de Hál ar twitter maidir le RnaG, an clár Glór Anoir ach go háirithe. Tá Tiarnán den tuairim nach bhfuil Raidió na Gaeltachta ag freastal mar ba cheart ar Ghaeilgeoirí Oirthear na hÉireann. Bhain cuid dá argóint le cúrsaí spóirt; dá laghad mo spéis iontu is lú fós mo scil, mar sin níl faic le rá agam faoin réimse sin. Is le Lyric a éistimse ag an deireadh seachtaine ar mhaithe le cúrsaí spóirt a sheachaint! Ach seachas sin is le RnaG  a éistim, go háirithe agus mé ag taisteal ar an DART idir Cluain Tairbh agus an baile. Ní fear Gaeltachta mise, gan amhras, agus ní dóigh liom gur chaith mé níos mó ná coicís nó b'fhéidir trí seachtain i gceantar ar bith sa Ghaetacht Oifigiúil. Ach de bharr mo shuim sa Ghaeilge tá suim agam sa Ghaeltacht. Táim go láidir den tuairim go mbeidh seala an bháis go críochnúil ar an nGaeilge má theipeann uirthi mar theanga pobail. Dá thábhachtaí pobail na Gaeilge san Iar Ghaeltacht i ndán na teanga,  ní pobal dlúth muid agus beidh bearnaí suntasacha sna réimsí teanga a chlúdaíonn muid. Caithfidh aon straitéis don nGaeilge na difríochtaí seo a chuir san áireamh agus thar rud ar bith eile seachadadh an teanga ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht a neartú.
Sin is dócha, an chomhthéacs do mo chuid tuairimí maidir le RnaG. Ar an gcéad dul síos, cé go bhfuil fáil ar Raidió na Gaeltachta go náisiúnta, ní craoltóir náisiúnta atá ann. Is ar Údarás Craolacháin na hÉireann (Alt 25/2/h) agus RTÉ (Alt 114) a leagann AN tACHT CRAOLACHÁIN 2009 na dualgais a bhaineann leis an nGaeilge a chuir chun cinn mar teanga labhartha. Níl ról RnaG amháin atá ann. Raidió Pobail is ea RnaG, raidió a d'eascair as gluaiseacht Ceárta Sibhialta na Gaeltachta agus Saor Raidió Chonamara. Bhíodh rannóg bisiúil ar RTÉ1 ag plé leis an nGaeilge, ach tá sin á siar imeallú, agus pé imir den nGaeilge atá fágtha a bhrú faoi fhreagracht RnaG, ag am go bhfuiltear ag ciorrú acmhainní orthu sin. Sin rud nach mian liomsa tacú leis a bheag ná a mhór. Ní maith an rud, fágaim, nach bhfuil clár dá gcuid féin le bheith ag Maigh Eo níos mó de bhrí go bhfuil Máirtín Mac Donnchadha ag dul amach ar pinsean. Agus n'fheadar a bhfuair na Déise, Músgraí, Teileann, Uíbh Ráthach agus a leithéidí a gceart riamh.

Maidir leis an Údaras, agus an foras a bhí ann roimhe, bíonn méid áirithe ar bun acu. Maoinítear cláir tríd an scéim Fuaim agus Fís - mar shampla, an dráma iontach úd An Cuimhin leat? Bíonn clár i nGaeilge ar Newstalk - Splanc. Tá clár freisin ar an stáisiúin pobail Near FM - Muin na Muice. Agus, gan amhras, tá stáisiún pobail ag Gaeilgeoirí Átha Cliath - Raidió na Life. Tá comhoibriú idir an Údarás Craolacháin agus an Comhdháil - Cogar.
Tá gníomhaíochtaí eile ann, mar shampla Raidió RíRá.
Is mó i bhfad na deiseanna ag Gaeilgeoirí seilbh a ghlacadh ar na meáin ná mar a bhí sna 1970í a bhuí leis an idirlíon. Rudaí gur féidir a dhéanamh ar bheagán costas, agus neamhspleách, i ngan fhios, agus gan buíochas don bpárlathas! Seachas baint ó luach Raidió na Gaeltachta do phobail na Gaeltachta, is ceart dúinne san Iar Ghaeltacht a bheith ag tacú leo, agus san am céanna ag briseadh fearainn nua don teanga.
Tá lúb ar lár suntasach i gcuir chuige RTÉ mar chraoltóir seirbhís poiblí go ginearálta.  Níl siad iomlán Stát maoinithe. Tá fógraíocht i gceist. Gnó. Agus téann sin chun dochar don ról seirbhís poiblí. Fágann sé freisin gur beag suim atá san ardbhainistíocht i conas atá RnaG ag cruthú, toisc nach gcraoltar fógraí ar an stáisiún. Níl iontu, mar sin, ach costas dar leo. Ní fiú iad a chuir san áireamh in san JNLR, mar nach mbeidh brabach le gnóthú as. Mar sin, níl eolas cruinn ar fáil maidir le héisteoirí RnaG. Níl againn ach suirbhé fánach thall is abhus fearacht an chinn seo. Mar sin, tá sonraí in easnamh chun plé ceart a dhéanamh ar an gceist.
Maidir leis an ceist sonrach, an féidir le  Cormac Ó hEadhra, fear Gaeltachta, a bheith ionadaíoch ar Ghaeil Bhaile Átha Cliath, sílim gur féidir. Ar an gcéad dul síos, ní hé féin amháin a chuireann an clár le chéile ná i láthair, agus is Bleá Cliathaigh ó dhúchas cuid mhaith den foireann.  Ar an dara dul síos, más féidir le - abair - Donncha Ó hÉallaithe nó Pádraig Ó hAoláin labhairt ar cheisteanna mar ionadaí Gaeltachta, tuige nach féidir le fear atá a chaitheann a shaol gairmiúil abhus labhairt ar son Gaeilgeoirí Oirthear na hÉireann? Tar éis an tsaoil, cuid suntasach de phobal na Gaeilge abhus muintir na Gaeltachta ar deoraíocht!

Mar sin: Treise le RnaG ag freastal ar Muintir na Gaeltachta, agus ar aghaidh leis an Ríomhlóid abhus!


2012-02-04

An Turcach, an tSlóvacach agus an Déiseach

Turcach von Kempelen, léaráid comhaimseartha. Ón ghnáthfhoinse.
D'fhreastail mé ar léacht Annraoi de Paor ag an Roth Déardaoin: "Wolfgang von Kempelen (1734 – 1804): Gaeilgeoir ? Ildánach Slóvaiceach". Léachtóir den scoth is ea Annraoi, a raibh sé de phribhléid agam a bheith mar mhac léinn aige scór bliain ó shin. Agus tháinig mórán nithe a bhfuil sé ceanúil orthu le chéile san léacht seo; an tSlóvác, a bhfuil nasc agus grá aige léi le tríocha cúig bliain, an innealtóireacht chun tairbhe an duine, an stair, agus an Ghaeilge.
Tá cáil ar Kempelen de bharr an  Turcach Meicniúil, inneall más fíor a bhí in inmhe ficheall a imirt agus imreoirí mór le rá a bhualadh - agus sin san 17ú aois. Mar a tharlaíonn sé, cleas ab ea é, cófra deartha sa chaoi agus go raibh an cuma air nach raibh ach inneall ann. Ach i bhfírinne bhí duine istigh, ag imirt an fhicheall. Mar sin féin bhí gnéithe suntasacha  innealtóireachta i gceist - ina measc an sciathán agus lámh. Bunaíodh géaga agus lámha bréige ar an dearadh sin.
Bhí inneall eile aige a bhí in ann aithris a dhéanamh ar an nguth daonna go meicniúil. Inneall a chabhraigh go mór leis mar teiripeoir urlabhra, craobh den eolaíocht a chuidigh sé go mór leis. Spreagadh suim Annraoi sa bhfear seo freisin de bhrí go raibh a chairde sa tSlóvaic cinnte gurbh sloinne Éireannach a bhí i gceist le Kempelen. Dar ndóigh, ainneoin go bhfuil sé dearmadta againn anois bhíodh Gaeil bainteach le lár na hEorpa. Luaigh sé roinnt samplaí - Art Ó Laoghaire, ar cumadh an caoineadh cháiliúil ar a bhás, mar shampla, arbh Captaen i Reisimint Ungárach é. Rinne Annraoi, mar is dual do scoláire, an scéal a fhiosrú - ar an idirlíon, agus sa mhodh traidisiúnta tré comhfhreagas le aos léinn ar fud na hEorpa, beathaisnéisí von Kempelen, an Dochtúir Alice Reiniger as Vín na hOstaire ina measc. Roinn sé na torthaí atá bainte amach go dtí seo aige linn; tagairt i bhfeartlaoi do Kempelen ag cara leis do ocht teanga a bheith ar a thoil aige sa bhreis ar an nGaeilge. A nasc le Györ san Ungáir, áit ar theith Easpag Éireannach ó Chromail.Tá Íomhá den Mhaighdean a thug sé leis fós ann. Tá teoiric ag Annraoi, agus é a leanacht dá thaighde gurbh féidir gurbh as an sloinne Campion a d'eascair Kempelen, agus go raibh sinsir von Kempelen i measc an dreama a theith leis an Easpag. 
Ba léacht fíor mhaith a bhí ann, scoláireacht agus taithí saoil agus taistil fite fuaite ann. Níl  ansoe ach scáth thanaí de thuairisc.
Dála an scéal, beidh Annraoi i measc lucht inspioráide atá le clos ag Imbolc i mbliana.