Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-12-28

Cleiteacháin agus Ainmneacha Cleite, athuair.

Chuir Aire Stáit Éireannach Seán McEntee lámh ina bhás fhéin le déanaí. Mar is iondúil i gcás mar é, bíonn daoine ag lorg freagraí. Is cosúil gur ghoill an cáineadh, cuid de maslach agus pearsanta, i ndiaidh an buiséid air. Bhí cuid den trácht seo ar líne, ar leithéidí Facebook agus Twitter.
Ní bhíonn cúis simplí amháin ar bith i mbás dá leithéid.
Dar liomsa, tá ceisteanna tromchúiseacha le freagairt ag an Rialtas: de bharr córas na fuipeanna abhus, tá  an reachtas lagaithe go mór. Déantar na cinntí ag bord an Rialtas. (Ní bhíonn Áirí Stáit páirteach ansin, is mionoifig atá i gceist le hAire Stáit, cúntóir d'Aire.) De bharr móramh mhór páirtithe an Comhrialtais agus an ceangal atá ar baill na bpáirtithe sin vóta a chaitheamh ar son pé cinneadh a tógadh, ní chíortar na ceisteanna i gceart san Oireachtas.  Níos measa fós, is cosúil i mbliana nach raibh ach dream beag Airí Rialtas ag socrú na ciorraithe sa bhuiséid.
Is léir gur bhraith an Teachta McEntee faoi bhrú uafásach - caithfidh sé go raibh baint éigin ag an gcur chuige mí-dhaonlathach lochtach seo leis an mbrú sin. Tá an cur chuige lochtach toisc gur fearr i bhfad an cinneadh a ghlactar má chíortar go leathan na cinntí. Bhí baill an Rialtais seo glórach faoi tré-dhearcacht, plé agus oscailteacht nuair a bhí siad sa Rialtas. M'anam ach ní rófhada a ghlac sé orthu sotal, rúndacht agus bundún a ghlacadh chucu féin mar mhodh oibre!
Anois áfach, tá siad ag gleo faoi "smacht" a chuir ar an Idirlíon, d'fhonn "maslaí" ar líne a chosc. Faraor, agus mar a phlé mé cheana, is féidir leis an dioscúrsa ar líne a bheith sách garbh, maslach gránna. Go háirithe nuair a shíleann daoine go bhfuil siad anaithnid. Ach níl. Má tá rud á rá ar líne atá in aghaidh an dlí, aimseofar an té atá ciontach. Fágtar lorg. Tá an t-eolas ann.
Ach is ar bhonn díláraithe atá an Idirlíon eagraithe, san Iarthar ach go háirithe. Tá streachailt síoraí ann idir lucht gnó, ar mian leo an t-eolas a bhailiú ar mhaithe le brabach, lucht dlí ar mian leo súil a bheith acu ar chách, agus daoine aonair ar mian leo suaimhneas a bheith acu.
Tá amhras orm go mbeidh toradh ar bith ar an ngleo ar fad faoi "smacht" a chuir ar na meáin sóisialta; b'fhearr go mór díriú ar straitéis chun cabhrú le daoine íogair - pé acu polaiteoirí nó daltaí scoile iad, plé go stuama leis an mbrú. Agus oideachas a chuir ar an bpobal i gcoitinne faoi cé chomh soiléir is atá a lorg ar líne! Seans go mbeadh siad níos cúraimí dá bharr!
Agus, gan amhras, bunoideachas ar an idirlíon a chuir ar fáil do lucht polaitíochta. Ba bhreá leis an drong sna meáin traidisiúnta smacht a bheith curtha ar na meáin sóisialta - braitheann siad uatha a gcumhacht mar dhoirseoirí na fírinne, agus an bachall agus cathaoir a bhronn sin orthu.
Ní féidir bosca Phandóra a dhúnadh; agus beidh an maitheas agus an oilc ina orlaí tríd cumarsáid daonna, beag beann ar mheán ná modh.

Eierlegende Wollmilchsau

Íomhá le Heinrich Harder, via Wikimedia.
Bhí The Chairman ag scaoileadh a racht ar Twitter faoi obair coistí agus an chaoi ina bhfuil a leithéidí ina bhac iomlán ar chruthaitheacht. (Nach ionann agus cruthaíochtachas - cé go mbíonn an dealramh ar an scéal uaireanta go raibh Coiste i gceist ansin!)
Mheabhraigh sin an nath dom faoi Camall - gur capall deartha ag Coiste atá ann! Ach bhí leagan níos fearr ag Dennis - an platapas lacha-ghobach. 
Tráthúil go leor agus an Chruthaitheoir luaite agam, san úrscéal The Last Continent, míníonn Terry Pratchett conas a fuair an Platapas bhocht a chruth.  Chuir Dámh na hOllscoile Dofheicthe isteach ar an gCruthaitheoir Astrálach a bhí ag tarraingt lacha. Coiste par-excellence an drong úd draoithe, iad ar fad ag caint trasna ar a chéile agus deis ag rúnaí glic cúrsaí a stiúradh mar ba mhian leis!
Is minic áfach, agus tagaim leis an Chairman faoi seo, nach mbíonn toradh fónta ar obair choiste mar go mbíonn ar an dtoradh gach duine a shásamh. Rud atá ina bhac ar dearadh agus cruthaitheacht - mar a dúirt St. Euxpery, tá dearadh foirfe, ní nuair nach bhfuil aon rud fágtha le cur leis, ach nuair nach bhfuil aon rud fágtha le baint.
Faraor i mo réimse fhéin, bogearraí, is minice an rud ar a dtugann na Gearmánaigh "Eierlegende Wollmilchsau" ar ann, seachas dearadh cuanna slachtmhara bunaithe ar thinfeadh láidir Cruthaitheora amháin. 
Smaoineamh fánach amháin eile -  san scéal An Séú Lá, samhlaíonn Primo Levi coiste neamhaí ag plé dearadh an Duine. Murach go ndeachaigh an Coimhde ar aghaidh ar neamhchead don gCoiste, seans gur mó dealramh le ciaróga a bheadh againn ...

2012-12-25

Puer natus est!


Oíche Nollag
    Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú. B’é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír. Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin. Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin, chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hionú, agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta. Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireacháin oíche i mbun a dtréada. Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu. Agus dúirt an t-aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile: rugadh Slánaitheoir daoibh inniu – is é Críost an Tiarna é – i gcathair Dháiví. Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.”Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá: “Glóir do Dhia in uachtar neimhe,  agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”Agus nuair a d’imigh na haingil uathu sna flaithis, dúirt na haoirí le chéile: “Téimis anonn go Beithil, agus feicimis an ní seo a tharla a d’inis an Tiarna dúinn.”Agus d’imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar. Agus ar a fheiceáil dóibh, d’inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo. Agus cách a chuala, b’ionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí. Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo.
(Lúc 2:1-20)

2012-12-22

Siopa Déanaimh

Mar atá scríofa agam cheana anseo, is breá liom an Dánlann Eolaíochta i gColáiste na Tríonóide. Bhí spéis agam san togra nua acu, an Makeshop ach shíl mé m'iníon a bheith ró-óg chun tairbhe a bhaint as. Ach agus mé ag plé imeacht do sheachtain na nInnealtóirí leo ghríosaigh siad mé le tabhairt faoi léi. Agus nuair a chuala mé go raibh baol ann go mbeadh deireadh leis an togra um Nollaig shocraigh mé gurbh gá an deis a thapú! (Chuala mé áfach inniu go bhfuil an baol sin curtha ó dhoras ar feadh roinnt míosa eile ar a laghad).
An rud atá i gceist leis an Makeshop na ionad buail isteach inar féidir le daoine - óga agus níos deis - ceardlann a dhéanamh agus rud éigin a chruthú dóibh féin. Tá rogha de turgnaimh socraithe ann agus an t-ábhar ar fáil dóibh; bíonn táille i gceist chun costas na n-ábhar a ghlanadh, 5 nó 10€.
Nuair a tháinig muid isteach bhí orainn fanacht tamaillín mar bhí triúir leaid óga ag obair go crua ar róbó simplí a dhéanamh. An rud a bhí ann ná inneall beag leictreach agus meáchan ar an acastóir. Ní raibh an meáchan láraithe, mar sin bheadh an inneall ag preabadh agus é ag casadh. Bhí an inneall greamaithe de bharr stáin. Bhí trí rogha acu - chuir duine acu spúinse faoin stáin, duine eile manglam de liathróidí polaistiréin, agus an tríú duine trí pheann feiltbhíorach (mar sin bhí ar chumas an tríú ceann seo pictiúr a tharraingt).
Thaitin go mór liom an chaoi gur spreag an teagascóir iad chun smaoineamh ar céard a bhí ar bun acu tríd ceisteanna a chuir orthu seachas an t-eolas a chuir ós a gcomhair. Bá léir gur bhain siad an sult as.
Ár deis a bhí ann ansin. Bhí cloiste ag an teagascóir gur Gaeilge a bhí á labahirt agam le'm iníon, agus d'iompaigh sé féin ar an nGaeilge linn.
Roghnaigh m'iníon bréagán beag le LED agus adhmaint a dhéanamh. Leathsheoltóir atá i gceist le LED; mar sin ag brath ar cén dóigh a nasctar leis an cadhnra é, lasfaidh sé nó ní lasfaidh. Bhí dathanna éagsúla LED ann - dearg, buí, gorm agus glas, agus spreag sé í le triail a bhaint as na cinn éagsúla, agus tabhairt faoi deara cad a tharla m.sh. nuair a nasc sí ceann dearg & buí leis an cadhnra ag am am céanna (bhí an ceann buí níos laige).
Bhí cinn gealánach aige freisin (focal nár rithe liom, spréacharnaí a rith liom ansiúd) agus thaispeáin sé an toilleoir di (focal eile nár tháinig chugam!) agus mhínigh sé dúinn conas a oibríonn sé, ag úsáid buicéid uisce mar mheafar. (Bhí ormsa smaoineamh sular thuig mé cad a bhí i gceist - sílim go dtuigim anois!)
Nasc muid LED le cadhnra agus ansin le adhmaint láidir -  rud a thug bréagáin bheaga di ar féidir iad a chaitheamh le nithe miotail agus a ghreamaíonn daoibh. Cúig cinn ar fad a rinne muid.
Bhain sí sult thar na beart as, agus nuair a chuaigh muid ar aghaidh chuig an Dánlann Eolaíochta bhí sí ag míniú do dhaoine eile cad a bhí déanta aici.
Mar sin, go raibh maith agat John as an nGaeilge agus an Eolaíocht! Beimid ar ais!

2012-12-20

Scéalta Sí

Tráthúil go leor is dócha agus Google agus Duden araon ag ceiliúradh 200 Bliain ó céad fhoilsigh Jacob agus Wilhlem Grimm a gcuid Kinder- und Hausmärchen, tá leaganacha de cuid de na scéalta sin á léamh agam do'm iníon roimh dul a luí di. Leagan le Criostóir Ó Floinn atá i gceist: i 1975 a foilsíodh an chóip atá agam, agus tá an cuma air go bhfuil an leabhar as cló.
Is mór an trua sin, mar tá na leaganacha soiléir saibhir deas. Ná scéalta is cáiliúla atá i gceist, athinsint bhlasta orthu. Ainneoin gur léitheoir chraosach mé féin, caithfidh mé admháil go raibh leagan anseo nó ansiúd de nath nach bhfuil agam.
Tá scéal amháin san cnuasach nár aithin mé: Taidhgín agus na Fathaigh - sílim gur athinsint ar Das Tapfere Schneiderlein atá i gceist ach athraithe móra ar an scéal.
Gan amhras, tá leaganacha eile de na scéalta seo cloiste nó feicthe aici cheana; ach táimid araon ag baint taitneamh as na leaganacha san leabhar, tá siad thar a bheith feiliúnach le léamh ós ard. Agus, mar a dúirt mé, táimse ag foghlaim nathanna agus leaganacha nua as.
Is mór an trua go bhfuil an leabhar as cló; ní heol dom aon cnuasach eile de na scéalta seo i nGaeilge.

2012-12-16

Gaudete!

Bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh. Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna.
(Fil 4:4-5)
Inniu Domhnach na Lúcháire; an tríú Domhnach san Aidbhint nuair a thógann dath rósach na lúcháire áit corcra an aithrí.
Ní fada uainn anois an Tiarna.

2012-12-15

Scéal trí chrann

Thaitin an scéal seo liom ó Ghearmánaigh Mheiriceá;

Crannscéal do Lá Nollaig

Tráth dá raibh, bhí trí chrann sa choill. Bhí siad síoraí ag plé a gcuid dóchais agus aislingí. 
Labhair crann acu: "Tá súil agam, lá breá éigin, go mbeidh mé i mo chófra taisce. Beidh mé, b'fhéidir,  lán de sheodra iontacha, ór agus airgead. B'fhéidir go mbeidh mé maisithe le obair iontach snoite, le go bhfeicfidh cách an áilleacht atá ionam."
Labhair an dara crann: "Beidh mise lá amháin i mo long mór láidir. Tabharfaidh mé Rí agus Banríon thart mhuir, timpeall na cruinne. Beidh cách sásta go bhfuilid sábháilte ionam mart beidh mo chabhail mór, láidir."
Ar deireadh, labhair an tríú crann: "is mian liomsa fás chun go mbeidh mé ar an gcrann is airde agus is dírí sa choill. Ba cheart go bhfeicfeadh na daoine mé ar bharr an chnoic, agus machnamh ar Dhia agus ar a shaothar. Is mian liom bheith ar an gcrann is suntasaí riamh, chun go mbeidh cuimhne i gcónaí ag daoine orm".
Lean an scéal mar sin ar feadh roinnt blianta, agus iad ag urnaí as son a mianta. Ansin tháinig meitheal lománaithe sa choill ar thóir adhmaid. Chonaic duine acu an chéad crann agus dúirt: "Tá cuma breá láidir ar an gcrann seo. Táim cinnte go ndíolfaidh mé ar airgead mhaith le siúinéir é". Agus chrom sé ar an gcrann a leagadh.
Bhí an crann sásta mar bhí dóchas aige go ndéanfadh an siúinéir cófra taisce as.  
D'fhéach duine de na fir ar an dara chrann agus dúirt: tá cuma breá díreach ar an gcrann sin. Díolfaidh mé le saor báid é. Bhí an crann sásta, agus é dóchasach go bhfíorófaí a aisling agus go ndéanfaí bád mór as. 
Bhí an treas crann ar bís an bhfíorófaí a aisling siúd. Ach 'sé a dúirt an tríú lománaí "Níl aon rud ar leith de dhíth ormsa" agus leag sé an crann.
Bhuel, nuair a fuair an siúinéir an chéad crann rinne sé trach bídh do na beithígh as. Cuireadh san scioból é agus líonadh le tuí é.  Níorbh é sin comhlíonadh a ghuí!
Gearradh suas an dara crann agus rinneadh bád iascaigh de. B'shin deireadh borb lena aisling bheith ina long láidir agus Rí agus Banríon a iompar.
Gearradh na tríú crann ina ghiotaí agus fágadh bliain i ndiaidh bliana i stóras dorcha iad. 
Chuaigh bliain i ndiaidh bliana thart, agus dhearmad na crainn a n-aislingí.
Ansin, lá amháin tháinig fear agus a bhean go dtí an scioból. Rugadh leanbh don mbean, agus leag sí é san trach a rinneadh as an gcéad crann. Ba mhian leis an fear go mbeadh cliabhán aige don leanbh; ach bhí an trach maith go leor. Mhothaigh an crann anois rud; go raibh an trach lán den seod is fearr agus is mó riamh.
Blianta fada ina dhiaidh sin chuaigh buíon fear ar bhord an bád iascaigh a bhí déanta as an dara crann. Bhí duine de na fir traochta, agus chuaigh sé a chodladh. Agus iad amuigh ar an domhain, tháinig anfa láidir; agus bhí imní ar an gcrann nach mbeadh sé láidir go leor chun na fir a choinneáil slán. 
Dhúisigh na fir an fear a bhí ina choladh. Mhúscail sé, dúirt "Síocháin" agus go tobann, stop an Stoirm. Agus san bómaite sin thuig an dara crann go raibh sé tar éis Rí na Ríthe a iompar. 
Faoi dheireadh seal an tríú chrainn a bhí ann.
Cuireadh ar droim fir é; agus bhí pobal fán slí ag maslaí agus ag magadh go géar faoin bhfear. Bhain siad barr chnoic amach; agus cheangail siad le tairní den chrann é, agus d'ardaigh ar bharr an chnoic é.
Nuair a tháinig an Domhnach, thuig an crann go raibh sé láidir go leor le seasamh ar bharr an chnoic, agus ghlac buíochas le Dia; mar is air a céasadh Íosa.

Mar sin, comhlíonadh guí gach crainn; ach ní mar a mheas siad é.  Níl fhios againn cad é plean Dé dúinn; níl fhios againn ach nárbh é a bhealaí Siúd ár mbealaí. Ach is fearr i dtólamh a bhealaí siúd.

Tá siad ar an mbóthar!


    Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú. B’é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír. Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin. Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin, chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne.
(Lúc 2:1-5)
Tá an beithilín curtha in airde agam; Muire, Iósaef & a n-asal ar an slí; an bó ag fanacht orthu. Ní fada uainn anois cothrom lae A bhreithe.

2012-12-14

Gaolta

Tharraing Maitiú Ó Coimín an cairt seo mar thoradh ar mhír Coc & plé le Dennis ar Twitter:


Tá roinnt nathanna deas breise in An Béal Beo maidir le gaolta:
  • Is í a bhean an duine is gaire i ngaol d'fhear, agus a fear an duine is gaire i ngaol do bhean.
  • Amnair a bhí sa tSean-Ghaeilge ar dheartháir athair, nó máthar, i.e. uncail.
Luaitear nia, neacht, (ban)cliamhain agus araile ann freisin. 

Mangónna ó Mhali

Fearacht Michal bhí mé féin i láthair aréir ag léacht Frank Allen do Roth.
Léacht chuimsitheach a bhí ann; ag tarraingt as a thaithí leis an Banc Domhanda agus an Gníomhaireacht um Fháil Iarnróid chun ról an iompar poiblí i sábháil na cruinne a leagan amach!
Léirigh sé an comhthéacs i dtosach; an deighilt a d'oscail idir tíortha na cruinne le teacht an réabhlóid tionsclaíoch i roinnt tíortha; clais a d'fhán oscailte agus domhain le linn an fichiú aois ainneoin dícheall leithéidí an bhainc domhanda agus gníomhaireachtaí forbartha eile.
Tá an chlais sin ag dúnadh anois go gasta - do thíortha áirithe - na "BRIC" (Brasaíl, an Rúis, an India, an tSín). Cé gur deá scéala é seo, ciallaíonn sé go bhfuil borradh thar na bearta ar meánaicme sna tíortha sin; agus tarraingt acu ar stíl beatha Iartharach. Níos measa fós, tarraingt ar an samhail atá acu den stíl beatha Iartharach.
Bhí scéal ag Frank faoi bheith i Shanghai agus an rothar bheith geal le bheith imithe as radharc ar fad - agus an díchreideamh a léiríodh nuair a dúirt sé gur ar an rothar a thaistealaíonn sé féin. Bhí staireog eile aige faoi boic mhóra ón Áis  ag teacht go dtí ceannáras an Bhainc Domhanda agus an stangadh a baineadh astu nuair a thuig siad go raibh ceannairí an bhainc ag taisteal ar an mbus - agus go rabhthas go súil go ndéanfaidh siad amhlaidh agus iad ag tabhairt cuairt orthu!
Mar tá, ar ndóigh, míbhuntáiste ag baint le fairsingiú seo an mheánaicme domhanda  - go gcuireann sé le hastúcháin agus le borradh an CO2 san aer.
Tá cúrsaí iompar lárnach anseo; mar tá leibhéil astúcháin an ard ag baint le hiompar i gcarr príobháideach nó i feithicil ar bith a dhónn breosla iontaise. Is fíor go bhfuil feabhas ag teacht ra charranna agus na hinnill ag éirí níos éifeachtaí. Fós féin, tá an traein leictreach níos fearr fós; iompraíonn sé níos mó daoine, agus más ó foinsí in-athnuaite a ghintear an aibhléis beidh na hastúcháin níos ísle. Ach, dar ndóigh tá gá le infheistíocht. (Seans go mbeadh breis tábhacht le busanna leictreacha ach níor pléadh sin)
Tá léaró dóchais le feiceáil, dar le Frank, i measc an aos óg san Iarthar; an aois ag a bhfaigheann aosánaigh Mheiriceá ceadúnas tiomána ag ardú - agus laghdú ar líon na dturas mar thoradh ar na meáin sóisialta  a  ligeann do dhaoine bheith i dteagmháil le chéile gan bheith i láthair a chéile. (Tráthúil go leor, agus mé ar an mbus abhaile bhí an comhrá seo agam faoin ábhair ar Twitter le hAlex Hijmans - atá sa Bhrasaíl)
Creideann Frank go láidir gurbh iad comhlachtaí príobháideach is fearr a mheallfaidh an athrú iompar atá de dhíth; gur féidir leis na Rialtais na coinníollacha a chruthú dom margadh, ach gurbh fearr atá margaí ag athrú iompar ná stáit.
Ach is iompar féitheog na forbartha - uaidh sin a thóg mé teideal an mhír seo, staireog ag Frank faoi chomhghleacaí leis a bhí ag iarraidh Mangónna ó Mhali a sheoladh chun na hEorpa.
Mar sin, ba mhaith an rud é  fáil forleathan a bheith ar iompar éifeachtach poiblí.
Mar a deir Michal, is fiú tacú le misean Frank!

2012-12-12

Giolcdhráma de #CrénaCille ar Twitter

Faighte ar r-phost:

Beidh scéal Chré na Cille ag dul amach beo ar Twitter ón gCéadaoin 12 Nollag ar aghaidh. Bunaithe ar script an leagan scannáin a léirigh an comhlacht léiriúcháin, ROSG, beidh 23 carachtar san iomlán ‘beo’ ar Twitter agus é ag dul amach go laethiúil thar cúpla seachtaine. 

Craolfar an scannán aitheanta Cré na Cille mar chuid de sceideal na Nollag TG4 Dé Sathairn 15 Nollag. Dá dhroim, agus den chéad uair do dhráma Gaelach a bheith ar Twitter, tá na carachtair anois cláraithe air agus réidh chun scéal an leabhar iomráiteach a chur faoi bhráid lucht Twitter.

Cé gur foilsíodh an leabhar den chéad uair i 1949, am nach raibh ríomhairí gan trácht ar na meáin shóisialta,
tá comhchosúlacht idir caint Chré na Cille agus stíl chumarsáide Twitter - idir shúgradh agus dáiríre, naimhdeas agus ghagus iad fite fuaite lena chéile. Giolcaireacht Twitter gan stad gan staonadh agus gan suaimhneas ar bith ón gcabaireacht chainte ó lucht Chré na Cille. 

Ní gá a bheith cláraithe ar Twitter chun an dráma a leanúint. Níl le déanamh ach an 'liosta' Cré na Cille a leanúint: https://twitter.com/CrenaCille/cr%C3%A9-na-cille
do dhaoine atá cláraithe ar Twitter, is féidir an scéal ar fad a leanúint ar an haischlib #CrénaCille

Bígí linn a chairde!

Ag tosú: Dé Céadaoin 12 Nollag ag 14:00

Is comhoibriú é seo idir FÁILTE @jnichonchobhair, Kevin Scannell @Kscanne, ROSG @ROSGtv agus Cló Iar-Chonnacht @CloIarChonnacht

Teagmhálaí don togra: Julianne Ní Chonchobhair

2012-12-08

Déantóirí: Aiséirí na Ceardaíochta?

Do léigh mé leabhar Cory Doctorow Makers le déanaí. (Ar fáil le léamh ar líne anseo). Úrscéal atá ann faoi seiftáilíthe a aimsíonn bealaí nua chun feidhm a bhaint as sean-rudaí. Bheadh an feachtasóir seo sa Ghearmáin sásta leo. Tá sé  ag streachailt in aghaidh an nós atá ann, dar leis, earraí leictreacha a dhéanamh sa chaoi agus go mbriseann siad go gairid i ndiaidh don barántas dul as feidhm. Dífheidhmeacht phleanáilte d'fhonn breis brabaigh a ghnóthú atá ansin, dar leis. Níl mé cinnte an bhfuil an cheart aige, ach is cinnte go bhfuil barraíocht earraí leictreacha caite amach agam thar na blianta. Meabhraíonn an cheist seo "Teoiric Bhuataisí ar Éagothrom Shocheacnamaíoch" de chuid Vimes dom; cosnaíonn earraí saoire níos mó sa bhfad théarma! Gan trácht ar an dramhaíl a seoltar, ró mhinic, thar farraige go tíortha i mbéal forbartha, agus an cur amú bunábhar dá bharr.

Téann an fear úd, agus daoine nach é, i ngleic leis seo tríd athraithe a dhéanamh ar na fearais iad féin. (Ní bheadh na scileanna sin agam).
Tá leithéidí na tóglainní ag éirí níos coitianta: áiteanna gur féidir le daoine teacht le chéile chun lámh-cheardaíocht a chleachtadh le chéile, ag foghlaim óna chéile agus ag tacú. Spreag an ghluaiseacht seo an aireagán Sugru, mar shampla.  Is mór an ghar a dhéanann an idirlíon don ngluaiseacht seo; ag scaipeadh eolais agus oiliúint. (Ról lárnach aige sin san úrscéal freisin).
Rud eile ar féidir a dhéanamh de bharr an idirlíon ná na hearraí a dhíol; agus tá an margadh ar líne Etsy ann go sonrach chun é sin a dhéanamh.

Mar, ar ndóigh, níl san déanamh ach cuid den cheist; agus dáiríre is éard atá á chíoradh san scéal ná an idirghabháil idir fórsaí éagsúla; na déantóirí iad féin, ach lucht airgead, lucht dlí, lucht na meáin, na mórchomhlachtaí,  agus an daonra i gcoitinne freisin. Eascraíonn an iliomad fáinne fí as na caidreamh chasta sin ar fad. (Léamh maith atá ann, mar a deir an ceann eile).

Tá clódóirí 3D lárnach i gcuid den scéal; tá siad sin ag éirí fairsing faoi láthair, agus ag tabhairt cumhacht áirithe ar ais do dhearthóirí, de bhrí go bhfuil an costas chun fréamhshamhail a chruthú á ísliú go mór acu. Nó fiú mion-shraith de tháirge a dhéanamh. Nó an táirge céanna a chruthú in iliomad áiteanna - sin rud a d'fheadfadh dul i ngleic seans leis an olltáirgeadh saor i dtíortha i mbéal forbartha nó i leithéidí na Síne.

Seo togra nach bhfuilim ró dhearfach faoi, a bhaineann feidhm as na modhanna seo: an Vicí-Ghunna.
Eascróidh ceisteanna eitice as a leithéidí seo de tháirgiúlacht gan amhras; chíor Primo Levi roinnte den na ceisteanna úd i bhfad siar i sraith gearrscéalta maidir  "cóipire 3D" an Mimer. Is éard a shamhlaigh sé ná gléas a bhfeadfadh cóip a dhéanamh de rud ar bith; neacha beo san áireamh, ach an comhdhéanamh ceart de dhúil a bheith san "dúch" ann. D'eascair fadhbanna as sin, ar ndóigh!

N'fheadar dála an scéal an leis an Iarthar is mó a bhaineann na ceisteanna seo - seachas gurbh san domhan i mbéal forbartha a chaitear an dramhaíl - agus minic go leor is as dúshaothrú ansin a thagann na hearraí idir amh agus táirgthe.

Is mó chasadh fós atá sa scéal, sílim!

 

2012-12-04

Imbolc 2013 - Féile na hInspioráide, Mí Feabhra i mBaile Bhuirne

Faighte ar rphost inniu:

Tá Imbolc 2013 (www.imbolc.ie), an chomhdháil Ghaeilge inspioráideach sin, ag dul ar aghaidh ar an Satharn 16 Feabhra 2013, san Ionad Cultúrtha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí. Is tionól aon lá amháin é, a thosnaíonn ag 10:00 r.n., agus beidh Gaeilgeoirí iontacha ag caint ann, daoine a bhfuil obair agus taighde ceannródaíoch ar bun acu ó gach aon earnáil den saol - gnó, na healaíona, na heolaíochtaí agus eile. Tá ríméad orainn go bhfuil cainteoirí den chéad scoth againn arís i mbliana, le saothar agus scéalta fíor-spéisiúla ag gach duine acu, ina measc:

Colm Mac Con Iomaire - Ceoltóir cumasach cáiliúil a sheinneann an veidhlín, an méarchlár agus a chanann leis an mbanna ceoil The Frames. In 2008 do sheol Colm a dhlúthdhiosca Cúinne an Ghiorria/ The Hares Corner- a bhí ainmnithe le haghaidh duais Meteor.

Bernard Dunne - Is iar-dornálaí proifisiúnta é Bernard a bhfuil Craobhtheideal For-choileachmheáchain an IBU, EBU agus WBA buaite aige. Ó d’éirigh sé as an dornálaíocht i 2010, bhí Bernard ag obair mar anailísí ar RTÉ agus bhí sé i mbun an clár teilifíse Bernard Dunne’s Bród Club a bhfuil sé mar aidhm aige 100,000 daoine a chur ag úsáid a gcuid Gaeilge.

Kevin Scannell - Is ollamh le matamaitic agus ríomheolaíocht in Ollscoil San Louis, Missouri é Kevin. Tá cuid mhór taighde déanta aige ar mhionteangacha éagsúla agus ar an nGaeilge go háirithe; tá litreoir, gramadóir, agus teasáras leictreonach forbartha aige, agus is é atá i gceannas ar an bhfoireann a chuir Gaeilge ar roinnt bogearraí mór-le-rá, mar shampla Firefox. Oiriúnach go leor, beidh sé linn beo ar an idirlíon!

Trevor Sargent - Bhí Trevor Sargent mar Cheannaire ar an gComhaontas Glas agus T.D. d’Áth Cliath Thuaidh ó 1992 go 2011. Anois is scríbhneoir garraíodóireachta é. Chuir sé tús le blog www.trevorskitchengarden.ie a dhéanann sur síos ar a chuid oibre ina ghairdín orgánach féin i mBaile Brigín, an gairdín orgánach is lú in Éirinn. D’fhoilsigh sé leabhar ar an dteideal céanna. Creideann sé gur gá a lán daoine a thraenáil mar gharraíodóirí cistine chun gorta ollmhór a sheachaint amach anseo, nuair nach féidir ola a úsáid a thuilleadh i gcúrsaí feirmeoireachta.

Audrey Lynch - Mac léinn dlí in UCC a bhuaigh an gradam mór le rá Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2012 sna Ceithre Chúirt. Comórtas é seo do mhic léinn tríú leibhéal ina ndéanann achomharc in aghaidh bhreith cúirte.

Annraoi de Paor - Ollamh Emeritus le UCD agus ball é d'Acadamh Ríoga Éireann é Annraoi, agus tá moll mór de pháipéir léannta agus leabhar amháin foilsithe ar a thaighde innealtóireachta, agus trí leabhair leis i nGaeilge go nuige seo.

Agus cúpla duine eile le fógairt fós!

Ar an lá tabharfaidh gach cainteoir cur i láthair gairid, fiche nóiméad ar a mhéad, ar an obair atá ar siúl aige - tugann sé sin deis don lucht féachana réimse leathan d'ábhair a bhlaiseadh, chomh maith le cuid mhaith díospóireachta ina ndiaidh! Ba sheans iontach é bualadh le daoine a bhfuil cúrsaí ag éirí go hiontach leo, agus a bhfuil an Ghaeilge mar pháirt lárnach dá saol ag an am céanna. Tá cainteanna na mblianta seo thart ar fail saor in aisce ar an suíomh www.imbolc.ie

Beidh Colm Mac Con Iomaire i mbun ceoil an oíche roimh ré chomh maith (Aoine 15 Feabhra), agus ceolchoirm speisialta ar siúl san Ionad Cultúrtha aige i gcomhpháirtíocht le hImbolc.
Beidh fáilte agus fiche roimh gach éinne ag Imbolc - ní chosnaíonn gnáth-thicéad ach €25, agus ticéad do mhic léinn, seanóirí, agus daoine atá dífhostaithe €15. Má tá eolas breise uait is féidir féachaint ar www.imbolc.ie nó dul i dteagmháil liomsa féin.
Is féidir clárú a dhéanamh ar http://www.imbolc.ie - agus bheimis buíoch díot dá seolfá é seo ar aghaidh chuig éinne a mbeadh suim acu ann.

2012-12-02

Fógraím daoibh an Aidbhint Chaoin!




Inniu céad Domhnach na hAidbhinte. Tá Sé ag teacht! Cúis Áthais do Chríostaithe!

Teacht an Rí Chóir
(1) 
    Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise,
    agus gas ag teacht óna fhréamh;
(2)  tá spiorad an Tiarna ag lonnú air,
    spiorad na heagna agus na tuisceana,
    spiorad na comhairle agus na cumhachta,
    spiorad an eolais agus eagla an Tiarna.
    (In eagla an Tiarna is ea tá a dhúil.)
(3)  Ní thugann sé breith de réir na cosúlachta,
    ná ní chuireann tuairim de ar scéal scéil.
(4)  Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha
    agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre.
    Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t-anduine,
    agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t-urchóideach.
(5)  Is í an chóir bréid cheangail a choime,
    agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga.
(6)  Tá an mac tíre ina chónaí leis an uan,
    an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair;
    tá an gamhain agus an coileán leoin ar marthain in éineacht
    agus gasúr óg á mbuachailleacht.
(7)  Tá an bhó agus an béar ag snaidhmeadh caradais,
    agus a gceanna beaga in aon ál le chéile;
    tá an leon ag ithe cocháin ar nós na mart.
(8)  Tá an leanbh cíche ag súgradh faoi phrochóg an chobra,
    ar phluais na nathrach leagann an naíonán a lámh.
(9)  Díth ná dochar ní dhéantar níos mó
    ar fud mo shléibhe bheannaithe go léir,
    óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiarna
    mar a líonann an fharraige leis an lán mara.
Íseaiá 11:1-9

2012-12-01

Mo Chroí san Afraic

Fuair mé an aistriúcháin seo le Carl Mac Gabhann agus Tomás Mac Siomóin ón leabharlann le déanaí. Victor Móra a scríobh i Catalóinis faoin dteideal "El meu cor es diu Àfrica".
Úrscéal dírithe ag dhéagóirí óga atá ann, scéal eachtraíochta lonnaithe san Afraic, laoch an scéil mar chuid de fhoireann eitleáin agus iad ag imeacht chun eitleáin eile a tharrtháil. Tá easpa mhór leabhair mar seo sa Ghaeilge, mar sin is fiú an aistriúcháin seo a bheith ann; go háirithe cionn is gurbh as teanga é nach mbeadh go forleathan ag déagóirí le Gaeilge (cé go bhfuil aithne agam ar bheirt acu, ach sin scéal eile!) . Is trua áfach gur shíl an foilsitheoir gurbh gá gluais i mBéarla a chuir leis an leabhar; mar fonótaí ag bun an leathanaigh agus ag cúl an leabhar. Nós a bhfuil an ghráin dearg agam air sin; déanann sé talamh slán de go bhfuil an focal i mBéarla ag an léitheoir agus gur teanga tánaisteacht dá réir an Ghaeilge! 
Tá an scéal go maith; ach measaim nach raibh ról an laoch ná an chailín ar bhuail sé léi agus a thiteann sé i ngrá léi (dar ndóigh!) sách suntasach san scéal. Ní haon Alex Rider, Percy JacksonHarry Potter é; cuireann sé fios ar chabhair dá chompánaigh ach níl ról gníomhach aige ina dhiaidh sin. Is trua sin; is maith le déagóirí feictear dom scóip a thabhairt lena samhlaíocht agus ionannú le laoch ar chomhaois leo. Locht eile a fhaigheann ar an leabhar ná go dtiteann an údar isteach i modh seanmóireachta anois is arís faoi chúrsaí an tsaoil agus lofacht na haoise seo. Níl faic cearr leis an téis; ach b'fhearr go mór é a léiriú seachas é a rá amach go teagascach.  Mar sin féin, thaitin an leabhar liom, bhí an scéal féin go maith agus inchreidte; an suíomh agus na heachtraí spéisiúil.
Agus tá leabhair do dhéagóirí tearc abhus. Is maith ann é mar sin.

Mo Chroí san Afraic
Victor Mora 1996
Foras na Gaeilge
An leagan Gaeilge 2002