04 January 2013

An rud nua an Gearrscéal, dáiríre?

Dúradh ag cúpla ócáid litríochta ar ar fhreastal mé le déanaí gurbh rud nua an Gearrscéal, chun fónadh ar na hirisí a tháinig chun cinn san 19ú agus 20ú Aois. Is dócha gur fíor an méid a dúirt Dostoevsky, gur amach ó faoi bhrat Gogol a tháinig litríocht na Rúise; a raibh ana thionchar aige ar gearrscéalta Iarthar Eorpa san ré seo. (Más buan mo chuimhne, phléigh Ó Cadhain a dtionchar ar féin).
Agus is dócha go bhfuil fírinne san méid gur chruthaigh na hirisí forim nua don scéalaíocht a spreag modh áirithe scéalaíochta.
Ach bhí gearrscéalta ann i gcónaí, ó thosaigh daoine ag aithris scéalta. Nach gearrscéalta iad fabhalscéalta Aesop, mar shampla?
Níl gar séanadh go mbíonn tionchar ag an foirm ar na scéalta; tá fírinne aithrid le mana McLuhan gurbh an meáin an teachtaireacht. Ach ní iomlán na fírinne é; agus cé go gcuireann meáin nua modhanna nua aithrise ar fáil, ní hionann sin agus a rá go mbeidh deireadh leis an sean modhanna. (Tráthúil go leor bhí sin á phlé ag Nick Carr ar a bhlag)
Mar sin, cé go bhfuil ré na n-irisleabhar ag druidim chun deireadh, agus an idirlíon ag spreagadh modhanna nua aithrise; splancfhicsean agus a leithéidí, creidim go leanfaimid, ós Pan Narrans muid, ag aithris scéalta, fada agus gearr dá chéile.

1 comment:

ormondo said...

B'fhéidir go n-eascraíonn an gearrscéal as na píosaí comhairle a thugadh duine amháin do dhuine eile nó do ghrúpa daoine agus gur thuig lucht a n-inste de réir a chéile gurbh éifeachtaí an píosa comhairle nó an míniú dá gcuirfí staróg leis chun loighic na comhairle a chruthú. Agus is é sin an fáth go mbíonn “teagasc” an ghearrscéil ag deireadh an scéil cé acu fabhalscéal le hAesop nó gearrscéal le heipeafáine ó phinn Shéamuis Seoige.

San anallód nuair a bhíodh an fhine ina suí timpeall na tine istoíche ní bhíodh an dara rogha acu ach éisteacht leis an seanchaí ag insint scéal breá fada eipiciúil. Dá mhéid agus dá shaoráidí na deiseanna siamsaíochta is amhlaidh is mó a théann siad i ngiorracht is dócha ach fanann na seanchruthanna, dar liom, fiú amháin más faoi cheilt i gcló úr a bhíonn siad. Nach cineál eipice an sobalscéal, tar éis an tsaoil?

Ach d'ainneoin splancfhicsin agus a leithéid, bíonn daoine sásta féachaint ar scannáin fhada ar nós An Hobad agus úrscéalta a léamh. Mar sin, níl achar airde an phobail imithe go hiomlán chun Diabhail.