02 January 2013

Cad is Nollaig Gaelach ann?


Tá gnáis na Nollaig (a tháinig soir le Pádraig chugainn is dócha!) ina chnámh spairne go minic. Tá íocónagrafaíocht na Nollaig ar na saolta seo - soilse, Daidí Na Nollag, fir sneachta, spideoga, réinfhianna, agus araile tuata go maith. Agus cuid mór de múnlaithe ag nósanna a seoladh anonn go Meiriceá ó thuaisceart na hEorpa agus a allmhairíodh arís, claochlaithe ag lucht gaimbín. 
Is mó tionchar Sean Shéamais Seaca(i. Дед Мороз na Rúise) ar chló an figiúr a chuir Coca Cola ar Dhaidí na NollaigNioclás Easpag Myra! (Ní dócha gur chuir siad an Pelznickel san áireamh riamh!)
Pé scéal é, faoi thionchar na péindlíthe nó pé cúis eile a bhí leis, ní dóigh liom go raibh nósmhaireacht mar atá i lár na hEorpa abhus in aon chor.
Riamh anall bhí nósanna teaghlaigh againne ón nGearmáin de bharr lucht aitheantas mo thuismitheoirí;  bhíodh fleasc Aidbhinte againn agus féilire féin déanta Aidbhinte. Tá an dá nó coitianta abhus anois, ach fiú sa Ghearmáin níl stair ró fhada ag ceachtar acu. An fleasc, mar shampla, is mar féilire a thosaigh sé amach - le coinneal do gach lá den Aidbhint (ní ionann líon na laethanta ó bhliain go bliain). Johann Hinrich Wichern, leasaitheoir sóisialta Protastúnach a mhúnlaigh san 19ú aois chun an aimsir go Nollag a léiriú do na leanaí faoina chúram.
Cheiliúr muid Lá San Nioclás, an 6ú Nollaig agus Lá na Trí Ríthe araon le bronntanais bheaga. Nós Spáinneach an ceann deiridh san.
Uair éigin tháinig mo mháthair ar nós Crann Ieise - bealach chun stair an tslánaithe agus sinsearacht Chríost a léiriú; agus ó shin i leith is mar sin a bhíonn a crann Nollag siúd maisithe.
Fearacht mórán nósanna Nollag eile, is nuachar Banríon Victoria a scaip nós na Crainn Nollag abhus agus i Oirthear SAM! Más fíor an méid atá scríofa anseo, tá fréamhacha an nóis san siar i misean Bhonifatius ar an nGearmáin.
(Rí Séamus a scaip nós an Turcaí - san ré nuair ba chinnirí faisean teaghlach Ríoga Shasana)

Tá, áfach, nós amháin atá Gaelach, dúchasach go bhfios dom - an nós a cheiliúrann Máirtín Ó Direáin ina dhán atá canta go hálainn thuas:  Coinneal a lasadh sa bhfuinneog le cuireadh a thabhairt do Mhuire agus a Mac, agus aon duine eile atá ina ghátair, an Oíche a chaitheamh sa teach.

Caithim a rá gur aoibhinn liom na nósanna ar fad; go háirithe na nósanna a bhfuil nasc láidir idir iad agus breith an Slánaitheora.

5 comments:

ancroiait said...

Tá Imbolc ar an mbealach freisin.

'Thig an nathair as an toll
Là donn Brìde,
Ged robh trì troighean dhen t-sneachd
Air leac an làir.'

Tá draíocht san aer na laethanta seo.
Bainim taitneamh as do bhlag, a Aonghuis. Maith agat agus rath Dé ort i 2013.

aonghus said...

An Bháil céanna ort.

Cá bhfuair tú an rann aoibhinn úd?

SeanO said...

Agus muid nua-thagtha go dtí an tír seo, sheoladh máthair mo chéile císte Nollag chugainn gach bliain. Mhaisíodh mo chéile an císte go díreach mar a dhéanadh a máthair féin; le bunsraith reoán de leafaos almóinní agus ansin le reoán crua bán. Lá Nollag agus muid fillte ón Aifreann, bhíodh dinnéar na Féile againn agus an císte mar mhilseog, ach ba mar chíste Lá Breithe Íosa seachas mar chíste Nollag é agus chanaimis “Lá Breithe Sona Duit…….a Íosa…..”
Le breis agus fiche bliain sa pharóiste seo againne in Connecticut, ar an gcéad deireadh seachtaine d’Aidbhint, cuirtear crann giúise os comhair altóir na Maighdine, crann a bhíonn breac le lipéid. Ar gach lipéad bíonn a leithéid seo; ‘buachaill, 8 mbliana; lámhainn baseball’ nó ‘fear, 37, 4 foléine, mór’, nó ‘páiste, 4 mhí, clúidíní (Pampers)’, nó ‘bean, blús, bánghorm, tomhas 8’. I gceann coicíse bíonn an crann lom agus an Domhnach dár gcionn feictear carn mór beartanna ag bun an chrainn. Sea, Crann Ieise a thugtar anseo, freisin, ar a leithéid.
Athbhliain faoi shláinte, faoi rath agus faoi mhaise oraibh uile.

maitiuocoimin said...

An-suimiúil, a Aonghuis.

Meastú an nósanna Gaelacha iad seo freisin:

Íosa a fhágáil ón mBeithilín go dtí Oíche Nollag

Tuí a thógáil ó Bheithilín an tséipéil?

aonghus said...

Sea, Crann Ieise a thugtar anseo, freisin, ar a leithéid.

Bíonn feachtas bailithe bronntanais ag Cumann Naomh Uinseann de Pól abhus. Bíonn crann mar sin againn ag obair.

Íosa a fhágáil ón mBeithilín go dtí Oíche Nollag
N'fheadar. Tá an nós sin agam, ach sílim go bhfuil sé sách idirnáisiúnta.

Tuí a thógáil ó Bheithilín an tséipéil?
N'fheadar! Níor chuala faoi áiteanna eile, ach tharlódh gurbh ea.