Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-04-28

Branar ó bhranair!

Táim fiosrach le fada faoin gcomhlacht drámaíochta Branar, ach go dtí seo níor éirigh liom freastal ar aon taibhe dá gcuid. Bhí áthas orm mar sin deis a fháil freastal ar a leagan siúd de Chlann Lir  a bhí ar siúl san Ark an Satharn seo chaite.
(Faraor bhí mé múchta le slaghdán ar an lá, ach mar sin féin chuaigh mé ann le'm iníon)
Athinsint spéisiúil a bhí ann - gan ach beirt mar chúram ar Lir seachas ceathrar - agus casadh bainte as eireball an scéil. Deireadh sona curtha leis, an geis réabtha.  Bhí beirt taibheoirí ar an stáitse ag insint an scéil, ag baint feidhm as léiriú le scáthphuipéid agus le gnáth puipéid agus le dearadh simplí stáitse - péire dréimire agus clár eatarthu a bhí scaití ina chaisleáin do Lir, scaití ina raon sléibhte.
Bhí an scéalaíocht draíochtach ar fad, le ceol cumtha ag léiriú an scéil agus ag tacú leis na bhfocal san insint. Bhí na puipéid gleoite - ach shíl mé féin iad a bheith rud beag ró bheag.
Thug an athinsint croí an scéil slán - grá Lir agus éad Aoife - grá na leanaí dá chéile agus dá athair - agus an caoi go sáraíonn grá geis.
Tá blaiseadh den taibhe ar fáil ag an nasc thuas. Mholfainn Branar cinnte, agus beidh súil in airde agam do dheiseanna eile freastal ar a gcuid léirithe.