13 April 2013

Imbolc 2013: Gnó agus Gnaoi

D'iarr Tomás Mac Gearailt an deis cainte díreach tar éis lóin - theastaigh uaidh fáil amach an raibh sé in ann ag an dúshlán muid a choinneáil inár ndúiseacht! Bhí, leoga!
Cé nach í an Ghaeilge ábhar Imboilc, is deacair gan labhairt uirthi nuair atá  sí fite fuaite i mbréidín do shaol agus d'fhéiniúlachta.
Is amhlaidh do Thomás, a rugadh sa Ghaeltacht in Iarthar Duibhneach. Fuair sé taithí luath áfach ar cailleadh teangain nuair a chaith sé tréimhse fada agus é sách óg le gaolta faoin dtír. Nuair a d'fhill sé, ní raibh ar a chumas na seandaoine a thuiscint. Bhí sé diongbháilte áfach nach dtarlódh a leithéid arís dó.
Ach bhí an bád bán i ndán dó, mar a bhí do cuid mór de mhuintir na Gaeltachta; agus chuala sé an drochmheas a bhí ar a lán dá mhacasamhail ar a dteanga dúchais. Bhí a mhalairt de thaithí freisin aige: nuair a  iarradh air rang Gaeilge a mhúineadh i  San Francisco, tháinig nócha duine chuig an rang ainneoin nach raibh slí sna seomra ach do tríocha - agus b'shin gan aon  mór fhógraíocht.
I rith an ama bhí sé ag plé leis an bpost lae - oiliúint teicneolaíochta. Tharla eachtra dó uair a bhí cinniúnach - bhí ball dá fhoireann ag obair in Ontario. Chuir sí glaoch air cionn is nach raibh an córas ag obair - agus bhí sí meáite nárbh acu siúd a bhí an fhadhb. D'fhéach sé amach an fhuinneog agsu chonaic go raibh stoirm tintrí ann - i San José.
Thuig sé ansin nach raibh aon chúis go mbeadh an gnó lonnaithe in áit ar leith ar dhromchla na cruinne, agus bheartaigh filleadh ar Éirinn.  Bhunaigh sé Bárd na nGleann, a bhíonn ag plé le scríbhneoireacht teicniúil. Tá an comhlacht lonnaithe i mBéal Átha'n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhuscraí.
Mar thoradh ar an gcomhlacht a bheith lonnaithe ansin tá forbairt tagtha ar an gcóras aibhléise agus leathanbhanda, rud a chuaigh chun sochair don bpobal i gcoitinne.
Tugann an gnó sin deis do Thomás díriú freisin ar nithe eile, ina measc an seirbhís foghlama Gaeltalk, agus dar ndóigh Litríocht.
A thaithí ag múineadh Gaeilge a spreag an dá fiontar seo - an éileamh thall ar Ghaeilge agus na deacrachtaí teacht ar leabhair.
Tá scéal bunú Litríocht spéisiúil agus cuireann sé cantal orm nuair a chloisim é. Chomh drogallach agus a bhí Bord na Gaeilge agus Áis nuair a chuaigh sé chomh fada leo; iad den tuairim nach d'fhéadfaí na leabhair a dhíol mar gurbh beag fiúntas a bhí leo. B'éigean do Thomás féin dul agus na leabahir a roghnú le cabhair ó ghaolta leis ón stóras i Sráid na bhFíníní! (Agus seo an dream atá ag in ainm is a bheith ag spreagadh daoine le leabhair a cheannach - is eagal liom, ainneoin an rath atá ar Litríocht - gur beag feabhas atá tagtha ar chúrsaí ó shin)

Tá roinnt ríomhleabhair curtha ar fáil aige trí Cló Litríocht - ach an ndóigh is gá don bun ghnó a bheith ag déanamh brabach sásúil chun gur féidir díriú ar thograí eile mar seo. Bhí plé éigin ann ag deireadh a chainte ar na sean leabhair a chuir thart arís le cabhair ó OCR agus rLeabhair. Ba mhaith sin!

No comments: