06 April 2013

Imbolc 2013: Ola Dhéanach

Pictiúr (c) Sinéad Corish
I measc na cainteoirí spreagúla ag Imbolc i mbliana bhí Trevor Sargent - polaiteoir de chuid an Chomhaontais Ghlas.
Rinne sé cuir síos ar, mar a déarfá, a chré pholaitiúil (cé go ndúirt sé freisin go raibh creideamh i nDia aige) : go bhfuil andúil san ola ag cur as don gcine daonna, go háirithe san Iarthar, agus gur mithid dúinn muid féin a scoitheadh ón andúil sin. Bhain sé feidhm éifeachtach as an seomra chun aois an domhain agus an réimse ama a thóg sé breoslaí iontaise a chruthú a léiriú - le fógraí sna cúinní ar leith. 
D'fhoghlaim mé go bhfuil muid spléach ar ola agus gás ní hamháin do fuinneamh agus taisteal  agus freisin go bhfuil an talmhaíocht ag braith go mór air - de bharr modh Haber chun nítrigin a cheapadh chun leasú a chuir ar fáil.
D'inis sé an scéal faoin trioblóid a tharraing sé ar féin nuair a mhaígh sé gurbh an glúin reatha an ghlúin is lú úsáide fós - ach is deacair easaontú leis. Táimid uilig domhain ina ár saineolaíochtaí féin agus spléach chun hiomlán ar dhaoine eile do na nithe is simplí inár saoil!
Is mithid, dar leis, díriú ar shaol níos simplí (rud atá á dhéanamh aige fhéin ina gharraí cistine) - chuige sin áfach is gá dúinn na scileanna a bhí ag ár sinsir a fhoghlaim arís chun bheith níos neamhspleáiche.
Tagaim le cuid mhór dá anailís - ach ní aontaím go hiomlán gur gá ná gur cheart dúinn buntáistí an deighilt oibre a fhágáil inár ndiaidh.Ar scáth a chéile, tar éis an tsaoil, a mhaireann an daoine.
Ach is cinnte gur gá dúinn feidhm níos éifeachtaí a bhaint as acmhainní na cruinne agus an cur amú atá ann san Iarthar faoi láthair a stop. Go háirithe agus na tíortha BRICI ag brú chun cinn; agus a meán aicme siúd ag iarraidh sodar in ndiaidh uaisle, dar leo, an Iarthair!

6 comments:

April McCabe said...

Chuala muid an teoiric aiféiseach seo cheana. Dúirt lucht na heite chlé go bhfeicfeadh muid deireadh lenár gcuid ola teoranta in 1880, agus thar éis na Cogaí Domhanda freisin. Agus tá Hubbart chomh mícheart leosan.. Tá á chuid teoiricí agus tuairimí debunkáilte cheana féin ag an réaltacht.

Dá mbeadh an ceart ag na doomsayers ariamh agus iad ag bagairt an doom orainn gach aon uile cupla bliain, ní bheadh muid in ann caint faoi mar nach mbeadh muid ann.

Níl sibh ach butthurt fós faoin Industrial Rev agus an teicneolaíocht a thagann as an tsaoirse agus as free-market capitalism, go hairithe thar éis an teip epic ar an Sóisialachas. Tuigim 'bhur gcás.

Go hairithe mar gur geallaim dhaoibhse gur maith le 'bhur mná féin cuid is mó di.

An gceapann tú gur chuir Trevor an cheist ar a bhean faoin bpleain seo chun dul ar ais de scíleanna na seanaimsire atá aige?

aonghus said...

April a chara
tá an oiread míthuiscintí agus claontuiscintí san ghiota sin uait nasc eol dom cá háit le tosú á fhreagairt.


Maidir leis an Sóisialachas - níor chuir a theip lá buartha orm. Rugadh agus tógadh mó bhean faoin gCumannachas agus táim breá sásta gur theip ar an gcóras mí dhaonna sin.

Táim beo ar an dteicneolaíocht, mar sin is seafóid a bheadh ann bheith ina choinne.

Cúrsaí bia a bhí i gceist ag Trevor agus shilfeá más liobraíoch tú go dtuigfeá an tábhachtach le iarracht a dhéanamh neamhthuilleamaíocht a mhéadú sna réimse sin!

Nílim ag iarraidh fáil réidh le miasniteoir ná inneall níocháin ná aon rud mar é - ach ag lorg leaganacha feabhsaithe a thugann níos mó dúinn le níos lú breosla agus uisce.

Mar an gcéanna maidir le cúrsaí iompair agus téamh tithe.

Agus go bhfios dom, bíonn a bhean gualainn ar ghualainn le Trevor ina chuid saothair!

April McCabe said...

Bhí mé ag caint faoin 'ola déanach' amháin, ar ndóigh. : )

Ar léigh tú mórán faoi, a Aonghuis? Tá an ghluaiseacht ghlas thar a bheith Red, agus í bunús an méid a dúirt mé.

aonghus said...

Imeartas focal a bhí i gceist leis an teideal. Féach anseo

Tuigim go maith go n-aimsítear foinsí nua ola, agus bealaí nua chun é a aimsiú an t-am ar fad - go háirithe nuair a ardaíonn an praghas. Fós féin, is breosla iontaise atá i gceist - na mílte bliain chun é a chruthú, imithe i nóiméad. Mar sin, níl sé ach stuama beartú conas an úsáid is fearr a bhaint as.

Maidir leis an Gluaiseacht Ghlas a bheith Dearg; tá sé fíor go mbíonn an Gluaiseacht Ghlas ag iarraidh feidhm a bhaint as Rialtas láidir - glacaim leis gurbh sin atá i gceist agat?

Ní liobraíoch mé, mar sin feicim ról áirithe don Rialtas - mar shampla shíl mé gurbh gníomh stuama an cáin ar mhalaí plaisteacha abhus. Ní oibríonn an saor mhargadh nuair is féidir na fíor chostais a bhaineann le earra a sheachaint agus na hiarmhairtí a fhágáil faoi daoine eile.

Tá ról ann don fiontraí agus don stáit i gcur chun cinn an chine; agus beidh muid i gcónaí ag lorg an líne cheart eatarthu.

April McCabe said...

Creideann Libertarians gurb é an ról ceart don rialtas ná daoine a chosaint ó ionsaí ar a gcuid ceartanna nadurtha agus ó fhóréigean agus ó chalaois a dhéanadh coirpigh agus caimiléirí agus ionróirí. Tá rialtas uainn chun breitheamh a dhéanamh i dtaobh conarthaí briste.

Ach ag an am céanna, tuigeann muid nach bhfuil i rialtas ach fórsa ionsaitheach. Fórsa armtha cumhachtach é, agus níl coirpeach ná camiléir aonarach ar bith ann atá in ann ár gcuid ceartanna a bhaint dínn agus an fhulaingt agus an bás a chruthú gan rialtais larnaithe laidir.

Creideann muid ba cheart dúinn an rialtas a choinneáil dílarnaithe agus teoranta mar go bhfuil sé níos dainséaraí ná malaí plaisteacha.

Agus maidir leis an nGluaiseacht Ghlas, a Aonghuis, níl siad ag iarraidh feidhm a bhaint as rialtas laidir..is sóisialaigh de chineálacha éagsúla iad atá ag iarraidh rialtas larnaithe a chrúthú agus a laidriú mar go gcreideann siad go bhfuil ceartanna daoine eile iná mbealach.

Agus tá an ceart acu. Ní feidir rialtas na heite chlé a bhunú agus á gcuid ceartanna ag 'chuile dhuine fós.

Mar go bhfuil an dul chun cinn is fearr déanta ag daoine saora faoi rialtas na heite deise agus faoin margaí saora agus faoin gcaipitleachas, níl aon chúis ann le daoine cneasta a bheith ag iarraidh rialtas na heite chlé. Ní dhéanann siad a leithéid seachas nuair atá siad scanraithe roimh fhadhb a chreideann siad atá ag teacht as ceartanna diultacha dhaoine eile cosúil le hola dhéanach(peak oil) nó lw téamh domhanda/fuarú domhanda/athrú aeráide nó leis an bpoll san ozone ....nó le gunnaí nó leis an mbochtanas.

Agus oibríonn sé go maith. Mar a deirtear, tá an bhréag leath bealaigh thart an domhan roimh á buataisí ar an bhfírinne fiú.

Aríst, tá 'ola dhéanach/peak oil' debunkáilte...agus mura mbeadh, cén fáth a mbeadh sé stuama dúinn cinneadh a dhéanamh ar son 'collective' nach bhfuil ann i dtaobh ola gur leis an duine nó leis an gcomhlacht a bhain an ola chéana ar an gcéad dul síos? (Tá an ola amháin atá agat, sí an ola atá ceannaithe agat.) Agus cé a dhéanfaidh an cinneadh ar son 'chuile dhuine, a Aonghuis? An Stát? Agus cén Stát? Agus má tá tú ag iarraidh orainn cead a thabhairt don stát ár gcuid fadhbanna a réiteach, ba cheart dhuit sampla a thabhairt dúinn den éifeachtacht a bhí ag rialtas ar bith i dtaobh faidhbe ar bith.(Adh mór leis sin. Breathnaigh tharat féin ag an bpraiseach atá déanta ag bhur rialtas agus iad ag iarraidh fadhbanna a réiteach. )

Chomh maith leis sin, níl aon acmhainn ar bith ag an domhan. Má bhíonn rud éigean bainte nó cruthaithe nó ceannaithe ag duine, is leis an duine sin é..ní thusa ná mise. Cén acmhainn a chreideann tú an bhfuil 'ag an domhan'? Cén mhaith duit rud nach raibh bainte nó cruthaithe nó ceannaithe ariamh? Cén mhaith duit dhuit ola sa talamh?

aonghus said...

Tá dealramh áirithe leis an teoiric liobraíoch; ach sílim gur aisling chomh baoth agus baolach é le haisling na gCumannach.

Éilíonn sé an fhreagracht, stuaim agus fad radharc ceanna ó chách.

Ach is ladrann ladrann, cuma an culaith an Comissar Cumannach atá air nó culaith an fheidhmeannaigh mór chomhlachta.

Níl bheidh Parthas abhus; beith comhghéilleadh agus athnuachan de dhíth i gcónaí.

Ach agóid idir chearta duine agus duine.

Ní ceart nádúrtha lámh láidir agus saint.

Ach táimid ag dul thart i gciorcal, sílim. Fágfaidh muid mar sin é.