Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-06-22

Inis Mac Neasáin

Radharc ar an Inis agus muid ag imeacht uaidh
An turas ann
Thug na Cnocadóirí cuairt aréir ar Inis Mac Neasáin (Ireland's Eye as Béarla. Inis Eria  - nó Erin dar le foinsí eile - agus "eye" ó eyot, inis na Lochlainnise. Tá níos mó eolais ar fáil ag an nasc thuas). Tá comhlacht a thugann daoine amach ar bhád ó Chuan Bhinn Éadair.
Bhí scata againn ann dá réir a chuaigh amach tar éis na hoibre aréir. 
Is fada mé ag fanacht ar dheis dul ann - ar chúis éigin níor éirigh liom go dtí seo. Ó bhí mé an óg tá amhrán a scríobh Brian Ó Baoill sa Bhealach Rúnda i cúl mo chinn.
Oiléan Mac Neasáin
Oileán clochach,
Rua, glas;
Liath ar na
hArda

Séipéal beag
In aice trá,
Túr mór
Ar garda

Fadó, fadó,
Bhí manach ann
Mac Neasáin
A ainm.

Níl anois
Ach clocha ann,
Raithneach agus
Feamainn
(éist leis anseo).
Níl siad luaite san amhrán, ach b'iad na faoileáin is suntasaí ar an oileáin. Séasúr goir atá ann agus bhí siad glórach ag iarraidh muid a choinneáil amach ó na huibheacha - agus na scalltáin. Ní cuimhin liom óg an fhaoileáin a fheiceáil riamh roimhe - éin bheaga le clúmh liath ag bhí ag rith go faicheallach ar an trá. Bhí muid féin cúramach gan cur isteach ró mhór orthu. Shúil muid fán trá ar feadh scaitheamh agus ansin thug mé féin aghaidh ar lár an oileáin áit a bhfuil an chill. (Is beag nach ndeachaigh mé i bhfostú sna driseacha agus an raithneach ard - theip orm cosán a aimsiú go dtí go raibh mé beagnach ann)
Nuair a d'fhill an bád chun muid a thabhairt ar ais thug sé leathbhealach timpeall an oileáin muid agus bhí deis againn féachaint ar na héin mara eile  - bhí gainéid agus cailleacha mara fairsing. Chnoic muid freisin roinnt mhaith puifíní - éan eile nach raibh feicthe beo agam cheana.
Turas thaitneamhach a bhí ann  - agus saor go maith, €10 an duine. (€15 an praghas don duine aonair, fuair muid ráta grúpa). Bheadh fonn orm filleadh - cé go bhfuil siad rud beag deacair dul i dtír, céimeanna ar na clocha. 


An Chill ón doras

Ag dul ar bord
An Stuaic
 
An Chill